Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
BHUEL, a chairde, níl aon dabht ach go bhfuil na hoícheanta fhada ag druidim linn anois agus beidh an geimhreadh ceart linn roimh i bhfad, tá brón orm a rá. Ach tá cúis ceiliúradh ag druidim linn fosta, am den bhliain atá beagnach chomh tábhachtach agus chomh spraoiúil mar an Nollaig fá choinne roinnt daoine—mo dheirfiúr chéile ina measc—agus sin í an Samhain. Is cinnte go dtagann cuid mhaith de na híomhánna atá againn anois faoi Shamhain ó Mheiriceá, m.s. puimcín agus na scannáin uafáis as Hollywood, ach is féile Ceilteach í, le bunúis in Éireann agus in Albain ach go háirithe, rud a dhéanann muid dearmad faoi na laethanta seo, sílim féin.
Bhí Samhain mar ceann de na ceithre fhéile móra sa bhliain Cheilteach mar aon le Imbolc (1ú Feabhra, Oíche Bríde anois), Bealtaine (1ú Bealtaine) agus Lughnasa (1ú Lúnasa). Deirtear go raibh Samhain cosúil le Oíche Cinn Bliana fá choinne an Ceiltigh.
Mar sin cosúil le Oíche Cinn Bliana na laethanta seo bhí smaoineamh taobh thiar de go raibh siad ag fágáil slán leis na seanrudaí agus ag bogadh ar aghaidh chuig rudaí úra, deireadh an fhómhair agus tús an gheimhridh. Níos mó ná sin mar lá deireanach na bliana ba seo an am den bhliain a d’imigh nó a leáigh an teorainn idir ‘ár ndomhan’ agus an Domhan Eile, domhan na síoga, na púcaí agus anamacha na mairbh agus mar sin bhí ‘siad’ in ann teacht go dtí ‘ár ndomhan.’
Las na Ceiltigh tinte cnámha móra chun na sprideanna seo a choinnigh ar shiúl. Fiú nár thuig muid an cúlra seo, is cuimhin liom go raibh an tine cnámha an príomh rud is tábhachtachaí dúinn mar pháistí faoi Oíche Shamhna. Nuair a bhí mé óg, chaith muid na seachtaine ag bailiú ábhar—adhmaid agus seanbhoinn, seo sula raibh a fhios againn faoi truailliú , athrú aeráide, COP26 agus a leithéid—fán a gcoinne agus bhí eagla orainn i gcónaí go mbeadh buachaillí níos sinne chun teacht agus ár n-ábhar a ghoideadh, rud a tharlaigh níos mó ná uair amháin, caithfidh mé a admhaigh. Má bhí eagla orthu roimh na síoga agus na púcaí ní raibh eagla orthu romhainn, bhí sin iontach soiléir!
Tá an nós ann anois go gcaitheann daoine feistis agus maisc ar Oíche Shamhna. Tagann sin ó Shamhain na gCeiltigh fosta. Chaith daoine maisc ghránna agus bréagriocht chun mearbhall a chur ar na sprideanna agus nach mbeadh na daoine mairbh in ann daoine nach dtaitníonn leo le linn a saolré féin a aithint. Deirtear fosta nach mbeadh na síoga agus púcaí in ann daoine a aithint mar dhaoine nuair a bheadh na maisc agus bréagriocht orthu.
D’fhag daoine eile bia fá choinne na sprideanna chun iad a cheansú, rud a thuigeann duine ar bith a d’oscail a ndoras go ghrúpa mór páistí gléasta suas mar chailleacha agus a leithéid agus iad ag iarraidh seacláid agus milseáin!
Cluiche mór a d’imir muid uilig thart fá Oíche Shamhna ná ag tumadh le haghaidh úll—agus cluichí eile a bhaineann le húlla—agus arís tá nasc ann idir an nós seo agus Samhain. Chuir Samhain deireadh le fómhar deireanach an tsamhraidh, agus b’éigean gach úll a phiocadh faoin am a thosaigh féasta Oíche Shamhna. Creidtear gur spréigh chaith na púcaí seile ar aon úlla nach raibh bainte, nó sábháilte, chun iad a dhéanamh do-ite—drochshióga a bhí iontu amach is amach!
Agus cad é faoi na puimcíní atá i ngach áit, mar íomhanna nó an fíor-toradh é féin, thart fá Oíche Shamhna sa lá atá inniu ann. Is as Meiriceá Thuaidh iad puimcíní, ach is as Éirinn a thagann an cleachtas glasraí—nó torthaí i gcás an phuimcín —a shnoí. Sa seanam, i rith na Samhna bheadh tornapaí snoite ag na hÉireannaigh d’fhonn na sprideanna a choinneáil amach. Níl gá duit ach cuardach a dhéanamh ar Google chun a thuiscint go bhfuil siad fada fada níos scanrúla ná puimcíní. I ndáiríre tá siad dochreidte. Tá suil agam go mbeidh muid in ann grianghraf dóibh leis an alt seo, ach seans go mbeadh siad ró-scanrúil!
Ar ndóigh sa 7ú haois, dhearbhaigh an Pápa, agus é ag iarraidh daoine a threorú ó cheiliúradh agus deasghnátha págánacha, an 1ú Samhain mar Lá na Naomh Uile, ar a dtugtar Lá All Hallows air fosta. ‘Hallows’ Eve’ a tugadh ar an tráthnóna roimhe seo, agus uaidh sin tá bunús Halloween—Oíche Shamhna fós i nGaeilge—mar fhocal.
Mar sin, ar an 31ú Deireadh Fómhair seo, nuair a bheidh tú ag cur amach na milseáin, na húlla agus gach rud mar sin; ag cur ort do fheistis agus ag maisiú do theach a le puimcíní, cnámharlaigh agus go leor eile, coinnigh súil amach d’aon sprid nó sióga fánaíochta a bheadh thart ag baint leas as an ‘doras idir na saolta’ a osclaíonn ar Oíche Shamhna!
Óiche Shamhna scanrúil daoibh!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
cnag_glaschu@hotmail.com
www.cnag-glaschu.co.uk