Seanscéal, seanbhean ach radharc úr

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

DÁ MBEINN ag rá libh go raibh seó san Fhéile Fringe i nDun Éideann cúpla bliain ó shin leis an fotheideal The Most Hated Woman in Ireland seans mhaith go smaoineodh sibh gur faoi Margaret Thatcher a bhí sé ach ní hea! Peig Sayers a bhí i gceist ag an seó sin ach cérbh í an bhean seo, cad é a rinne sí, cad chuige go raibh an méid gráin sin uirthi agus an raibh sé tuillte dí ar chor ar bith? Bhuel, ba shin cuid de na ceisteanna a bhí faoi caibidil ag clár iontach, darb ainm Peig, a bhí ar TG4 ar na mallaibh.

Má fhreastal tú ar scoil in sa Phoblacht idir na 60oidí agus na 90óidí seans mhaith go bhfuil do fhreagraí féin ar na ceisteanna sin agus nach mbeadh siad dearfacha ar chor ar bith agus nach mbeadh cead againn iad a fhoilsiú anseo! Mar shampla, tá caibidil i leabhar de chuid Joseph O’Connor leis an teideal Thank God Peig Sayers is Dead fiú!

Mar sin, cad é a rinne an bhean seo? Bhuel, bhí leabhar scríofa fúithi agus a saol agus sin é! Is dócha mar sin go mbeifeá ag smaoineamh ‘is dócha gur bhean uafásach a bhí inti nó go ndearna sí a lán dochar do dhaoine?’ Níorbh í agus ní dhearna!

Rugadh Peig i nDún Chaoin, i gContae Ciarraí, i 1873 agus nuair a bhí sí a 16 phós sí fear as an oileán An Bhlascaoid Mór agus chuaigh sí chun a bheith ina cónaí ar an oileán ansin. Ba scéalaí é a hathair agus bhí an bua céanna ag Peig í féin. Deirtear go raibh sé chéad agus níos mó scéalta de gach saghas ar eolas aici. Bhí clú agus cáil uirthi mar scéalaí agus tháinig go leor acadamhaí chuici chun caint léi agus a chuid scéalta a scríobh síos nó a thaifead. I ndiaidh spreagadh agus comhairle ó a leithéid do dhaoine scríobh a mac Maidhc a—leagan dá—saol síos agus tháinig a beathaisnéis Peig amach i 1936.

Chuir an rialtas é ar curaclam na hArdteiste sa 60óidí—bhí Peig bás faoin am seo—agus ansin a thosaigh na fadhbanna, thiocfadh leat a rá. Bhí saol iontach deacair ag Peig agus tháinig sin trasna go soiléir sa leabhar—ní raibh faic acu. Bhí 11 páiste aici ach níor mhair ach seisear acu agus chuaigh gach ceann acu ar imirce go dtí na Stát Aontaithe ach tháinig Maidhc ar ais.

Is cuimhin liom go raibh orainn é a dhéanamh in Áth Cliath ag deireadh na h80oídí, cosúil le beagnach gach scoil eile, agus ba fhuath linn an leabhar faoin seanbhean seo nach raibh baint ar bith aici—inár n-intinn ar scór ar bith—lenár saoil mar a bhí siad sna laethanta ‘nua-aimseartha’ sin. An chéad line mar shampla, líne cáiliúil, sa leabhar ná “Seanbhean is ea mise anois go bhfuil cos léi insan uaigh is a cos eile ar a bruach.” Chruthaigh sé nasc inár n-intinn idir an Ghaeilge agus bochtanas agus an t-anó. Níos measa arís, níor thuig muid chuid mhaith den Ghaeilge a bhí ann agus mar sin cheannaigh gach duine sa rang an leagan i mBéarla nó fiú achomaire de i mBéarla—na ‘Cliff Notes’ mar a deirtear. D’fhoghlaim muid de ghlanmheabhair roinnt paragraif a bheadh fóirsteanach fá choinne freagraí sa scrúdú agus d’fhás ár ngráin don leabhar, agus de réir a chéile, don bhean bhocht í féin fosta.

Is rud náireach é agus mé ag amharc siar air ach bhí muid óg agus mí-aibí dár ndóighe. Le blianta fada fiú, nuair a luaigh duine a hainm mhothaigh mé meascán d’eagla agus fearg ionam—deacair a creidiúint b’fhéidir, ach níl mé ag magadh agus mhothaigh a lán daoine eile níos diúltaí fúithi fiú. D’fhag an leabhar an rian seo orainn nó b’fhéidir níos cruinne a rá gur d’fhág braistint an leabhar rian orainn. Bíonn daoine fós ag gearan fúithi fiú nach raibh an leabhar ar an churaclam le 30 bliain. Tuigim anois go raibh sin go h-ionlán éagothrom, don bhean í féin ar scór ar bith.

Rud a tháinig amach go soiléir ón chlár ná nach raibh duine ar bith a bhí faoi agallamh sásta go raibh an leabhar fóirsteanach don Ardteist—agus iad uilig daoine a bhfuil meas mór orthu ar Peig í féin agus ar an leabhar. Deirtear nach mbeadh Peig í féin sásta ar chor ar bith go raibh sé ar an churaclam. An rud is mó a tháinig trasna sa chlár ná gur bhean lán de chraic agus spraoi a bhí inti—rud nár tháinig trasna dúinn ar scoil ar chor ar bith. Bhailigh daoine óga na háite ina teach fá choinne na scéalta, an cheol agus an craic. Ba siamsóir, scéalaí nadúrtha agus bean ghrinn í. Is deacair an íomhá sin a chur leis an íomhá a bhí againn dí ar scoil ach is soiléir anois nach raibh cothrom na Féinne tugtha di—mar dhuine nó dá leabhar. Tuigeann muid anois an luach atá ann foghlaim ó stair agus saoil na gnáthdhaoine.

Tá ceachtanna le foghlaim ón bhealach a bhí drochíomhá don bhean seo tugtha dúinn, agus/nó glactha againn, agus an bhealach a shíleann muid fúinn féin agus ár bhféiniúlacht mar Éireannaigh, ár ngaol lenar n-oidhreacht agus go háirithe lenár dteanga dúchais.

Mar sin gabh mo mhíle leithscéal a Pheig, as an dímheas a thaispeáin mé duit na blianta fada ó shín agus anois tá seanchóip faighte agam don leabhar agus geallfaidh mé go léifidh mé é faoi dheireadh! Níos fearr arís léifidh mé an leabhar úr fúithi, agus uaithí thig leat a rá, Níl Deireadh Ráite—teideal atá go maith fóirsteanach sílim

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk