An t-Earrach tagtha agus tús nua

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

ANOIS teacht an earraigh mar a deir dán de chuid Ó Raifteirí! Lá Fhéile Bríde agus Imbolc sona daoibh uilig a chairde. Tá súil agam go raibh seans agat iad a cheiliúradh agus bhí mé breá sásta i mbliana a fheiceáil go raibh níos mó béim i ndiaidh tagtha ar ceiliúradh Lá Féile Bríde anseo in Albain. De gnáth bíonn an béim ar Lá Fhéile Pádraig ach thug mé faoi dheara i mbliana go raibh iarracht déanta an spotsolas a chur ar ár ndara naomh, mar shampla shocraigh Consalacht na hÉireann ócáid speisialta i Leabharlann na mBan i nGlaschú agus, dár ndóighe, bhí ceiliúradh mhór ar na sean-tradisiúin a mbaineann leis an lá ag Céilí Oíche Bríde de chuid Conradh na Gaeilge Glaschú. Mar tradisiún ba cheiliúradh é an sean-fhéile Imbolc ar tús an Earrach—ceann de na

ceithre fhéile móra a bhí ag na Gaeil fadó—agus nuair a tháinig an Chríostaíocht d’athraigh siad sin go Lá Fhéile Bríde mar atá againn anois. Cíbe ainm atá air is é an t-am seo don bhliain a bhíonn na laethanta ag iarraidh giota beag níos faide agus a bhíonn faoiseamh ag teacht orainn gur mhair muid an geimhreadh agus go bhfuil muid réidh le túis úra.

Ag caint faoi túis nua tá ceann tagtha—tá súil againn uilig—sna sé chontae i ndiaidh an comhaontú a rinne siad chun Tionól Thuaisceart Éireann i gCnoc an Anfa a atosú faoi dheireadh i ndiaidh trí bliana.

Ba cnámh spairne mór i an Ghaeilge le linn na hidirbheartaíochta maidir leis an gcomhaontú seo. Bhí an DUP go hiomlán i gcoinne Acht na Gaeilge a thabharfaí aitheantas don Ghaeilge agus cearta do phobal Gaeilge na Sé Chontae. Scríobh mé cheana féin ar an ábhar seo sna leathanaigh seo go minic le trí bliana agus níos mó anuas—bhí siad i gcoinne an rud chun a bheith i gcoinne é i mo bharúilse. Mar sin, cad é mar a tháinig an dá taobh le chéile ar comhréiteach? Bhuel, mar is gnáth i gcainteanna mar seo , go háirithe sna sé chontae , is seachaint nó ‘fudge’ (mar a deirtear i mBéarla) atá ann. Thig leis an dá taobh a rá lena lucht tacaíocht go bhfuair siad an rud a bhí siad ag iarraidh—a bheag nó a mhór.

Mar shampla, ó thaobh na Gaeilge de, bhí Sinn Féin in ann a rá go bhfuair siad comhaontú chun reachtaíocht a tabhairt isteach maidir leis an Ghaeilge ach ag an am céanna bhí an DUP ábalta a rá gur stop siad le hAcht na Gaeilge neamhspleácha agus comh maith le sin go bhfuair siadsan aitheantas don Ulster-Scots.

Nílim cinnte an sórt rud páistiúil go hiomlán an mian seo atá ag an DUP i gcónaí chun an áit chun cinn a fháil ar an taobh eile an t-am ar fad nó an rud iontach é gur tháinig siad le chéile faoi dheireadh. Is dócha is é an dá rud atá i gceist ach cíbe, caithfidh muid, agus iadsan amharc, ar aghaidh—mar sin, cad é mar a oibreoidh an comhaontú seo ó thaobh na Gaeilge de?

Bhuel seo hiad na buaicphointí faoin cheannteideal ‘Teanga agus Traidisiún.’

  • Oifig Aitheantais agus Léirithe Cultúrtha ‘chun gach gné d’oidhreacht shaibhir chultúrtha agus teanga Thuaisceart Éireann a cheiliúradh agus tacú léi.’
  • Coimisinéir nua ‘forbairt na Gaeilge i dTuaisceart Éireann a aithint, a thacú, a chosaint agus a fheabhsú.’
  • Coimisinéir nua ‘an teanga, na healaíona agus an litríocht a bhaineann leis an traidisiún Ultaise / Briotanach Ultach a fheabhsú agus a fhorbairt.’
  • Aitheantas oifigiúil do theangacha Gaeilge agus Ultais araon i dTuaisceart Éireann.
  • Is féidir le duine ar bith a ngnó a dhéanamh i nGaeilge nó in Albainis Uladh os comhair an Tionóil nó ceann dá choistí.

Mar a dúirt an feachtas An Dream Dearg—atá ag troid ar son Acht na Gaeilge sna sé contae le blianta anois: “Léiríonn an comhaontú atá molta dul chun cinn stairiúil do phobal na Gaeilge trí chosaint dhlí dár bpobal don chéad uair riamh i stair an stáit, stát a rinne leithcheal agus cos ar bolg orainn agus a chuir coisc orainn le beagnach céad bliain anuas.” Ach ag an am ceánna ‘Titeann an reachtaíocht seo, áfach, go mór faoi spriocanna an fheachtais, agus go mór faoin mhéid a gealladh ceithre bliana déag ó shin i gcomhaontú Chill Rímhinn. Rinne muid feachtasaíocht ar son Acht neamhspleách, ceart-bhunaithe a bhí bunaithe ar thaithí na Breataine Bige agus na hÉireann. Níor chomhlíon an comhaontú seo na gealltanais sin.’ Agus mar sin beidh siad réidh go fóill le troid ar son a gcuid cearta teanga.

Tá an tOrd Oráisteach go hiomlán i gcoinne foráclacha an chomhaontú ó thaobh na Gaeilge de… agus is dócha go gciallaíonn sin go bhfuil rud maith iontu ar scór ar bith!

Tá imní orm faoi na sonraí sa chomhaontú ; Cuma air go mbeadh cumhacht ag an Chéad Aire —sin Arlene Forster—thar an Coimisinéir na Gaeilge nua agus mar sin beidh le feiceáil cad é mar a réiteoidh rudaí ach is dócha anois, ag tús an Earraigh, ba choir go bhfuil mé dearfach—faoi dheireadh thiar thall tá stádas oifigiúil tugtha don Ghaeilge den chéad uair riamh sna sé chontae! Nach iontach an rud sin!

Ag leanúint an téama dearfacha—ná déanaigí dearmad go mbeidh neart imeachtaí na Gaeilge ar siúl i rith Féile Phádraig Ghlaschú i mbliana idir ceardlanna, ranganna speisialta, Aifreann Gaeilge in Eaglais Dun Scotus ar an 8ú Márta ag a 2in agus níos mó ná sin. Bígí linn, bígí Gaelach!

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk

LEAVE A REPLY

Please enter your comment!
Please enter your name here