Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
BHUEL, a chairde, tá muid ar ais ag an am seo den bhliain—tá Lá Fhéile Phádraig 2022 ag druidim linn. Buíochas le Dia, agus an vaicsín! beidh muid ábalta a bheith ar ais le chéile agus muid ag ceiliúradh i mbliana agus taim ar bís faoi sin agus táim ag smaoineamh go bhfuil sibhse fosta! Tá súil agam go mbeidh seans agaibh uilig ceiliúradh i mbealach éigin agus craic agus taitneamh a bhaint as. Cinnte go mbeidh neart imeachtaí eagraithe i rith na féilte i nGlaschú , Dún Éideann agus Droichead an Cóta. Anuraidh ag an am seo bhí orainn gach rud a go fíorúil, ar Zoom agus a leithéid. Tuigim nach bhfuil an Covid-19 damanta thart go hiomlán ach tá an cuma ar cúrsaí i bhfad níos dóchasaí anois ná a bhí siad fiú mí ó shín.
Tá baint agam le Féile Pádraig Ghlaschú agus mar sin tá a fhios agam go mbeidh gnéithe éagsula do chuid cultúr agus oidhreacht na Éireann le fáil sa fhéile sin. Beidh caint ar ginealas na hÉireann, oícheanta scannáin—ceann amháin faoi James Connolly i gcomhpháirtíocht le Coiste na hAlban Céad Bliain Éirí Amach 1916—imeachtaí ó Chonradh na Gaeilge Ghlaschú fá choinne Seachtain na Gaeilge (níos mó eolais ag deireadh an cholúin) agus a lán rudaí eile ar siúl i rith Féile Phádraig Ghlaschú agus tá a fhios agam go mbeidh imeachtaí ar siúl ó na coistí i nDún Éideann agus Droichead na Cóta fosta. An rud is mó na go mbeidh an Festival Family Day ar ais i Merchant Square sa Merchant City i nGlaschú, Dé Sathairn an 12ú idir 12in agus a 5in. Bhí orainn an lá sin a chur ar ceal ag an bhomaite deireanach ar ais i mí an Mhárta i 2020 agus ní thig linn fanacht anois go dtí an 12ú! Nach deas an rud sin dúinn mar phobal na Éireann in Albain, in ainneoin na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair.
Ní a fhios agam fúibh ach tá seans ceiliúradh de dhíth orm níos mó i mbliana na ariamh! Bíonn cúpla seachtain den chéad scoth againn i gcónaí ag an am seo den bhliain, agus is iontach an rud é go mbíonn an deis seo againn ár gcuid cultúr a cheiliúradh. Nílim ábalta smaoineamh ar náisiún a dhéanann an rud céanna agus caithfidh muid a bheith bródúil as sin agus gan dearmad a dhéanamh ar cé chomh luachmhar agus atá sé dúinn. B’fhéidir i mbliana, níos mó ná ariamh, tuigim muid an luach sin. Ní dhéanann muid dearmad go dtagann nós Lá Fhéile Phádraig a cheiliúradh, sna bealaí a dhéanann muid é na laethanta seo ar scór ar bith, ó eisimircigh na hÉireann. Tá a fhios agam fosta nach raibh sé chomh furasta sin ár n-oidhreacht Éireannach a cheiliúradh in Albain fiche agus níos mó bliain ó shín agus go mbíonn deacrachtaí ag daoine fós, in amanna.
Mar sin, mar a dheirim go minic anseo : Na déan dearmad nuair a bheidh Lá Fhéile Phádraig thart, go leanann imeachtaí cultúrtha ar aghaidh i measc pobal na hÉireann in Albain gach uile seachtain—ranganna Gaeilge, grúpaí agus ranganna amhránaíocht (i nGaeilge & i mBéarla) , ranganna agus seisiún cheoil , grúpaí damhsa (fá choinne an óige agus iadsan atá , ahem, giota beag níos sinne), clubanna Cumann Lúthchleas Gaeil (daoine fásta, fir agus mná, agus fá choinne páistí in iománaíocht agus peil) agus srl agus srl. Cosúil leis an méid a deirtear faoin Nollag agus na coileáin, níl d’oidhreacht Éireannach fá choinne mí an Mhárta amháin!
Is cinnte gur buille uafásach é an dianghlasadh agus an phaindéim le gach páirt don sochaí agus mar sin beidh ár dtacaíocht de dhíth ag ár n-eagraithe Éireannacha seo níos mó anois ná ariamh—b’fhéidir sin rud maith a thiocfaidh amach as an tréimhse dorcha sin, go dtuigeann muid uilig na rudaí atá againn.
Ná déanaigí dearmad fosta gurb Seachtain na Gaeilge é an chéad cúpla seachtain de mhí an Mhárta gach bliain, mar a luaigh mé thuas. Tugann Seachtain na Gaeilge seans dúinn uilig smaoineamh ar ár dteanga dúchais agus ár nasc léi agus níos mo ná sin, seans chun giota beag Gaeilge a fhoghlaim agus/nó a úsáid.
Beidh ár gcéad Pop-Up Gaeltacht sa ‘fíorshaol’ ó tús 2020 ar siúl i Malones i lár Glaschú ó a 7in Déardaoin ón 10ú Marta, bígí linn fá choinne an craic agus an comhrá, táim ag súil go mór leis! Dé Domhnaigh an 13ú beidh Aifreann Gaeilge againn i dTeach Pobal Dun Scotus sa Gorbals ag a 2in agus Dé Sathairn an 19ú beidh ceardlanna Gaeilge againn ar trí leibhéal i Halla St Columbkille’s sa Ghleann Ruadh (nó Rutherglen!) ó a 10rn. go dtí 4in.
Mar sin beidh neart le déanamh leis an Ghaeilge agus níos mo le theacht i ndiaidh an tréimhse gnóthach seo, ná bígí buartha! Bainigí sult as!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.
celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
cnag_glaschu@hotmail.com
www.cnag-glaschu.co.uk