Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
TÓG go bog é, sula mbeidh gach duine ag dul ar mire mar gheall ar an teideal seo, níl mé ag caint faoi fhoireann ‘na Dubs’ agus Craobh na hÉireann an uair seo ach faoi nuacht a bhí mé ag léamh ar na mallaibh, faoi scéim nua san ard-chathair a bhaineann leis an Ghaeilge.
‘BÁC le Gaeilge’ an t-ainm atá ar an togra seo. (BÁC = Baile Átha Cliath, dár ndóighe). Is e aidhm an tionscadail seo na an Ghaeilge a chur chun cinn in Áth Cliath i mbealaí éagsula mar shampla comhpháirtíocht le líonra gnó sa chathair chun níos mó chomharthaí agus fógraíocht i nGaeilge le feiceáil agus an teanga a feiceáil ar bhiachláir i gcaiféanna agus i mbialanna. Fosta beidh cuid den acmhainní ag tacú stáisiúin raidió, seirbhísí oideachais agus eagraíochtaí spóirt, agus a leithéid a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí trí Ghaeilge cheana féin.
Páirt iontach spreagúil don togra, dar liom , ná an plean chun ‘Ceathrú Gaeltacht’ a bhunú i lár na cathrach. Is breá liom an smaoineamh seo. Dhéanfadh seo difear mór, déarfainn, ‘game-changer’ mar a deirtear i mBéarla. Seans go raibh cuid agaibh sa ‘Ceathrú Gaeltacht’ i mBéal Feirste—thart fá cuid de Bhóthar na bhFál—agus tá an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil agus in úsáid sa cheantar sin go forleathan agus is iontach an rud é. Tá Cuma ar an togra seo go mbeadh sé mar rud chun an Ghaeilge a bheith níos infheicthe, chun í a normalú, mar a deirtear, i saol na cathrach. Sin an rud is tábhachtaí, i mo bharúil.
Sna hailt faoi scéim seo deirtear go bhfuil giota beag níos lú ná leath-mhilliún Baile Átha Cliathach go bhfuil, ar a laghad, roinnt Gaeilge acu. Sin beagnach leath-mhilliún deis—cumas ollmhór! Bím ag rá i gcónaí—mar atá a fhios ag cuid agaibh anois is dócha—go bhfuil roinnt Gaeilge ag formhór na ndaoine sa tír ach nach mbionn deiseanna acu í a úsáid nó a chleachtadh ina ngnáthshaolta. Sin an fáth go bhfuil scéim mar seo chomh tábhachtach , dar liom. Nóta dearfacha eile na go bhfuil ‘Baile Átha Cliath le Gaeilge’ bunaithe ar an scéim rathúil ‘Gaillimh le Gaeilge,’ i bhfeidhm i nGaillimh ó na hochtóidí agus mar sin níl siad ag tosú ón tús. Is ceist eile é, cad chuige nár thosaigh na rialtais ó na hochtóidí scéimeanna mar seo i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach agus araile, blianta ó shín. Ba choir go mbeadh scéim mar seo mar ghnáthrud i ngach cathair agus baile in Éirinn, i ndáiríre. Ach déanfaidh mé iarracht fan leis an nuacht dearfacha faoi láthair. Mar nóta, tagann cuid mhaith den mhaoiniú den togra seo ón Rialtas ach cuid eile ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
De réir Conradh na Gaeilge in Éirinn is í an ard-chathair mar ‘áthair chatha’ iontach tábhtachtach sa troid chun an Ghaeilge a shábháil agus a láidriú. Aontaím le sin go huile is go hiomlán. Tá pobal mór Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar an éileamh ar sheirbhísí Gaeilge ar nós soláthar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá líon na Gaelscoileanna ag méadú bliain in aghaidh bliain, san ard-chathair agus sa tír go hiomlán. Tá thart fá duine amháin as gach 12 páiste (45,000) ag fáil oideachais trí Ghaeilge anois. Sin 260 scoil, agus níos mó ná leath acu (150) lasmuigh de cheantair Ghaeltachta.
Mar sin, ba dheas é a bheith ag léamh faoi scéal dearfach ach ní thig linn dearmad a dhéanamh ar géarchéim na Gaeilge sna cheantair Ghaeltachta ag an am céanna, rud ceangailte le fadhbanna eacnamaíochta sna ceantair sin. Sin ábhar fá choinne alt eile is dócha ach tá súil agam go bhfuil na húdaráis ag obair ar scéimeanna fá choinne na ceantair sin fosta. Tá sé iontach tábhachtach fosta, I mo bharúil ar scór ar bith , nach bhfuil dearcadh dubh agus bán againn faoi na rudaí seo; níl rogha ann idir maoiniú agus acmhainní don Ghaeilge ag dul chuig na cathair nó chuig na Gaeltachtaí. Ba choir go bhfuil tacaíocht ag dul chuig an teanga i ngach ceantar.
Nóta tábhachtach: Tá chuid de na ranganna Gaeilge i nGlaschú ag Conradh na Gaeilge ar ais le chéile sa fíor-shaol, in áit ar Zoom, agus tá muid ar bís faoi sin—an rang do tosaitheoirí ina measc. Beidh na ranganna eile, agus ár n-imeachtaí eile ag bogadh go dtí an fíor-shaol roimh I bhfad fosta.
Beidh a lán imeachtaí ar siúl i mí an Mhárta in Glaschú agus Dún Éideann i rith Seachtain na Gaeilge agus na Féilte Pádraig. Anois ar theacht an t-earrach tá cúrsaí níos dearfacha, nach bhfuil?
Déan teagmháil liom (cnag_glaschu@hotmail. com) chun níos mó eolais a fháil nó gabh ar www.cnag-glaschu.co.uk
P.S. Má thit tú i ngrá leis an chluiche Wordle ar na mallaibh tá súil agam go mbeidh áthas ort a chluinstin go bhfuil leagan i nGaeilge darb ainm Foclach le fáil anois, bígí ag imirt!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
cnag_glaschu@hotmail.com
www.cnag-glaschu.co.uk