Litrigh sin, le do thoil…?

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

BHUEL, a chairde, cad é mar atá sibh? Le cúpla bliain anuas bhí cinneadh déanta agam an colún seo a choimeád dearfach chomh fada agus is féidir liom mar mhothaigh mé go raibh

barraíocht rudaí diúltacha le léamh faoin Ghaeilge go minic ach an mhí seo bhí scéal nach raibh mé in ann neamhaird a thabhairt ar!

Tosóidh mé le ceist: An bhfuil rud ar bith níos pearsánta ná d’ainm féin? Sílim fein nach bhfuil. Sin an fáth go gcaitheann daoine tamaill fada ag smaoineamh faoi ainmneacha a gcuid páistí. Má dhéanann duine meancóg le do’ainm an ndearfá ‘Oh, is mise Ted ach glacfaidh mé le Ned, sin ceart go leor, is cuma liom?’ Sílim nach ndearfá, ar chor ar bith agus bheadh an ceart agat. Is páirt chomh tabháchtach agus domhain sin dár bhféiniúlacht nach gá dúinn smaoineamh faoi de gnáth.

Sa chomhteacs sin bhí sé dochreidte domhsa a léamh ar na mallaibh faoi cás a thug fear i nGaillaimh, darb ainm Ciarán Ó Cofaigh, i gcoinne an HSE—an seirbhís sláinte in Éirinn— toisc go ndúirt siad leis nach raibh a gcóras bogearraí ábalta glacadh leis na sineadh fada ina ainm. Bhí Ó Cofaigh ag rá go bhris seo rialacha an AE maidir le cearta daoine a gcuid sonraí a bheith i gceart ag an rialtas—GDPR agus a leithéid ata i gceist. Bhuel thainig an Coimisinéir Data ar ais lena chineadh nach cearta absalóideach é a n-ainmneacha a bheiith a litriú go cruinn ag na hudaraisí. Nach bhfuil sin dochreidte amach is amach! An John Smith nó Jon Smythe thú? Muise, ná bí buartha faoi mar is cuma le rialtais na hÉireann de réir dealraimh.

Is fós deacair a chreidbheáil an easpa meas ar an Ghaeilge atá taobh thiar don cinneadh seo agus níos mo na sin na cinntí a bhí déanta chun coras a chur i bhfeidhm, sa chéad dul síos, nach nglacann an fada. Agus níl ceist ar bith ann ach go bhfuil an sineadh fada chomh tábhachtach sin ná litir nuair a bhíonn tú ag litiriú ainm—nó focal ar bith chun an fhírinne a rá. Déanann muid uilig meancóga, sin rud amháin ach is rud go iomlan difriúil é nuair nach mbíonn an rialtas sásta d’ainm a litiriú i gceart.

Nach mbíonn Éire mar tír i gconaí ag cur trasna an íomha mar tír nuaaimseartha agus maith ó thaobh cúrsaí teicniúla de ach nil muid in ann glacadh le síneadh fada? nach bhfuil charachtar eagsula i dteangacha eile mar shampla an umlaut i nGearmáinis nó an cedillas i bhFrancais?

An rud atá ar chúl na cinntí seo, i mo bharúil fein, ná an dearcadh go mbíonn daoine ag úsáid an Ghaeilge chun a bheith achrannach nó eiliteach nó chun chur itseach ar an duine eile nó rud mar sin. Is deacair a shamhlaigh, in amanna, cad é an reiteach leis an dearcadh seo ach silim fein go gcaithfidh daoine ag leanúint ar aghaidh leis an Ghaeilge a úsáid agus gan glacadh le cumhacht aon udarais chun i a choimeád síos. Múna dtuigeann duine an tábhachtach a bhaineann leis an síneadh fada, taispeáin an píosa seo daoibh , rud a chuir fear darb ainm Rob Mac Giollarnáth suas ar an leathanach ‘Gaeilge Amháin’ ar Facebook—leathanach a mholfainn daoibh múna bhfuil sé feicthe agaibh riamh: “Is trua an scéal ach tar éis bualadh leis an gCoimisinéir Data tá Seán tar éis éirí sean go háirid nuair a d’fhill sé abhaile agus ní raibh tráithnín féir fágtha sa gháirdín ach fear ina sheasamh ag stánadh air agus ná hábair cad a tharla nuair a chuir sé píosa den cháca milis a bhí fágtha sa chuisneoir…!”

Sin e raite níos fearr agus nío greannmhara ná a thiocfadh liomsa é a dhéanamh!!

I ndiaidh an t-abhár pianmhar sin caithfidh mé an colún a chriochnú le nuacht dearfach agus seo daoibh é: Beidh PopUp Gaeltacht rialta i nGlaschú as seo amach! Beidh sé ag tarlú i Malones Glasgow (57 Sauchiehall Lane, i lár na cathrach) ó a 7 a chlog ar an Déardoain deireanach de ghach mí. Chun a bheith cinnte, seo hiad na dataí sa mhíonna amach romhainn: 25ú Aibreán, 30u Bealtaine, 27ú Meitheamh agus 25ú Iúil. Bigí linn fa choinne an craic agus an comhrá.

Más fearr leat caife nó tae le do chuid Gaeilge —fiú go mbíonn siad le fáil i Malones fosta—thiocfadh leat teacht chuig The Glad Cafe ar Pollokshaws Road maidin Dé Sathairn an 4ú Bealtaine, idir a 11rn. agus 1in., nuair a bheidh muid ag bualadh le chéile arís fá choinne ‘Cupán agus Cúpla Focal,’ mar a bhíonn muid uair sa mhí de gnáth. Coimeád i dteagmháil le Conradh na Gaeilge Glaschú ar facebook nó twitter nó frid an seoladh r-phost a bhíonn leis an alt seo chun an t-eolas is deanai a fháil!

Agus glacann muid lena síneadh fada no fiú le daoine nach bhfuil cinn ina n-ainm, tá muid oscailte roimh chách.

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in 

cnag_glaschu@hotmail.com 

www.cnag-glaschu.co.uk

LEAVE A REPLY

Please enter your comment!
Please enter your name here