Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
AR CHUALA tú riamh duine ag rá go bhfuil cathair in Éirinn le sé litir tostacha ina logainm? An bhfuil an freagra agat? Seans maith gur chuala tú an cheann seo roimhe, taim cinnte. Doire atá i gceist, ach dár ndóighe déanann an cheist/jóc seo tagairt ar leagan amháin—cun a bheith cinnte an leagan mícheart—i mBéarla den logainm fá choinne an áit sin.
Dá mbeifeá riamh ag tiomaint fríd an Tuaisceart táim cinnte go bhfaca tú péint bán thar na sé litir sin ar neart comharthaí bóithre ann, go háirithe na cinn atá gar don chathair í féin—nó sin mar a mhothaigh mise ar scór ar bith.
Níl an leagan Gaeilge, an leagan ceart, don logainm ar na comharthaí bóithre sa Tuaisceart ár ndóighe ach tháinig an conspóid faoin logainm sin—conspóid atá ann leis na céadta bliana—i m’intinn nuair a léigh mé le suim an tseachtain seo caite faoi chonspóid atá ag borradh i nDún na nGall. Sa chás seo tá línte dearga, in áit bán, a péinteáladh ar na leaganacha Béarla de logainmneacha ar chomharthaí dátheangacha sa chontae—mar a chifidh tú sa ghrianghraf thuas.
Níl a fhios agam fútsa ach nuair a chuala mé faoin scéal seo den chéad uair bhí mé ag glacadh leis gur sa Ghaeltacht a bhí seo ag tarlú ach tá seo ag tarlú ar chomharthaí thart an chontae, lasmuigh agus laistigh de cheantair Ghaeltachta. Is dócha go gciallaíonn seo gur grúpa daoine atá ag déanamh seo mar le contae chomh mór le Dún na nGall ba mhór an jab”] é do dhuine amháin rud mar seo a dhéanamh thart an chontae ar fad. Nó b’fhéidir gur chuala daoine eile faoi nó go bhfaca siad é déanta in áit éigin agus go ndearna siad aithrise air. Cá bhfios? Tá na Garda i mbun fiosraithe ach an bhfuil seans ar bith ann go ngabhfaidh siad ar na daoine na daoine atá ag déanamh seo, bheadh sé an-deacair, déarfainn.
Mar sin de, cad e atá taobh thar don graifí seo, más é sin an focal ceart sa scéal seo? Nílim féin cinnte chun an fhírinne a rá.
Bhuel, tá sé soiléir gur agóid i gcoinne logainmneacha Béarla atá i gceist nó ar a laghad I gcoinne iad a bheith in úsáid ar na comharthaí, b’fhéidir go háirithe ar chomharthaí sa Ghaeltacht fiú, mar a dúirt mé, nach amháin sna ceantair sin atá seo ag tarlú. An bhfuil níos mó taobh thiar den na heachtraí seo ná sin? An bhfuil maitheas sna hagóidí seo? Nó b’fhéidir nach iontu ach loitiméireacht agus sin é? Silim féin go bhfuil níos mo taobh thiar den rud seo agus tugann sé aníos ceist tábhachtach.
Tá cuma ar an scéal go bhfuil barúlacha difriúla sa chontae faoi ar scór ar bith. Tá idir cháineadh agus mholadh déanta.
Ar taobh amháin tá daoine ann atá ag rá nach ndéanann an scrios aon mhaith do chur chun cinn na Gaeilge sa chontae—ó sa tír—agus fosta luann siad na costasaí a bheidh ann chun na comharthaí a athrú nó a ghlanadh. Tuigim an méid sin ach ar an taobh eile tá daoine i bhfabhar an ‘scrios’ seo agus pointe an-tábhtachtach atá luaithe acu ná go bhfuil sé in éadan an dlí na logainmneacha i mBéarla a chur ar chomharthaí bóithre sna ceantair Gaeltachta. Thiocfadh leat a rá ba choir go mbeadh sin mar deireadh ar an scéal.
Bíonn na daoine seo fosta ag rá rud éigin a bhí mé ag scríobh sa cholún seo anuraidh—níl ciall ar bith sna logainmneacha Béarla—lasmuigh nó laistigh de na cheantair Gaeltachta, agus tá ciall, stair agus cultúr le fail as na logainmneacha Gaeilge agus mar sin cad chuige go mbeadh muid ag iarraidh na leaganacha Béarla a úsáid ar chor ar bith?
Beidh sé suimiúil le feiceáil cad a tharlóidh amach anseo leis na hagóidí seo. Tharlaigh an sórt rud céanna ar ais i 2019 agus ag an am sin thosaigh daoine ag scriosadh na leaganacha Gaeilge ar chomharthaí bóithre fosta, rud a bhí lofa! Bhuel, mar a dúirt mé cheana, sílim féin go ba choir dúinn na logainmneacha i nGaeilge a úsáid an t-am ar fad, fiú i mBéarla. Bealach chun an nasc idir muid féin mar Éireannaigh agus ár dteanga dúchais agus ár dtír a athbheoigh. Fá choinne na logainmneacha atá cosúil leis an leagan Béarla—agus sin an cuid is mó díobh—thiocfadh linn seo a dhéanamh lom láithreach m.s. Áth Cliath in áit Dublin, Gaillimh in áit Galway, Dún an nGall in áit Donegal agus srl. srl. Thiocfadh linn a bheith bródúil as ár logainmneacha. Bainigí triall as cúpla logainmneacha i nGaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Mholfainn go hard daoibh arís an suíomh www.logainm.ie—acmhainn iontach.
Tugaigí aire a chairde agus ná déanaigí dearmad faoi na ranganna Gaeilge, ar líne agus ‘sa fhíorshaol,’ atá ag tosú na laethanta seo in Albain. Dean teagmháil liom chun níos mó eolais a fháil!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
cnag_glaschu@hotmail.com
www.cnag-glaschu.co.uk