An díospóireacht céanna arís

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

LE cúpla bliain anuas níor scríobh mé mórán faoi Acht na Gaeilge agus stádas na Gaeilge sa Tuaisceart. Deirtear ‘is fearr gan scéala ar bith ná drochscéala’ ach faraor ní thig leat sin a rá sa chás seo—bhí neart nuacht ach bhí nuacht dearfach in easnamh.

Dár ndóighe tá Acht na Gaeilge ó thuaidh fite fuaite le stádas an Tionól i gCnoc an Anfa. Ar an drochuair, b’eachtra tragóideach a tharla i mí Aibreán a thug ‘spreagadh’ do rialtais na hÉireann agus rialtais na Breataine na cainteanna—chun comhroinnt cumhachta a athbhunú—a atosaigh. Chuir an sagart ag sochraid Lyra McKee náire ar na polaiteoirí os comhair an phobal, rud a bhí tuilte go maith acu.

Tá níos mó ná mí caite ag an gcúig phríomhpháirtí sa Tuaisceart i mbun comhráite ach níl aon chosúlacht réitigh ann go fóill. Sin fiú i ndiaidh an méid a bhí á rá ag an Tánaiste Simon Coveney nuair a thug sé le fios go mbeidh deis i mí an Mheithimh réiteach a fháil ar an tsáinn agus go bhfuil an dá Rialtas le dlús a chur leis an bpróiseas sna seachtainí amach romhainn. Tá muid níos ná leathbhealach fríd an mhí anois gan nuacht ar bith, dearfach nó diúltach, i ndiaidh teacht amach na cainteanna seo.

Tá a fhios ag gach éinne gurb í Acht na Gaeilge mar cnámh spairne i cúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart ón am a d’fhág Sinn Féin an Tionól i mí Eanáir 2017 nó, chun an fhírinne a rá, le blianta fada anuas. Mar sin, bhí muid anseo cheana féin. Léigh mé alt ar na mallaibh ag déanamh comparáid idir an scéal sa Tuaisceart agus an scannán Groundhog Day mar gheall go raibh na díospóireachtaí céanna ag tarlú arís agus arís eile… agus mar sin ní thagann aon réiteach orthu, dár ndóighe… agus mar sin cuireann na rialtais an spriocdháta siar mí eile.

Is fiú é a rá sa chás seo nach bhfuil díreach Sinn Féin amháin ar taobh amháin agus an DUP ar an taobh eile. Tá cúig pháirtí ó thuaidh ag tabhairt tacaíocht don Acht; tá Comhairle na hEorpa agus an Náisiúin Aontaithe ina bhfabhar agus níos tábhachtaí na rud ar bith eile bhí sé ráite i gComhaontú Aoine an Chéasta go mbeadh ‘gníomh diongbháilte’ déanta ó thaobh na Gaeilge de agus fosta bhí gealltanas ó Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn chun Acht na Gaeilge a thabhairt isteach.

Tugtar chearta teanga do phobail teanga mionlaigh agus dúchasacha in Albain agus sa Bhreatain Bheag—agus go deimhin i go leor tíortha daoine ar fud an domhain—mar sin, is eisceacht é an Tuaisceart.

Is minic a labhraíonn an DUP agus a leithéid faoin cé chomh Briotanach agus atá an Tuaisceart, ‘tá Béal Feirste chomh Briotanach ná Basildon nó Barnsley’ agus go bhfuil siad chomh bródúil as a bheith sa Ríocht Aontaithe ach ag an am céanna ní bhíonn siad sásta reachtaíocht atá i bhfeidhm sa chuid eile don Ríocht Aontaithe a bheith i bhfeidhm sa Tuaisceart. Tá siad i gcoinne cearta do na mionteangacha, tá a fhios againn sin, ach fosta níl siad sásta an reachtaíocht maidir le comhionannas pósadh nó ginmhilleadh a bheith i bhfeidhm sa Tuaisceart. Níl mé ag déanamh aon argóint i bhfabhar nó i gcoinne na reachtaíochta sin ach is é an bréagchráifeacht atá chomh soiléir.

An rud atá ar chúl gach rud, i mo bharúil, ná nuair a bhíonn dream amháin ann agus buntáistí nó cearta éagothrom acu mothaíonn siad gurb ionann comhionannas agus ionsaí orthu agus a stádas sa sochaí.

Tháinig seo trasna go soiléir ar na mallaibh nuair a dúirt Arlene Foster go bhfuil meas acu ar na Gaeilgeoirí ata i gcónaí sa Tuaisceart—bhuel, go raibh míle maith agat a Arlene, nach tusa atá iontach deas?—ach ní bheadh sé ceart go gcuirfeadh a gcuid cearta isteach ar na daoine nach labhraíonn Gaeilge. Is seafóid é seo amach is amach agus ta a fhios aici sin. Níl aon rud in Acht na Gaeilge a chuirfeadh isteach ar cearta cainteoir Béarla—tá an Ríocht Aontaithe toilithe le Cairt na Comhairle Eorpaí a chinntíonn seo. Go simplí ní chuirtear isteach ar chearta Béarlóirí má chluineann siad Gaeilge—fiú sa Tionól, le haistriúchán—nó má bhíonn orthu breathnú ar lógó dátheangach nó ar an nGaeilge taobh le Béarla ar chomhartha bóthair. Shílfeá go mbeadh sin soiléir do gach duine ach ‘níl mar a shiltear a bítear’ mar a deir an seanfhocail.

Mar sin, cad é atá romhainn? Níl a fhios agam ach tá a fhios agam seo: ba choir go mbeadh Acht na Gaeilge sa Tuaisceart agus dá ndéanfaí i gceart é go scarfadh sé an Ghaeilge agus cúrsaí polaitíochta, faoi dheireadh—bhuel chomh fada agus a thig leat sin a dhéanamh le rud ar bith sa Tuaisceart.

Is ionann cearta teanga agus cearta daonna. Agus ansin thig linn deireadh a chur leis an díospóireacht seo a bhíonn ag cur amú am agus agus thig le gach duine ansin dul ar aghaidh lena saoil.

Campa Samhraidh Chonradh na Gaeilge Glaschú. Deis iontach do pháistí bhunscoile fá choinne neart spraoi a bheith acu, bualadh le cairde nua, agus roinnt Gaeilge a fhoghlaim fríd Drámaíocht, Ceol, Ealaín, Rince, Cluichí agus Spórt.

Dé Luain 1ú-Dé hAoine 5ú Iúil, 10:30rn- 2.30in/St Helens Church Hall, 32 Langside Ave, Shawlands. Tar ar feadh lá amhain nó dhó nó iad uilig. Cur tús leis an tsamhradh le rud éigin difriúil. Beidh fáilte mhór roimh gach duine.

Tuilleadh eolais le fail ó Evin: 0141 429 2308/07866453708/cnag_glaschu@hotmail.com

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com 

www.cnag-glaschu.co.uk