Idir dhá bhaile

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

BHUEL, a chairde, sin mise ar ais in Alban, i nGlaschú, faoi dheireadh i ndiaidh níos mó ná ceithre mhí a chaith mé i dteach mo mháthair in Áth Cliath. Tá sé giota beag ait ach go hiomlán gnáthúil ag an am céanna a bheith ar ais anseo caithfidh mé a rá. Scríobh mé anseo roimhe faoi na mothúcháin sin a bhíonn orm agus mé ag teacht ar ais ‘abhaile,’ go Glaschú, i ndiaidh laethanta saoire in Áth Cliath, ag am Nollag mar shampla—bhí mé ‘sa bhaile’ in Áth Cliath agus anois tá mé ar ais ‘sa bhaile’ i nGlaschú. Tuigeann cuid mhaith agaibh na mothúcháin sin táim cinnte —tá muid ‘idir dhá bhaile’ thiocfadh leat a rá, is dócha.

Is cinnte go mbíonn cumha orm i ndiaidh Áth Cliath ó am go ham, go háirithe i ndiaidh tamaill a chaitheamh ansin ach tá sin nadúrtha, sílim féin. Níos minice sílim gur rud deas é go bhfuil dhá bhaile, de shaghas éigin. Tuigim go bhfuil an t-ádh dearg liom go raibh mé in ann an tréimse sin a chaitheamh ar ais in Áth Cliath agus go mbím in ann dul ‘ar ais abhaile’ ó am go ham agus go mbíonn fáilte romham ansin—tá a fhios agam nach bhfuil gach duine ábalta sin a dhéanamh nó sin a rá agus go bhfágann daoine a n-áit dúchais faoi bhrú go minic. Tá trua agam do dhuine ar bith atá sa chás sin mar táim cinnte go rud uafásach é agus tá sé deacair a shamhlú.

Chuidigh sé an cumha ionam ar an lá a tháinig mé ar ais go raibh sé chomh grianmhar sin i nGlaschú—mothaigh mé go raibh mé ag dul ar saoire i gcathair ar an Mhór-Roinn nuair a bhí mé ag teacht ón aerfort sa tacsaí agus ag dul thar droichead Kingston—b’fhéidir seo an rud atá i gceist nuair a bhíonn daoine ag caint faoi ‘staycation.’

Tá sé deas a bheith ar ais fosta toisc go bhfuil dóchas againn uilig anois go mbeidh deireadh leis na srianta Covid-19 i rith an samhradh.

Tá rudaí i bhfad níos fearr in Albain na atá siad in Éirinn—déarfainn go bhfuil muid sé seachtaine chun tosaigh anseo, ó thaobh maolú na srianta, i gcomparáid le hÉirinn—ach tá siad ag dáileadh na vaicsín níos gasta ansin anois, faoi dheireadh. Táim ag súil go mór leis an am nach mbeadh orainn smaoineamh faoi nó caint faoi an víreas damanta seo nó faoin vaicsín agus na rudaí sin uilig! Tá mé breá sásta a rá go bhfuair mé mo chéad instealladh agus níl mé breá sásta a rá go bhfuil mé chomh sean sin go bhfuair mé mo chéad instealladh!

Tá a fhios agam go bhfuil ag súil go mór le rudaí a dhéanamh nach raibh ceadaithe le bliain agus níos mó—turas go hÉirinn mar shampla. Cinnte táim ag súil go mór le saoire a chaitheamh i nDún na nGall—mo thriú ‘bhaile,’ má tá cead agam sin a rá—an samhradh seo, barróg a thabhairt do gach duine i mo theaghlach agus do gach cara agus do duine ar bith a ghlacfadh le ceann is dócha, cúpla pionta a bheith agam i dteach tabhairne agus rudaí cosúil le sin ach an rud atá i mó ar m’intinn ar na mallaibh ná an chéad ceolchoirm a fhreastalóidh mé air nuair a bheidh an seans agam—táim ag suil go mór le sin. Tá a fhios agam—nó b’fhéidir níos cruinne a rá go bhfuil eagla orm—go bpléascfaidh mé amach ag caoineadh nuair a thosóidh an chéad amhrán ann. Bhuel, ag smaoineamh air, níl náire ar bith orm sin a admhaigh. Chun an fhírinne a rá, seans go mbeidh mé ag caoineadh sa phictiúrlann, sa teach tabhairne, sna siopaí—beidh na mothúcháin ag teacht amach , sin atá mé ag iarraidh a rá.

Caithfidh muid rud éigin a fháil as an bhliain uafásach seo agus seo an rud a bheinn ag iarraidh a dhéanamh ina dhiadh an tréimhse seo, ag baint níos mó sult as gach imeacht—beag nó mór—mar tá a fhios againn anois cad é mar atá rudaí nuair nach mbíonn an seans againn dul na háiteanna agus na himeachtaí is fearr inár saolta, leis ár dteaghlach nó leis ár gcairde. Tuigim níos mó anois cé chomh tábhachtach agus atá siad domhsa, go háirithe mo ‘dhá bhaile.’

Nóta: Ciallaíonn maolú na srianta go mbeidh Conradh na Gaeilge Glaschú in ann—tá súil againn—tús a chur lenár ranganna pearsanta i nGaeilge, agus gníomhaíochtaí eile, i ndiaidh an tsamhraidh agus mar sin, déan teagmháil linn le do thoil chun tuilleadh a fháil amach nó gabh chuig ár suíomh idirlín ag www.cnag-glascu.co.uk.

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk