Teanga beo agus oscailte

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú


BHÍ mé ag smaoineamh ar na mallaibh, nuair a bhí mé óg—‘fadó , fadó in Éirinn’ mar a deirtear—siar sna hochtóidí, bhí íomha fíor-láidir ag an Ghaeilge mar theanga sean-fhaiseanta nach raibh mórán baint aici leis an saol nua-aimseartha. Sin mar a shíl mise agus sílim gur sin mar a shíl formhór na ndaoine óga sa tír ag an am sin.

Sa thuairim/íomhá sin, bhain an Ghaeilge le sean-leaid, gan ach fiacail nó dhó aige, ag ceol amhráin sean-nós le fiche véarsa faoin bhás agus bochtanas nó le ‘Peig’ agus a scéal… faoin, ahem, bhás agus bochtanas… nó le sean-leaid ag déanamh damhsa sean-nós ar leathdhoras i bpictiúirí dubh agus bán ar an teilifís. Sin an íomha is coitianta a chonaic muid faoin teanga, nó sin mar a mhothaigh sé domhsa, ar scór ar bith. Rudaí sean, dorcha nó liath, bocht.
Corruair nuair a bhí clár éigin ar RTÉ ag iarraidh rud nua-aimseartha, nó don ‘óige’ a dhéanamh sa Ghaeilge in amanna bhí cuma míchompordach orthu—nó, sin mar a shíl mé ag an am. Tuigim anois nach raibh an ceart agam ag an am, nach raibh an phictiúr iomlán, nó gar do, agam, ach i bhfad níos tábhachtai ná sin ná nach bhfuil an íomha sin ag an Ghaeilge níos mó, nó ar a laghad níl sé chomh coitianta ar chor ar bith ná mar a bhí sé agus go dtagann sé ó aineolas amháin anois.

Tuigeann daoine gur teanga beo í an Ghaeilge, nach iarsma ón tseanam í. Tuigeann siad sin toisc go bhfeiceann muid sin gach lá ar TG4 nó sna meáin shóisialta. Bíonn gach gné den saol le feiceáil trí mheáin na Gaeilge anois agus is iontach an athrú é sin. Ní rud caol nó druidte í an teanga agus m, chun an fhírinne a rá, déarfainn go bhfuil saol na Gaeilge níos liobrálaí ná pobail na hÉireann ina iomlán. Gan amhras téann rudaí fíor thraidisiúnta leis an teanga go fóill ach is breá liom an meascán sin.

Ag ranganna Gaeilge buaileann tú le gach sórt duine, mar shampla ta mé díreach i ndiadh teacht ar ais go Glaschú ó chúrsa Gaeilge ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille in iar-dheisceart Dhún na nGall agus i mo rang ansin bhí polaiteoir coimeádach, ina sheascaidí, ó cheann de na páirtí móra in éineacht le fear óg, sna fichidí, atá ag déanamh dochtúireacht faoin díchoilíniú agus atá díreach ón eite chlé ó thaobh a chuid tuairimí polaitíochta. Bhí sé suimiúil, agus greannmhar in amanna, a bheith ina measc agus iad ag plé cúrsaí reatha!

Na laethanta seo thig leat gach sórt cheoil nó litríocht a léamh/cluinstin i nGaeilge. I nDún na nGall bhí mé ag éisteacht le filíocht Slam agus ag léamh splanc-fhicsean—yep, ní raibh mise cinnte cad é a bhí i gceist leofa roimhe seo fosta—chomh maith le a bheith ag éisteacht le scoth amhránaíocht, scéalaíocht agus ceol ar an sean-nós.

Ag tús mí an Mheán Fhómhair bhí mé ag dul go ceolchoirm i nGlaschú de chuid Kneecap (os cionn), grúpa rap cheoil as Béal Feirste. Sin abairt nach raibh mé ag smaoineamh le scríobh b’fhéidir 10 mbliana ó shín ach sin mar atá saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Mholfainn go hard an grúpa cheoil Imlé fosta, ceol iontach idir ceol traidisiúnta agus nua-aimseartha. Ar na mallaibh léigh mé go bhfuil leagan don chluiche ríomhaire Among Us le fáil i nGaeilge anois. Níl cliú ar bith agam cad é atá i gceist le Among Us ach fós féin nach iontach an rud é!

Agus dár ndóighe tá neart aiseanna nua-aimseartha le fáil chun Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh anois, mar shampla, Duolingo, na foclóirí iontacha www.focloir.ie agus www. teanglann.ie, uirlisí gramadaí agus a lán rudaí eile.
Is dócha thiocfadh leat a rá go bhfuil saol na Gaeilge chomh leathan anois toisc go bhfuil áit inti do gach sórt duine agus is breá liom sin.

Tá muid fós ag obair fríd srianta an rialtas agus an bhealach is fearr chun ár n-imeachtaí a atosú beo, mar a deirtear, ach beidh siad uilig ar ais idir beo agus fíorúil gan mhall.

Beidh neart ranganna, agus deiseanna eile m.s. ciorcal comhrá, do dhaoine fásta agus do pháistí le fáil i nGlaschú agus in Albain chun an Ghaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim. Bígí linn! Labhair í agus mairfidh sí! Níl neart go cur le chéile.

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk