An Teanga Beo

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

BHÍ mé ar ais in Éirinn ar na mallaibh chun freastal, don dara uair, ar Oireachtas na Samhna a bhí ar súil i mbliana in Óstán CityWest in iarthar contae Átha Cliath, Tógadh mé thart fá 7 míle ón óstan agus mar sin ní raibh me chun an deis seo a chailleadh.

Thosaigh an tOireachtas mar fhéile cultúrtha aon lae i 1897 agus bíonn sé ar súil thart fá Oíche Shamhna beagnach gach bliain on am sin. I ndiaidh a aththosú i 1939 le tamaill fhada bhí sé ar súil i mBaile Átha Cliath ach le beagnach 50 bliain anuas bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain, idir bailte móra m.s. Cill Airde, Chathair na Mart, agus áiteanna sna Gaeltachtaí m.s. Gaoth Dobhair agus cuma ar an scéal, ó thaobh líon na ndaoine i láthair de, go bhfuil sé ag dul ó neart go neart. Faraor ciallaíonn seo nach bhfuil a lán bailte sna Gaeltachtaí mór go leor chun é a óstáil.

Is é aidhm an tOireachtas healaíona dúchasacha na hÉireann a cheiliúradh trí mheán na Gaeilge—idir amhránaíocht, cheol, rince, scéalaíocht agus dhrámaíocht.

Tá na comórtais lárnach don fhéile, mar a bhí siad ón am a bunaíodh é. D’fhéadfá a rá go gurbh é comórtas Chorn Uí Riada mar ‘Chorn an Domhain’ fa choinne amhránaíochta traidisiúnta an tSean-Nóis agus mar buaicphointe na seachtaine. Mar sin, bhí an-áthas orm gur bhuaigh Máire Ní Choilm, as Mín an Iolair, Doirí Beaga i nGaoth Dobhair, an comórtas seo i mbliana. Sheinn Máire ag Feile na Gaeilge i nGlaschú i mí an Mheithimh i halla St Helens i Shawlands agus ní bheidh ionadh ar aon duine a chuala í an oíche sin an nuacht seo a chloisteáil mar gur amhránaí iontach í.

Bhí páirt lárnach ag an Oireachtas in athbheochan damhsa Seán-nós fosta . Anois is iad na comórtais sin—no Steip mar a bhearr siad orthu—mar bhuaicphointe eile na féile. Is breá liom damhsa sean-nós fiú go bhfuil a fhios ceart agam—i

ndiaidh trí ceardlanna déanta agam—nach bhfuilim ábalta é a dhéanamh ar chor ar bith!

Is dócha nach mbíonn an béim céanna ar na comórtais sa lá atá inniu ann ach sílim go mbeadh sé níos cirte a rá go mbíonn i bhfad níos mó imeachtaí eile ar súil ag an fhéile na laethanta seo m.s. ceolchoirmeacha, drámaí, oíche grinn, seolta dlúthdhioscaí, cláracha teilifís agus ráidió á chraoladh beo agus Club na Féile—oíche atá go hiomlán craiceáilte. Tá an taobh sóisialta don fhéile iontach tábhachtach fosta—ag bualadh le daoine ó gach áit in Éirinn agus thar lear. Mar shampla , bhuail mise le chairde ó Londain agus Vermont i mbliana.

An rud is mó a mhothaigh mé ná go raibh sé go hiontach, agus an-spreagúil, a bheith a measc na mílte Gaeilgeoirí. Thaispeáin sé ‘an Teanga Beo.’ Bhí an t-atmaisféar go maith bríomhar agus go hairithe bhí sé iontach a fheiceáil an Ghaeilge labhartha ag na mílte daoine óga idir pháistí, dhéagóirí agus mhicleinn.

Tá daoine ann a shíleann b’fhéidir go bhfuil barraíocht béim curtha ar na himeachtaí úra ach ní thig liom aontú le sin mar sílim gurb é sin todhchaí na féile, agus na Gaeilge, na rudaí traidisiúnta agus nua-aimseartha a bheith ann taobh le taobh. Mar shampla, bhaín mé an-sult as an oíche ghrinn darb ainm ‘Gaelgháirí,’ caithfidh mé a rá.

Thaispeáin An tOireachtas fuinneamh na Gaeilge. Ní thiocfaidh leat a bheith i láthair agus a bheith ag caint faoi ‘teanga marbh.’ Bhí comhrá agus craic i ngach áit ag an Oireachtas agus mothaíonn tú go bhfuil spiorad na Gaeilge beo bríomhara ann.

Ní thig liom críochnú gan a bheith ag caint faoi sheoladh dlúthdhiosca a bhí ag an Oireachtas mar táim cinnte go mbeidh suim ag a lán agaibh ann. Léiríonn Seanchas Sheáin Néill, le Brídanna Ní Bhaoill, traidisiún scéalaíochta agus saibhreas Gaeilge ó Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill. D’fhoghlaim Brídanna na scéalta agus na dánta seo óna muintir agus í ag éirí aníos. Mar a deirtear ar an dlúthdhiosca ‘Bhronn muintir Bhrídanna an tseoid luachmhar seo uirthi agus anois ba mhaith léi an tseoid chéanna a roinnt le pobal na Gaeilge.’ Mholfainn go hard an dlúthdhiosca seo agus mholfainn dóibh turas chuig an Oireachtas a ghlacadh dá mbeadh an seans agaibh.

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com 

www.cnag-glaschu.co.uk