Colmcille agus Tacaíocht Thar Lear

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

CAITHFIDH mé tosú ag gabháil mo leithscéal daoibh, a chairde. Mí an Mhéan Fhómhair atá ann agus ní dúirt mé mórán anseo go fóill faoi Bhliain Cholmcille—nó Colmcille 1500, an t-ainm oifigiúil atá ar an chomóradh.

Comóradh is ea Colmcille 1500 ar Naomh Cholmcille, 1500 bliain ó rugadh é. Is é an 7ú Nollaig breithlá Cholmcille sa tseanchas, agus cuireadh tús oifigiúil ar an chomóradh ar an 7ú Nollaig 2020 le himeachtaí i nDún na nGall, i nDoire agus áiteanna eile in Éirinn agus in Albain, cuid mhaith acu nach raibh ach ar líne faraor mar gheall ar Covid-19.

Is é príomhaidhm Colmcille 1500 ná deiseanna a chruthú le heolas a chur ar oidhreacht Cholmcille, agus le tógáil ar an chaidreamh ar chuir sé tús leis in Gaeilge na hÉireann na hAlban—agus in Oileán Mhanann chomh maith. Comhartha láidir don naisc idir Éire agus Albain is ea Colmcille, go háirithe na naisc iontacha idir Gaeil na dtíortha.

Bhí Colmcille 1500 chun dul ar aghaidh go dtí an 7ú Nollag i mbliana ach toisc gur chuir Covid isteach ar na himeachtaí chomh mór sin beidh rudaí ag leanúint ar aghaidh i 2022 fosta. Is dócha sin an fáth nach raibh mé ag caint faoi anseo go minic roimhe seo.

Mar ní raibh mórán ag tarlú ach bhí ceolchoirm iontach againn, ‘Gaels le Cheile ag Ceol is Craic,’ sa CCA i lár na míosa leis an t-amhránaí iontach Grainne Holland, ó Bhéal Feirste, Marit agus Rona—beirt a meascadh ceol i nGaidhlig agus ceol Lochlannach agus níos mó. Agus The Paddy Callaghan Trio fosta. Is dócha go bhfuil aithne agaibh ar Paddy mar sar-cheoltóir ó chraobh Irish Minstrels de chuid Comhaltas i nGlaschú.

Bhí sé chomh deas na ceoltóirí iontacha seo a chloisteáil beo arís. Chun an fhírinne a rá, bhí sé go hiontach a bheith ag ceolchoirm beo ar bith! Go háirithe ag deireadh na ceolchoirme nuair a sheinn siad uilig le chéile ar an ardán. Bhí sé chomh speisialta sin, bhí sé mothúchánach, níl náire orm a rá.

Tá Covid-19 damánta fós ag cur isteach ar ár bpleananna fá choinne a lán imeachtaí eile sa sraith seo roimh deireadh na bliana ach beidh tráthnóna le leachtanna acadúla faoi Cholcille, i nGaeilge agus i nGaidhlig, Dé Sathairn 2ú Deireadh Fómhair, le Comunn Gaidhlig Glaschu—déan teagmháil liom fá choinne níos mó eolais—agus coimeád súil amach fa choinne níos mó imeachtaí in Albain fá choinne Colmcille 1500 i 2021 agus 2022!

Maidir le hábhar eile, tosaigh an fheachtas ‘Tacaíocht Thar Lear’ seachtain nó dhó ar ais le cruinniú ar líne ar Zoom. Tháinig grúpaí agus daoine le Gaeilge ar fud na Breataine le chéile ag an chruinniú sin, Conradh na Gaeilge Glaschú ina measc, chomh maith le daoine óna heagraíochtaí móra Gaeilge in Éirinn.

Silim gur luaigh mé an fheachtas seo anseo cheana féin ach ar eagla na heagla nár luaigh, is feachtas í seo chun tacaíochta thaispeáint agus a láidriú i mBreataine fá choinne Acht na Gaeilge sa Tuaisceart.

Scríobh mé anseo go minic faoin comhrac fhada sa Tuaisceart chun reachtaíocht a chur i bhfeidhm a thabharfaí aitheantas oifigiúil don Ghaeilge agus cearta bunúsach do Ghaeilgeoirí na Sé Chontae, faoi dheireadh. De réir an t-aontú a atosaigh Stormont níos luaithe i mbliana muna thugann an Tíonal an reachtaíocht seo isteach roimh deireadh na míosa seo go dtabharfaidh an pharlaimint i Westminister an reachtaíocht isteach ina háit.

Mar sin, tá an fheachtas ‘Tacaíocht Thar Lear’ ag éirí teagmháil a dhéanamh le gach MP sa pharlaimint chun eolas faoin reachtaíocht seo agus stádas na Gaeilge sa Tuaisceart agus i Breatain í féin a tahabhairt dóibh agus a gcuid tacaíocht fá choinne an reachtaíocht a fháil.

Beidh imeachtaí sa pharlaimint ach níos tábhachtaí ná sin ta seans againn uilig páirt a ghlacadh san fheachtas. Déan teagmháil le do MP, tá litir teimpléad againn chun chuidiú leat le sin, agus mínigh dóibh cé chomh tábhachtach agus ata an reachtaíocht seo duitse agus do phobail na hÉireann i mBreatain. Fosta scaip an scéal ar na meáin shóisialta leis an haischlib #TacaíochtTharLear. Tá cumhacht againn a chairde, bainigí úsáid as Tá ár gcuidiú de dhíth ag pobail na Gaeilge sa Tuaisceart! Déan teagmháil liom chun a níos mó eolais—agus an litir teimpléad—a fháil.

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk