“Nuair a bhíonn taithí agat ar phribhléid, mothaíonn comhionannas mar chos ar bolg.”

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

NÍ RAIBH sé ach mí ó shín a bhí mé ag scríobh píosa faoin dul chun cinn dearfach—ó thaobh na Gaeilge agus CLG de—in oirthear Bhéal Feirste, rud a bhí mar chodarsnacht leis an nuacht go mbeadh Edwin Poots le theacht isteach mar cheannaire an DUP. Bhuel, b’fhéidir gur chuir mé mallacht de saghas éigin ar Edwin bocht —trí thimpiste, dár ndóighe—mar níor mhair sé ach fiche lá sa phost sin.

Nílim ag rá nár éirigh leis rudaí a dhéanamh; tá aontú ann anois go mbeidh reachtaíocht ag aithint na Gaeilge i bhfeidhm sa Tuaisceart roimh deireadh na bliana, i mbealach amháin nó bealach eile. An ‘bealach eile’ sa chás seo ná reachtaíocht ag dul fríd Westminister in áit an Tionól i Stormont.

Mar sin an bhfuil muid, faoi dheireadh, ag druidim le deireadh an próiseas achrannach seo chun ‘Acht na Gaeilge’ a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart? Tá súil agam go bhfuil agus sílim go bhfuil, chun an fhírinne a rá, ach tá sé feicthe, le blianta anuas, na deacrachtaí a bhíonn thart fán cheist seo sa Tuaisceart. Mar sin, sílim gurb fhiú súil siar a chaitheamh anseo ar an phróiseas go dtí seo, ar go díreach cad é atá ceist le hAcht na Gaeilge agus fosta, mar tagann an cheist seo anuas go minic, cad chuige go bhfuil an reachtaíocht seo chomh tábhachtach agus conspóideach agus atá sé.

Giota beag cúlra ar dtús: Deirtear go ndearna Sinn Féin, agus daoine eile, ábhar polaitíocht as an Ghaeilge sa Tuaisceart ach tráthúil go leor go ndéanann seo dearmad faoin fhíric go raibh an Ghaeilge faoi réir ionsaí polaitiúil agus reachtaíochta in Éirinn leis na cianta, rud a mhéadaigh le cruthú an stáit ó thuaidh céad bliain ó shín.

Mar shampla, laghdaíodh faoina leath líon na mbunscoileanna sa Tuaisceart a bhí ag múineadh Gaeilge idir 1924 agus 1927 agus cuireadh deireadh leis an bhfóirdheontas don Ghaeilge mar ábhar breise i 1934. Ní bheadh gá le hAcht na Gaeilge anois mura tharlaigh na hionsaithe seo, agus eile, roimhe seo. Bhí an méid céanna den daonra le Gaeilge i gceantar bóthar na Seanchille i 1911 agus a bhí i gceantar bhóthar na bhFál, de réir an daonáireamh ón bhliain sin. Bhí lóistí Oráisteach agus briogáid in airm na Breataine le manaí agus meirgí i nGaeilge. Tá dearmad déanta ar na fíricí seo mar briseann siad an phictiúr atá tarraingthe gur le taobh amháin an Ghaeilge agus nach mbaineann sé leis an ‘thaobh’ eile.

Tá muid ag an phointe anois go ndúirt Jim Wells, MLA ón DUP, ar RTÉ an tseachtain seo caite gur ‘bagairt’ í an Ghaeilge den lucht Aontachtach agus ‘ionsaí ar chroílár an féiniúlacht Aontachtach’ í. A leithéid de sheafóide—an bhfuil sé ag rá go bhfuil féiniúlacht Aontachtach chomh lag sin nach dtig leo déileáil le cás ina bhfaigheann lucht eile a gcuid cearta? Tá an méid faitíos seo air roimh teanga? Tá sé deacair a chreidiúint in amanna ach sílim go dtaispeánann seo an easpa muinín atá fágtha ag an lucht Aontachtach na laethanta seo—ritheann an sliocht seo liom nuair a léim rudaí mar sin: “Nuair a bhíonn taithí agat ar phribhléid, mothaíonn comhionannas mar chos ar bolg.”

Agus cad é faoin reachtaíocht í féin? D’aontaigh an DUP le Comhaontú Chill Rimhinn—comhaontú a bhí sínithe 15 bliain ó shín—ina raibh sé ráite go mbeadh Acht na Gaeilge bunaithe ar an reachtaíocht sa Bhreatain Bheag. An reachtaíocht atá i gceist anois áfach, tá sé i bhfad níos laige ná an reachtaíocht atá ann sa Bhreataine Bheag.
Mar shampla, níl sé sa reachtaíocht seo go gcaithfear comharthaí bóthair sa Tuaisceart a thaispeáint i nGaeilge chomh maith leis an Bhéarla. Déanann an comhaontú soiléir fosta nach mbeidh cuótaí fostaíochta ann chun céatadán áirithe d’oibrithe a bheith acu a labhraíonn Gaeilge (nó Ultais).

Rud eile iontach tábhachtach faoin reachtaíocht atá i gceist anois ná nach bhfuil sé faoin Ghaeilge amháin fiú. Molann sé coimisinéir ar leith chun teanga agus cultúr a bhaineann le traidisiún na hUltaise/ Uladh na Breataine sa Tuaisceart a fhorbairt chomh maith. Seo an comhréiteach faoin teanga/cultúr a bhí sa chaipéis New Decade, New Approach, aontaithe i mí Eanáir seo caite, ina raibh na tosaíochtaí agus na comhaontuithe leagtha amach a bheadh mar bhunús d’Fheidhmeannas comhroinnte cumhachta Shinn Féin-DUP fá choinne na blianta amach romhainn. Ná dearmad gur chuir an comhaontú seo deireadh le trí bhliana gan rialtas ar bith sa Tuaisceart ach ar choinnigh an DUP leis na rudaí ó thaobh na Gaeilge—agus Ultais—a bhí sa chomhaontú sin? Níor choinnigh, an rud céanna mar a rinne siad leis na moltaí aontaithe ar ais i 2006 i gComhaontú Chill Rimhinn.

Cad é mar a bheidh an Tuaisceart ábalta dul ar aghaidh ar chor ar bith má leanann an patrún seo ar aghaidh? ‘Cothroime mheasa’ a bhí mar bhunchloch an próiseas síochána sa Tuaisceart ach an bhfuil sin le feiceáil sa bhealach ina mbíonn an DUP, agus a leithéid, ag déileáil—nó b’fhéidir níos fearr a rá, gan a bheith ag deileáil—leis an Ghaeilge?

Tá reachtaíocht ag cosaint na mionteangacha, Breatnais agus an Ghàidhlig, i páirteanna eile den Ríocht Aontaithe dár ndóighe—tá comharthaí bóithre dátheangach agus comharthaí sráide dátheangach (in Inbhir Nís, mar shampla) le feiceáil in Albain chomh maith le comharthaí dátheangach i ngach stáisiúin traenach sa tír agus caithfidh gach comhairle Plean Ghàidhlig a chruthú fosta—ach fós níl an DUP sásta glacadh le meas ar bith a thabhairt don Ghaeilge. Cuireann seo déistin orm chun an fhírinne a rá ach chun críoch dearfach a chuir le seo, mar a dúirt mé cheana, tá muinín agam fós go mbeidh Acht na Gaeilge, de saghas éigin, i bhfeidhm sa Tuaisceart roimh deireadh na bliana, i mbealach amháin nó bealach eile. Coinnigh an misneach a chairde!

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk