‘MOl an óige agus tiocfadh siad,’ sin a deir an seanfhocal i nGaeilge. Seanfhocal a d’úsáid mé anseo thart fán am seo anuraidh toisc go mbíonn sé ar m’intinn achan bliain agus muid ag ullmhú fá choinne Campa Samhraidh Chonradh na Gaeilge Glaschú. Thig linn an seanfhocal sin a úsáid i gcomhthéacs ar bith, is dócha, ach déarfainn go bhfuil sé ríthábhachtach nuair a táthar ag caint maidir le teanga, oidhreacht agus féiniúlacht.