Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
An MBEADH sé giota beag mhífhéaráilte a rá nach dtagann mórán scéalta dearfacha as an Tuaisceart na laethanta seo? B’fhéidir go mbeadh ach nuair a bhí Arlene ró-réasúnta fá choinne an DUP agus mar sin go gcaithfidh muid cloisteáil ó Edwin Poots níos minice as seo amach, bhuel, b’fhéidir nach mbeadh. Ach chuala mé nuacht dearfach ó oirthear Bhéal Feirste ar na mallaibh a thabharfadh misneach agus dóchas domh.
Osclófar in oirthear Bhéal Feirste i mí Mheán Fómhair an chéad naíscoil Gaeilge i gceantar Protastúnach agus Aontachtach. Naíscoil na Seolta an t-ainm a bheidh air agus phioc siad an t-ainm sin toisc go mbeidh an naíscoil gar do longchlós Harland and Wolff, b’fhéidir an sainchomhartha is cáiliúla sa cheantar sin. Níos mó ná sin is dócha níl ceantar ná sainchomhartha ann sa Tuaisceart le ceangal níos mó do chúlra agus féiniúlacht Aontachtach. Smaoinigh ar sin—an mbeifeá in ann a leithéid a shamhlú 20 bliain ó shin, nó 10 fiú? Naíscoil Gaeilge i gcroílár ceantar Aontachtach? Nach ait an mac an tsaoil ach nach iontach é, in amanna, fosta?
In ainneoin gach rud diúltach a thagann as béil na bpolaiteoir Aontachtacha le blianta tá an Ghaeilge ag fás in oirthear Bhéal Feirste le 10 mbliana anuas nó níos mó, go háirithe as an méid oibre atá déanta ag Linda Ervine agus an éagraíócht Turas. Seans gur léigh tú anseo, san Irish Voice, faoi Linda agus a méid oibre atá déanta aici mar mhúinteoir Ghaeilge le Turas, lonnaithe san Ionad Skainos in aice leis an Short Strand, agus mar dhuine a bhíonn ag obair ar son na Gaeilge go háirithe chun í a normalú—mar a deirtear—sa phobal Aontachtach. Scríobh mise fúithi anseo roimhe agus thug an Irish Voice deis dí cúpla alt a scríobh anseo fosta. Duine as cúlra fíor Aontachtach í féin—is deirfiúr cleamhnas í don pholaiteoir cáiliúil David Ervine, fear a bhí mar cheannaire sa PUP agus a d’oibrigh go mór ar son Aontú Aoine Cneasta.
Mar sin, is Aontachtaí í Linda, níl aon dabht faoi sin, agus tá sí bródúil as sin ach thuigeann sí fosta go bhfuil an Ghaeilge i ngach áit in Éirinn— inár sloinnte, inár logainmneacha, i ngach áit—agus mar sin go mbaineann sí le gach duine atá ina gcónaí in Éirinn.
Ní le grúpa amháin nó le reiligiún amháin í an Ghaeilge ach is linne uilig í. Ní bíonn gach duine ina gceantar agus ina bpobal ag smaoineamh sin áfach, ní bheidh iontas ort a chloisteáil, agus mar sin bhí—agus bíonn—ar Linda agus Turas glacadh lena a lán mí-úsáid agus maslaí óna ‘ndaoine féin’ agus iad ag obair ar son na Gaeilge. Leanann siad ar aghaidh in ainneoin na daoine ag cur ina gcoinne agus is í an naíscoil seo a gcéad céim eile chun tosaigh. Cosúil le gach gaelscoil eile, ó Theas agus ó Thuaidh, is scoil imeasctha í an naíscoil seo ach is fiú a lua go mbeidh sí ag roinnt suíomh le bunscoil áitiúil.
Cuireann seo uilig gliondar ar mo chroí nuair a chloisim faoin sórt dul chun cinn seo in Éirinn—gan tagairt don Ghaeilge fiú, taispeánann seo dul chun cinn sa sochaí.
Sa cheantar céanna, bunaíodh club Cumann Lúthchleas Gael, ‘East Belfast GAC,’ anuraidh fosta agus arís bhí na daoine a bhunaigh an club sin in ann rud dearfach a chruthú le tacaíocht ó gach carn don tír agus gan neart a thabhairt do na tuairimí diúltacha a chuala siad. Seo an sórt fís atá de dhíth orainn anois agus sa todhchaí, i mo thuairim féin.
Féile na Gaeilge Glaschú 2021! A chairde, níl muid in ann , gó fóill, a bheith le chéile sa saol mar atá chun ár gcultúr a cheiliúradh ach ní chiallaíonn sin nach bhfuil muid in ann teacht le chéile! Mar sin bígí linn fá choinne Féile na Gaeilge Glaschú 2021 an mhí seo.
Dé Sathairn an 12ú, 10.00-15.00, beidh ceardlanna Gaeilge ag trí leibhéal, Bun, Meán, Ard, le teagascóirí ó Oideas Gael, an choláiste Gaeilge in iardheisceart Dhún na nGall.
Tráthnóna Dhéardaoin, an 17ú, óa 7a a chlog, bígí linn nuair a bheidh muid ag teacht le chéile fá choinne comhrá agus craic i nGaeilge ag ár Pop Gaeltacht ar líne.
Dé Sathairn, an 19ú, ó a 19.45, beidh Cois Tine againn arís le scoth na gceoltóirí agus amhránaí agus teacht le chéile agus seans go mbeidh aoi speisialta nó dhó linn ar an oíche fosta. Agus an Déardaoin ina dhiaidh sin, an 24ú, beidh ceardlann amhránaíochta Gaeilge againn le amhránaí speisialta ó Dhún na nGall. Mar sin, ná cailligí an craic agus an chultúr, beidh fáilte roimh gach duine!
Gheobhaidh sibh na sonraí uilig ar ár suíomh idirlín: www.cnag-glaschu.co.uk, Facebook: www.facebook.com/conradh.na.gaeilge.glaschu, agus Twitter: @gaeilge_glasgow nó fríd e-mail ag: cnag_glaschu@hotmail.com nó ar an fhón ag: 07866453708. Bígí linn!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in