Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
BHUEL, a chairde, tá muid ar ais ag an am seo den bhliain—tá Lá Fhéile Phádraig 2021 ag druidim linn. Tá súil agam go mbeidh seans agaibh uilig é a cheiliúradh i mbealach éigin agus craic agus taitneamh a bhaint as. Cinnte go mbíonn neart imeachtaí eagraithe i rith na féilte i nGlaschú, Dún Éideann agus Droichead an Cóta ag an am seo den bhliain de ghnáth ach dár ndóighe, cosúil le gach páirt den saol, beidh rudaí difriúla i mbliana. Sin ráite beidh imeachtaí ar siúl—fíorúil—agus mar sin beidh seans againn fós ár gcultúr agus oidhreacht a cheiliúradh.
Tá baint agam le Feile Pádraig Ghlaschú agus mar sin tá a fhios agam go mbeidh gnéithe éagsula do chuid cultúr agus oidhreacht na Éireann le fáil sa fhéile sin. Beidh tráth na gceist, leachtaí stairiúil —i gcomhpháirtíocht le Coiste na hAlban Céad Bliain Éirí Amach 1916, cois tine ó Chonradh na Gaeilge Ghlaschú, Lá Gaeilge le ceardlanna sa teanga agus a lán rudaí eile ar siúl i rith Féile Phádraig Ghlaschú agus táim cinnte go mbeidh imeachtaí ar siúl ó na coistí i nDún Éideann agus Droichead na Cóta.
Nach deas an rud sin dúinn mar phobal na Éireann in Albain, in ainneoin na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair.
Ní a fhios agam fúibh ach tá seans ceiliúradh de dhíth orm níos mó i mbliana na ariamh! Bíonn cúpla seachtain den chéad scoth againn i gcónaí ag an am seo den bhliain, agus is iontach an rud é go mbíonn an deis seo againn ár gcuid cultúr a cheiliúradh. Nílim ábalta smaoineamh ar náisiún a dhéanann an rud céanna agus caithfidh muid a bheith bródúil as sin agus gan dearmad a dhéanamh ar cé chomh luachmhar agus atá sé dúinn. B’fhéidir i mbliana, níos mó ná ariamh, tuigim muid an luach sin.
Ní dhéanann muid dearmad go dtagann nós Lá Fhéile Phádraig a cheiliúradh, sna bealaí a dhéanann muid é na laethanta seo ar scór ar bith, ó eisimircigh na hÉireann. Tá a fhios agam fosta nach raibh sé chomh furasta sin ár n-oidhreacht Éireannach a cheiliúradh in Albain fiche agus níos mó bliain ó shín agus go mbíonn deacrachtaí ag daoine fós, in amanna.
Mar sin, mar a dheirim go minic anseo: Na déan dearmad nuair a bheidh Lá Fhéile Phádraig thart, go leanann imeachtaí cultúrtha ar aghaidh i measc pobal na hÉireann in Albain gach uile seachtain—ranganna Gaeilge, grúpaí agus ranganna amhránaíocht (i nGaeilge & i mBéarla), ranganna agus seisiún cheoil , grúpaí damhsa (fá choinne an óige agus iadsan atá, ahem, giota beag níos sinne!), clubanna Cumann Lúthchleas Gaeil (daoine fásta-fir agus mná-agus fá choinne páistí in iománaíocht agus peil) agus srl agus srl. Cosúil leis an méid a deirtear faoin Nollag agus na coileáin—níl d’oidhreacht Éireannach fá choinne mí an Mhárta amháin!
Is cinnte go buille uafásach é an dianghlasadh le gach páirt don sócaí agus mar sin beidh ár dtacaíocht de dhíth ag ár n-eagraithe Éireannacha seo níos mó anois ná ariamh—b’fhéidir sin rud maith a thiocfaidh amach as na laethanta dorcha seo, go dtuigeann muid uilig na rudaí atá againn.
Tá áthas orm go mbeidh Cultúr Club de chuid Conradh na Gaeilge ar siúl arís fosta. Beidh sé ar ais mar seisiúin fíorúil ar dtús, dár ndóighe. Tugann an club seo seans do phaistí, idir a ceathair agus a dó dhéag, foghlaim faoi chultúr na hÉireann, ár dteanga agus ár bpríomhfheilte mar shampla, Lá Fhéile Phádraig. Beidh an Cultúr Club ar arís gach Dé Domhnaigh ón 7ú Márta. Déan teagmháil liom, sonraí thíos, chun níos mó eolais a fháil faoi.
Ná déanaigí dearmad fosta gurb Seachtain na Gaeilge é an chéad cúpla seachtain de mhí an Mhárta gach bliain. Tá Imelda May ceann de na hambasadóirí de chuid SnaG i mbliana. Tugann Seachtain na Gaeilge seans dúinn uilig smaoineamh ar ár dteanga dúchais agus ár nasc léi. Mar sin glac an seans anois chun giota beag Gaeilge a fhoghlaim agus/nó a úsáid. Gabh agus íoslódáil Duolingo anois ar do ghuthán phóca agus bain triail as a bheith ag amharc ar TG4. Ní bheidh aiféala ar bith ort, táim cinnte faoi sin.
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in