Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
BHUEL, a chairde, bhris mé mo chos ag imirt sacar i lár mí Dheireadh Fómhair agus don chéad uair ón am sin tá mé in ann siúl le dhá bhróg orm—ah, na rudaí simplí! Ta a fhios agam, tá an locht orm féin mar bhí mé ag imirt sacar, ach bhí sé le lucht na Gaidhlig agus ní raibh focal i mBéarla le cluinstin i rith na cluichí!
Nuair a bhí mé ag tógáil sos, agus mé ag teacht chugam féin, i ndiaidh an bhriseadh bhí mé ag stopadh i dteach mo chairde agus thug sé seans domhsa cúpla leabhar suimiúil a bhí acu a léamh. Leabhar a chuaigh go mór i bhfeidhm orm na an dráma, Translations ón scríbhneoir Éireannach Brian Friel. Creid e nó ná creid, níor léamh mé an leabhar tábhachtach seo roimhe. Chuala mé faoi, dár ndóighe agus, fiú nár léigh mé é, bhí tionchar aige ar mo thuras féin ar ais don Ghaeilge.
Nuair a bhí mé ag obair i Londain, lá amháin tháinig fear Sasanach chuig mo dheasc agus thaispeáin sé clár domhsa ó dráma. Bhí an clár scríofa i nGaeilge agus d’fhiafraigh sé díom cad é an mhíniú a bhí ar an teideal ‘Aistriúcháin’ agus bhí náire an domhan orm nach raibh a fhios agam agus ansin thiontaigh sé an leathanach agus bhí leagan i mBéarla don chlár ar an taobh eile.
Tá náire orm fós nuair a smaoiním air. Bhí mé i Sasana agus ag taispeáint nach raibh mo theanga dhúchais agam, ach bhí an eachtra sin ceann de na himeachtaí a chuir mé ar ais chuig an Ghaeilge, rud a d’athraigh mo shaol go huile is go hiomlán.
Táim fós ar an turas pearsanta sin ach cad é faoin turas naisiúnta atá leagtha amach sa dráma iontach seo? Deirim ‘iontach’ ach is scéal fíor brónach a chuireann fearg ort ag an am céanna, bhuel sin mar a mhothaigh mise nuair a bhí mé á léamh.
Tá an dráma suite i scoil scairte i mbaile ficseanúil, Baile Beag, atá lonnaithe i nDún na nGall, sa bhliain 1833. Isteach sa bhaile iargúlta, Gaelach seo tagann Arm na Breataine, a bhfuil sé de chúram acu logainmneacha na hÉireann a aistriú go Sac-Bhéarla an Rí. Filleann Owen, mac an Mháistir, ar a bhaile dúchais i ndiaidh sé bliana i mBaile Átha Cliath. Oibríonn Owen mar aistritheoir agus mar idirghabhálaí idir an t-arm agus muintir na háite. Tosaíonn sé, i dteannta le Yolland, Sasanach atá ag obair don tSuirbhéireacht Ordanáis, ag aistriú na logainmneacha; athraíonn Druim Dubh go ‘Dromduff,’ Poll na gCaorach go Poolkerry agus Burnfoot a dhéantar as Bun na hAbhann.
Is mó go mór grá don Ghréigise agus Laidine atá le clos sa scoil ná don Ghaeilge de bharr gur fear mór clasaicí é Máistir na scoile. Sa chúlra cloistear faoi Scoil Naisiúnta atá le teacht sa cheantar, áit ina mbeidh gach rud trí mheáin an Bhéarla.
Taispeánann an dráma an bhealach a chaill muid ár logainmneacha, le cuidiú ó chuid de na Ghaeil iad féin, agus de réir a chéile ár dteanga, ár n-oidhreacht agus ár gcultúr. ‘Tír gan teanga, tír gan anam’ mar a dúirt Mac Phiarais—frása simplí ach cumhachtach.
Scríobh mé giota beag anseo cheana faoin próiseas seo, nó an dóigh ina bhfuil rudaí faoi láthair in Éirinn de bharr an phróiseas seo. Próiseas nach bhfuil críochnaithe go fóill faraor agus rud a dhéanann muid dúinn féin na laethanta seo.
An bhfuil an ábhar seo chomh tábhachtach sin? Silim féin go bhfuil ár logainmneacha, agus ár n-eolas orthu, iontach tábhachtach. Is páirt luachmhar dár n-oidhreacht chultúrtha iad ár logainmneacha agus is cuid dár bhféiniúlacht féin iad. Nochtann an staidéar, ar bith, ar logainmneacha na hÉireann gnéithe de stair agus de thíreolaíocht na tíre, agus d’fhorbairt na Gaeilge chomh maith. Mar shampla, togadh mé i bparóiste darb ainm Esker , i mBéarla, ach ní raibh a fhios agam go dtí cúpla bliain ó shín an nasc atá idir ainm mo cheantarsa, Eiscir, agus ‘Eiscir Riada’; an tslí ríthábhachtach a chuaigh fríd croílár na tíre sa sean-am agus a bhí mar theorainn idir dhá thaobh na tíre; ‘Leath Cuinn’ (ó thuaidh), agus ‘Leath Mogha’ (ó dheas). Is cúis náire domhsa , chun an fhírinne a rá, go raibh—agus go bhfuil fós—mé chomh aineolach sin ar stair mo cheantarsa gan trácht ar mo thír fiú.
Cad é an réiteach don fhadhb seo? Bhuel is é mo thuairim anois go ba choir dúinn na logainmneacha i nGaeilge a úsáid an t-am ar fad, fiú i mBéarla. Bealach chun an nasc idir muid féin mar Éireannaigh agus ár dteanga dúchais agus ár dtír a athbheoigh. Fá choinne na logainmneacha atá cosúil leis an leagan Béarla—agus sin an cuid is mó díobh—thiocfadh linn seo a dhéanamh lom láithreach m.s. Dún an nGall in áit Donegal agus srl. srl. Thiocfadh linn a bheith bródúil as ár logainmneacha. Bainigí triall as cúpla logainmneacha i nGaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Mholfainn go hard daoibh an suíomh www.logainm.ie ta sé chomh suimiúil agus easca a úsáid.
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
cnag_glaschu@hotmail.com
www.cnag-glaschu.co.uk