Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
BEANNACHTAÍ ó Éirinn a chairde. Mar a bhí mé ag rá an mhí seo caite tá mise anseo ar feadh ceithre seachtaine chun tamaill a chaitheamh le mo mháthair agus mo theaghlach, i ndiaidh coicíse ar coraintín. Mar sin, tá mé fós le linn an tréimhse sin ar coraintín faoi láthair agus mé ag scríobh seo. Ciallaíonn sin go bhfuil mé déanamh a lán ‘féachaint ainsrianta’ na laethanta seo—sin an Ghaeilge ar an fhrása sin i mBéarla, ‘binge watching,’ sin de réir an suíomh (an-mhaith) www.tearma.ie. Shíl mé go mbeadh an sraith grinn Last Man On Earth fóirsteanach fá choinne an lá atá inniu ann!
Caithfidh mé a rá go bhfuil mé chomh mí-aclaí sin i ndiaidh an dianghlása gur bheag nár mharaigh an turas rothaíochta—ó Bhéal Feirste go hÁth Cliath—mé! Barraíocht seacláid agus easpa ama ar an rothar roimh an turas seo agus táim ag íoc as sin go fóill—trí lá ar an rothar agus ansin beagnach tri lá sa leaba ina dhiaidh!
Tá sé an-deas, dár ndóighe, a bheith ar ais in Éirinn, faoi dheireadh!, agus ar ais le chéile le mo theaghlach—fiú go bhfuil dianghlásadh úr ann anois i gcontae Chill Dara, áit ina bhfuil mo dheirfiúr ina cónaí. Beidh mo mháthair ag gearán fúm roimh i bhfad , táim cinnte, ach sin páirt don chraic ar scor ar bith.
Fiú go bhfuil sé an-deas a bheith ar ais le chéile le cairde agus teaghlach anseo táim fosta ag siúl go mór le a bheith ar ais le chéile ag na ranganna agus imeachtaí Gaeilge in Albain i mí an Mheán Fhómhair.
Is dócha nach bhfuil sé soiléir go fóill, faraor, cad é mar a bheidh muid ag déanamh na himeachtaí seo—caithfidh muid cloí le rialacha an rialtais agus bíonn siad ag athrú go measartha minic mar atá ar eol daoibh. Ach beidh muid ar ais le chéile i mbealach amháin nó bealach eile, thig liom sin a rá gan aon dabht.
Mar luaigh mé anseo cúpla uair , bhí an-ráth ar na ranganna agus imeachtaí eile a rinne muid ar líne—le Zoom—idir mí an Mhárta agus mí an Meithimh. Bhí siad i bhfad níos fearr ná a shíl mé go mbeadh siad sular thosaigh siad—sin ó thaobh mise a bheith teagasc agus fosta fá choinne na daoine a bhí ag freastal orthu. Bhí an craic iontu fosta, b’fhéidir sin an rud is tábhachtaí. Mar sin, dá mbeadh orainn fanacht ar líne fá choinne na ranganna agus imeachtaí eile, fiú nach mbeadh sin foirfe, ní bheadh aon imní orm faoi. Rud a chuir gliondar ar mo chroí thar ar rud eile ná go raibh muid in ann cuidiú a thabhairt do dhaoine nach raibh taithí ar bith acu a bheith ar líne—fiú ag úsáid Zoom nó a leithéid—chun a páirt a ghlacadh sna himeachtaí seo, daoine thar ceithre scór bliain in a measc! Mar sin, níl ga ar bith a bheith buartha faoi ranganna ar líne, dá mbeadh siad ar siúl.
Sin ráite, tá súil againn go mbeadh bealach ann go mbeadh muid in ann teacht le chéile ‘sa fhíorshaol’ in áit an ‘saol fíorúil’ agus beidh muid ag obair go dian chun coinníollacha a chur i bhfeidhm chun sin a dhéanamh.
Cíbe bealach ina mbeidh siad ar siúl, beidh na himeachtaí seo ag tosú arís i mí an Mhéan Fhómhair (dátaí le deimhniú go fóill):
Ranganna Conradh na Gaeilge Glaschú do Dhaoine Fásta
Dé Máirt, 1-2.30in, Meánrang; agus 2.30-4in Ardrang
Dé hAoine, 7-9in, Bunrang, Meánrang agus Ardrang
Cultúr Club (do pháistí)
Dé Domhnaigh, 12.30-2in.
De ghnáth, bíonn na himeachtaí seo ar siúl in Ionad Comharsanachta Chnoc a’ Ghobhainn, Sráid na Nóiníní, G42 8JL, ach beidh muid ag deimhniú sin go luath tá suil againn.
Chomh maith leis na himeachtaí sin i nGlaschú, beidh na himeachtaí seo:
Dún Éideann
Bíonn Ciorcal Comhrá Dhún Éideann ag teacht le chéile gach mí, de ghnáth in Ard-Chonsalacht na hÉireann—ár mbuíochas leo arís—ach ar Zoom dá mbeadh orainn sin a dhéanamh. Bíonn PopUp Gaeltachtaí á reáchtáil i nDún Éideann go measartha minic fosta agus bíonn ranganna Gaeilge san Ollscoil chomh maith.
New Stevenson/Holytown (in aice le Tobar na Máthar)
Bíonn rang Gaeilge gach Dé Céadaoin ó 7.30in. ag Craobh Johnny Doherty de Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Beidh na ranganna seo ag leanúint ar aghaidh ar líne fosta, dá mbeadh orainn sin a dhéanamh.
Bíonn Conradh na Gaeilge ag reáchtáil go leor imeachtaí eile e.g. ár ngrúpa amhránaithe Ceoltóirí Chonradh na Gaeilge Glaschú, Popup Gaeltachts & srl agus seans go mbeadh ranganna eile ann dá mbeadh an suim ann.
Mar sin beidh neart deiseanna ann go fóill chun an Ghaeilge a fhoghlaim, a fheabhsú agus a úsáid in Albain agus i gcónaí bíonn fáilte roimh chách, go háirithe daoine úra!
Thig libh teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge Glaschú, agus níos mó eolais a fháil faoi gach rud luaite thuas, ar an leagan úr dár suíomh www.cnag-glaschu.co.uk nó seol r-phost chuig ag cnag_glaschu@hotmail.com. Bhuel, a chairde, tá an grian amuigh anois—i ndiaidh cúpla lá fíor báisteach—agus mar sin táim ag dul amach ar an rothar.
Tugaigí aire agus beidh mé ag caint libh arís! Agus ná déanaigí dearmad faoi na ranganna agus na grúpaí Gaeilge anseo in Albain, bígí linn. P.S. Ba mhaith liom a rá anois, go hoifigiúil, nach raibh mé ag imirt galf sa Chlochán am ar bith le linn mo shaoire sa tír!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
www.cnag-glaschu.co.uk