Acht faoi dheireadh?

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú


BHUEL, a chairde, nach iontach na rud é go bhfuil An Irish Voice ar ais! Go n-éirí go geal leis an fhoireann mar is ais iontach tábhachtach e an nuachtán seo I saol na hÉireann in Albain, gan aon amhras. Tá súil agam go raibh samhradh iontach agaibh go dtí seo. Bhí tús an-mhaith agamsa ag obair ag an chéad Campa Samhraidh de chuid Conradh na Gaeilge Glaschú ó 2019. Bhí an craic go hiontach ag an Champa! Ar míle buíochas ag gabháil leis na páistí agus teaghlaigh uilig a ghlac páirt ann. Le ráth an Champa tá muid ag súil go mór anois lenár gCultúr Club do páistí a atosú I ndiaidh na laethanta saoire. Ag an Chultúr Club bíonn seans ag páistí foghlaim an Ghaeilge agus faoi cultúr agus oidhreacht na Éireann fríd ceol, amhráin, damhsa, cluichí, ealaín agus gníomhaí spóirt. Déan teagmháil liom chun níos mó eolais a fháil agus na caill an craic!

Dea-nuacht an tsamhraidh: bhí seans agam dul go Gaeltacht Dhún na nGall, chuig cúrsa Gaeilge ag Oideas gael I ngleann Cholm Cille, in iardheisceart na contae.

Drochnuacht an tsamhraidh: fuair mé an Covid damánta nuair a bhí mé ann—nó thosaigh sé nuair a bhí mé ann ar scór ar bith—agus mar sin , bhí orm féin-aonrú agus teach tar ais go Glaschú luath. A leithéid do shaoire! Ah bhuel, níl rud ar bith le déanamh ach a bheith ag súil go mór leis an saoire ansin an bhliain seo chugainn!

An nuacht is mó I saol na Gaeilge sa samhradh ná gur nocht Rialtas na Breataine bille Féiniúlachta agus Teanga in Westminster ag deireadh mí na Bealtaine.

I ndiaidh na blianta ag cuireadh siar reachtaíocht mar seo, reachtaíocht a gealladh ar dtús in 2006, nó chur chun cinn ar bith maidir leis an cheist tábhachtach seo, tharlaigh an céim mór chun tosú seo go tobann, de réir dealraimh. Níl a fhios agam ar comhtharlú é ach tharlaigh seo cúpla lá i ndiaidh a bhí na mílte daoine amach ar sráideanna Bhéal Feirste ag mór agóid ar son ‘Acht na Gaeilge.’

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, a bheidh sa reachtaíocht nua seo, beidh roinnt beartas ann a chuirfeadh le stádas na teanga ó thuaidh agus beidh cearta teanga nua do phobal na Gaeilge sa Tuaisceart mar chuid di. Tá súil agam nach chuirfidh pleidhcíocht reatha na Tories isteach ar gluaiseacht an reachtaíocht seo fríd an pharlaimint ach sin scéal eile.

Anois bheadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge, chomh maith leis an Ultais, agus Choimisinéirí fá choinne an dá theanga, agus bhunófaí oifig chultúir agus féiniúlachta. Is é an ról a bheadh ag an gCoimisinéir Teanga ná an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí. Dhéanfadh an coimisinéir monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus dhéanfadh sé nó sí gearáin a fhiosrú. Thabharfadh an Coimisinéir Teanga isteach córas caighdeáin sa státchóras faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir.

Fosta, chuirfeadh an reachtaíocht seo ar ceal an dlí ón deireadh an 18ú aois a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna. Céim bheag ar bhealaí áirithe ach ceann an-tábhachtach de réir siombalachas.

Tabharfaidh an bille seo cumhachtaí do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfeadh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais i reachtaíocht teanga i gcrích. Seo pointe fíor-tábhachtach mar is rud amháin an reachtaíocht a thabhairt isteach ach is céim eile í a chur i bhfeidhm—tá sin feicthe sna sé chontae le cúpla bliain anuas le reachtaíocht eile a thug an parlaimint i Westminister isteach.

Mar sin níl an aistear seo críochnaithe agus ní bheidh sé fiú nuair a bheidh an reachtaíocht seo mar dlí agus ag obair ach is céim mhór dearfach é.

Ag caint faoi céim dearfach , anois ag teacht an Fhómhair, ciallaíonn sin go mbeidh ranganna Gaeilge ag tosú arís—le Conradh na Gaeilge i Glaschú, le Comhaltas i Holytown/ Tobar na Máthar agus ag Ollscoil Dhún Éideann (tá súil agam). Beidh na gníomhaíochtaí eile ag tosú arís fosta, na ciorcal comhráite, grúpa amhránaíocht le Conradh na Gaeilge Glaschú agus eile.

Mar sin, seo an t-am chun do chéim féin dhéanamh ar aistear na gaeilge—do chéad céim ariamh nó teachta ar ais chuici i ndiaidh tamaill. Ní bheidh aiféala ort faoi. Déan teagmháil lom agus beidh mé breá sásta an t-eolas uilig a thabhairt duit. Bígí linn!

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.
celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk