Cluiche na nUimhreacha

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú


FOILSÍODH ar na mallaibh roinnt staitisticí ón Tuaisceart ó Dhaonáireamh a tharla ansin—agus i mBreatain—anuraidh. Seo na céad figiúirí ón daonáireamh sin ach táim cinnte gur chuala nó gur chonaic sibh na ceannlínte a tháinig uathu.

Don chéad uair ariamh, ó bunaíodh an stát sin céad bliain ó shín, tá líon na ndaoine ó chúlra Caitliceach níos mó ná an méid ó chúlra Protastúnach, 45.7% i gcomparáid le 43.5%. Cé nach ábhar iontais iad na torthaí seo toisc go raibh na déimeagrafaic ag athrú sa treo seo le roinnt blianta agus bhí a fhios ag gach duine, a bhí ag tabhairt aird ar cúrsaí ansin , go mbeadh an lá seo ag teacht ach fós féin ba nuacht mór é, ár ndóigh. Cé go raibh daoine ag súil leis an phointe seo le tamaill, mar a léigh mé in alt a bhí ag tabhairt anailíse ar na figiúirí, níor smaointigh bunaitheoirí an Tuaisceart go mbeadh an lá seo indéanta—“Is Parlaimint Protastúnach agus Stát Protastúnach muid,” mar a dúirt James Craig i 1934, Príomh-Aire sa Pharlaimint i Stormont ag an am. Tá siad uilig an ag casadh go gasta san uaigh anois, is dócha, agus tá sé deacair smaoineamh nach bhfuil sin go hiomlán tuillte dóibh!

Mar sin , níl aon dabht ach gur nuacht mór é seo don Tuaisceart ach ní ionann seo, ár ndóigh, agus móramh a bheith i bhfabhar Éire Aontaithe go fóill. Bíonn sin le feiceáil i ngach pobalbhreith faoi cheist sin déanta sa Tuaisceart ach fosta sna torthaí seo ón Daonáireamh seo; Ó thaobh na féiniúlachta náisiúnta de, dúirt 31.9% go raibh féiniúlacht Bhriotanach amháin acu, agus dúirt 29.1% go raibh féiniúlacht Éireannach amháin acu agus 19.8% gur Tuaisceart Éireannach amháin iad. I gcomparáid leis an daonáireamh roimhe seo in 2011, tá laghdú tagtha ar chomhréir na ndaoine a bhfuil féiniúlacht Briotanach amháin acu. Fosta dúirt 8% de dhaoine gur Briotanaigh agus Tuaisceart Éireannaigh iad—sin suas ó 6.2% in 2011. Mar sin déarfainn nach bhfuil an phictiúr soiléir ach, arís, ag dul i dtreo amháin.

An bhfuil an ceart ag Sinn Féin ag éileamh ón rialtas na hÉireann tús a chur le Tionól na Saoránach anois ag ullmhú fá choinne reifrinn faoi Éire Aontaithe. Nílim cinnte go bhfuil an ceart acu nó b’fhéidir níos fearr a rá nach bhfuil sé tráthúil faoi láthair.

Is dócha go gcaithfidh siad, mar gheall ar fáthanna polaitiúla, seo a rá ach nílim cinnte go gcreideann siad fiú gurb é seo an t-am ceart fá choinne an céim sin nuair nach bhfuil an Tionól ag obair ó thuaidh agus an ‘t-aighneas’ faoin Phrótacal fós ann. Bheinn ag smaoineamh go mbeidh cúrsaí níos fearr agus níos soiléire, ó thaobh an cheist ollmhór seo, I ndiaidh an chéad toghchán eile ó thuaidh—agus tá súil agam go mbeidh!

Tuigim nach mbeidh a lán daoine ag léamh seo ag aontú liom faoi sin áfach agus tuigim go bhfuil sé i bhfad fusa domhsa , mar dhuine ón Deisceart a bheith foighneach faoin cheist seo. Chifidh muid is dócha, amanna suimiúla atá ann ar scór ar bith, níl aon dabht faoi ach cén uair nach raibh cúrsaí mar sin ó thuaidh!

Ní thig liom an caint seo faoi Chaitlicigh agus Protastúnaigh a fhágáil gan luaigh figiúr eile iontach suimiuil a bhaineann le reiligiún a tháinig amach ón Daonáireamh seo, figiúr nach raibh an méid sin caint air ar chor ar bith—níl aon chreideamh ag 17.4% den phobal ó thuaidh, ardú ó 10.1%, an méid ag am an daonáireamh deireanach ar ais i 2011. Figiúr eile nach bhfuil ach ag dul i dtreo amháin, b’fhéidir?

Ag fanacht le torthaí an Daonáireamh, ina measc na figiúirí foilsithe bhí cinn a thug léargas ar chumas teanga an phobail ó thuaidh—uimhreacha eile iontach suimiúil, déarfainn. De réir na bhfigiúirí, deir 228,617 duine—is ionann sin agus 12.4% den daonra—i dTuaisceart Éireann go bhfuil cumas éigin acu sa Ghaeilge acu, bíodh sin í a thuiscint, a labhairt, a léamh nó a scríobh. Sin ardú 16% ar líon na ndaoine le Gaeilge sa Tuaisceart i gcomparáid leis an daonáireamh i 2011, 184,898 ag an am sin . Ní bheag an ardú sin agus rud an-mhaith a fheiceáil. Figiúr atá ag dul i dtreo amháin agus, caithfidh mé a rá, sa treo ceart. Thiocfadh le gach Éireannach misneach agus inspioráid a fháil, ón thaobh na Gaeilge, ón phobal sin tá Tuaisceart. Cíbe parlaimint nó rialtas a bheidh ann, is rud dearfach an gluaiseacht seo.

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk