Ar ais go dtí an todhchaí

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

BHUEL, a chairde, beannachtaí libh arís ó Áth Cliath – tá mé fós anseo i ndiadh na Nollag! Níl mé ag gearán faoi , tá a fhios agam cinnte go raibh an t-ádh dearg liom go raibh mé in ann teacht ar ais roimh na Nollag agus go raibh áit anseo ina raibh mé in ann féin-aonrú ceart a dhéanamh ar feadh coicíse.

Bhí mé ag obair as baile i nGlaschú ó mí an Mhárta agus mar sin bím ábalta sin a dhéanamh anseo agus, arís, tuigim nach mbíonn an deis sin ag gach duine agus go bhfuil an t-ádh liom faoi sin fosta.

Chuir cara do mo chuid an cheist seo orm: “Cad é mar a tá sé a bheith ar ais ‘i do chónaí’, ar saghas éigin, le do mháthair agus do dhearthair arís, i ndiaidh roinnt blianta as baile?” Agus sin roinnt blianta i mo chónaí liom féin fosta, níos mó ná 15 bliana.

Ceist mhaith, bhí mé ag smaoineamh. Cad é an fhreagra atá agam? Bhuel, tá sé ceart go leor, caithfidh mé a rá! An chéad rud ná go mbíonn mo dhearthair ag cócaireacht gach oíche, nach méanar sin domhsa! Sin ráite, bíonn milseog againn go minic agus bíonn neart brioscaí agus go leor criospaí sa teach fosta agus mar sin táim nós raimhre ná a bhí mé ariamh—agus ní beag sin le rá!

An rud is fearr ná go mbím ábalta am a chaitheamh le mo mháthair. Tá sé níos mó ná nócha anois—ná habair léi go ndúirt mé sin, bheinn i dtrioblóid mhór—agus mar sin is níos luachmhara an t-am léi anois ná b’fhéidir a bhí ariamh.

Tugann sé deis domh súigh léi agus caint agus píosa craic a bheith againn ach fosta chun rudaí beaga a dhéanamh ar a son, mar shampla cupán tae agus cúpla rud a ullmhú dí don bhricfeasta gach maidin. Nach minic a rinne sí an rud céanna domhsa agus mé óg dár ndóighe—ná mílte uaire is dócha, ag smaoineamh air anois. Tuigim fosta, níos fearr anois ná mar a thuig mé ariamh, an obair a dhéanann mo dhearthair chun cúnamh a thabhairt do mo mháthair. Sin uilig ráite, tá sí fós ábalta neart rudaí a dhéanamh dí féin, buíochas le Dia, agus bheadh sí ábalta cúpla buille óna maide siúil a thabhairt domhsa dá mbeadh a fhios aici go raibh mé ag scríobh fúithi!

Dúirt duine éigean liom, cara eile atá sa chás céanna, go bhfuil muid cosúil le déagóirí agus muid ar ais inár seomra ag éisteacht lenár seantéipeanna. ‘Ar ais go dtí an todhchaí’ mar a dúirt sé! Sin ráite, nuair a tháinig mé ar sean t-léine tie-dye, ar na mallaibh, chuir mé ar ais sa bhosca é!

Tá súil agam go mbeidh mé ar ais i nGlaschú am éigin—is deacair a bheith cinnte faoi rud ar bith na laethanta seo—ach is dócha de bharr an dianghlasadh ní raibh mé ag déanamh mórán ann, taobh amuigh mo chuid oibre, cosúil le gach duine eile is dócha. Agus mar sin b’fhéidir seo an t-am is fearr a bheith anseo. Mothaím mo rothar agus mo ‘theaghlach bubble’ go mór uaim, caithfidh mé a rá!

Luaigh mé an stáisiún TG4 sa cholún seo go minic(www.tg4.ie) toisc go mbíonn a gcuid cláracha ar fheabhas. Mar sin shíl mé go mbeadh sé maith cúpla moladh a thabhairt daoibh anseo, go háirithe toisc go bhfuil muid ar ais faoi dhianghlasadh arís agus b’fhéidir go bhfuil gach rud ar Netflix feicthe agaibh!

—Mná an Cheoil: Sraith ceoil a dhéanann ceiliúradh ar theacht chun cinn na mban i saol an cheoil traidisiúnta. Á chur i láthair ag bancheoltóirí na tíre m.s. Caitlín Nic Gabhann, Michelle Mulcahy & Laoise Kelly

—Laochra Gael: Tá an 19ú sraith de Laochra Gael á craoladh faoi láthair! Cuirtear saoil Laochra Gael, a rinne gaisce ar pháirc na himeartha, i láthair sa chlár iontach seo—a saoil ar an pháirc agus taobh amuigh de. Daoine cosúil le Caoimhín ó Casaide (Gaoth Dobhair agus Dún na nGall, thuas), Rena Buckley (Corcaigh) agus Iggy Clarke (sagart agus imreoir!)

—Scéalta Grá na hÉireann: Tugtar spléachadh sa tsraith úr seo ar na scéalta grá is aitheanta i stair na hÉireann m.s. Micheál Ó Coileáin agus Kitty Kiernan, Robert Emmet agus Sarah Curran agus Oscar Wilde agus Alfred ‘Bosie’ Douglas.

Mholfainn go hard iad uilig!

Tá a fhios agam gur am deacair iad na laethanta seo, a chairde, níos measa ná an chéad dianghlasadh b’fhéidir ach anois, i ndiaidh Féile Bhríde/ Imbloc, tá an t-earrach linn agus bíonn na laethanta ag éirí níos faide, an aimsir níos fearr agus, tá súil agam, thig linn beagán dóchas a bheith againn.

Beidh Lá Fhéile Phádraig linn roimh i bhfad agus fiú go mbeidh sé difriúil I mbliana beidh craic ann ar scór ar bith—mar sin coinnigh súil amach fá choinne nuacht ar na himeachtaí a bheith ar siúl i rith Féile Phádraig Ghlaschú I mbliana.

Tugaigí misneach agus tugaigí aire!

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in 

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk