Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
‘ANOIS ar theacht an tsamhradh’ a deir curfá an amhrán cailliúil Óró, sé do bheatha ‘bhaile, ach níor mhothaigh sé mar sin ar na mallaibh agus mé ag rotharaíocht frid na fearthainne agus frid an fhuachta. Bhuel, is dócha ní raibh an aimsir chomh uafásach sin ach tá cuma air nach mbeidh samhradh chomh deas againn i mbliana mar a bhí anuraidh. Sin ráite, tá an samhradh ag druidim linn agus ciallaíonn sin go bhfuil Féile na Gaeilge Glaschú ag druidim linn fosta. Seo an t-ochtú bliain a bheidh muid ag ceiliúradh na Gaeilge i nGlaschú ag an am seo don bhliain le ceol, amhránaíocht agus an chaint.
Níl sé mar pháirt fhoirmiúil don Fhéile ach tosóidh an chraic ar an 30ú dè mhí na Bealtaine, Déardaoin atá ann, lenár gcéad PopUp Gaeltacht eile i Malones Glasgow i lár na cathrach. Bígí linn ó a 7 a chlog ar an oíche sin fa choinne craic agus comhrá.
Beidh an Fhéile ag toiseacht i gceart Dé hAoine, an 7ú lá dè mhí an Mheithimh leis an chéad Léacht Uí Fhiannaí i Govanhill Neighbourhood Centre ar Sráid na Nóiníní.
Ag deireadh mí an Mheithimh anuraidh chaill muid laoch na Gaeilge in Albain nuair a chaill muid Seán Ó Fiannaí agus beidh an léacht seo mar an chéad léacht bliantúil ina onóir.
Bhí dúil mhór ag Seán i léann agus litríocht agus d’fhág sé cnuasach mór leabhair ag Conradh na Gaeilge agus níos tábhachtaí ná sin cnuasach mór d’iris na Gaeilge An tUltach, cnusach a théann ar ais 50 bliain agus níos mó. Mar sin shíl muid nach mbeadh rud ar bith níos fóirsteanaí fa choinne an chéad léacht bliantúil ina onóir ná léacht fán iris seo a bhí an-duil aige ann.
Rud eile a bheidh fóirsteanach na go mbeidh chara dá chuid Shéain ag tabhairt an léacht—an Dochtúir Pádraig Ó Baoighill. Tá clú agus cáil ar Phádraig mar scríbhneoir agus iriseoir i saol na Gaeilge agus tá níos mó ná fiche leabhar scríofa aige ina measc dírbheathnaisnéis ar Rabbie Burns, agus an nasc a bhí aige le hÉirinn, agus leabhar eile a tháinig amach cúpla bliain ó shin a d’inis stair Chonradh na Gaeilge in Albain, agus stair pobal na hÉireann go ginearalta sa tír seo.
Tháinig sluaite maithe amach chuig na seolta a bhí i nGlaschú fa choinne na leabhair sin agus mar sin tá muid ag súil le slua bhreá eile ar an
7ú. Bheadh sin tuillte ag Seán agus níl aon dabht faoi sin.
An deireadh seachtaine ina dhiaidh sin athróidh muid an beim ón litríocht chuig ceol, damhsa agus spraoi le Oíche Cheoil agus Craic Dé Sathairn an 15ú Meitheamh i Halla Naomh Eibhlín i Shawlands. Beidh an t-amhránaí Máire Ní Choilm ann ó Ghaoth Dobhair mar aoi speisialta againn agus beidh ceol ó Craobh Chomhaltas Ceoltóirí Éireann St James The Great agus ó Cheoltóirí Chonradh na Gaeilge Glaschú. Oíche neamhfhoirmiúil a bheidh ann mar sin
tabhair leat buidéal agus do bhróga damhsa.
Tráthnóna Dé Luain an 17ú, ag a 7 a chlog, cuirfidh muid críoch leis an Fhéile le dhá scannán sa Centre for Contemporary Arts (CCA) ar Sráid Sauchiehall. Tá an teama céanna sa dá scannán seo—taithí agus saoil na nGaeilgeoirí a tháinig go Glaschú agus Albain sna 40idí, 50idí agus 60idí.
Is é an chéad scannán, An Tír Úd Thoir, an ceann a rinne Conradh na Gaeilge Glaschú agus beidh an oíche seo mar ceiliúradh ar 10 mbliana ó a tháinig sé amach. Sa scannán seo insíonn deichniúr ó Ghaeltachtaí Dhún na nGall faoi an sórt saol a bhí acu nuair a tháinig siad go hAlbain. Tá súil againn go mbeidh daoine ann a ghlac páirt sa scannán ach faraor tá cuid acu marbh anois agus i mo bharúil taispeánann sin cé chomh tábhachtach agus bhí sé a gcuid scéalta a fháil agus a cheiliúradh.
Leanann an scannán eile ar an oíche, Saol Úr in Albain an teama céanna, le beim ar saoil na mban. Tugann an dá scannán seans dúinn saoil na hÉireannaigh a tháinig romhainn a thuigbhéil.
Tá súil agam go mbeadh sibh in ann teacht amach chuig cuid de na himeachtaí seo agus an Ghaeilge, agus na Gaeilgeoirí, i nGlaschú a chomóradh agus a cheiliúradh agus tá súil agam go dtiocfaidh an tsamhradh fosta!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
cnag_glaschu@hotmail.com
www.cnag-glaschu.co.uk