Ár gcluichí, ár gcultúr

0

Éimhín Ó Dunaigh

Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

BHÍ mé ar ais in Áth Cliath dhá uair na mallaibh fá choinne cluichí ceannais Peile na hÉireann. Bhí an-iontas ar neart daoine in Albain nuair a chuala siad nach imríonn siad am breise i gcluichí ceannais Chumann Lúthchleas Gael agus mar sin go raibh athimirt de dhíth.

Cúpla lá agus ócáid den chéad scoth a bhí ann cluichí ceannais na bhFear agus ba rud iontach speisialta a bheith ann go hairithe domhsa mar Bhaile Átha Cliathach toisc gur bhuaigh Áth Cliath a gcúige craobh i ndiaidh a chéile—an chéad foireann sinsir na bhfear a ndearna sin ó thosaigh Cumann Lúthchleas Gael 135 bliain ó shin. Lá stairiúil a bhí ann mar sin agus lean na ceiliúradh ar aghaidh go lár na hoíche.

Níos fearr arís na go raibh mé ar ais i bPairc an Chrocaigh an lá dar gcionn faoi choinne cluiche ceannais Peil na mBan agus bhí an bua ag Áth Cliath arís—3 bhliana i ndiaidh a cheile don fhoireann sin—agus bhí níos mó na 56,000 sa lucht féachana. Sin an curiarracht fá choinne an chluiche sin agus níos mó na dúbailte an méid a bhí ann 5 bhliana roimhe. Mar comparáid, bhí 43,000 i Wembley i mí Bealtaine ag cluiche ceannais Corn FA na mBan—agus ba churiarracht sin fosta dóibh.

Chun an fhirinne a rá is laethanta stairiúla iad gach cluiche ceannais na hÉireann—tá siad chomh tábhachtach sin inár gcultúr agus ár n-oidhreacht. Mar shampla, tagann cairde de mo chuid ar ais ón Ceanada agus An Astráil faoi choinne cluiche ceannais nuair a bhíonn Áth Cliath ag imirt . fiú daoine nach bhfuil mórán suim acu sa pheil nó iománaíocht , bíonn an-suim acu nuair a bhíonn a gcontae ag éirigh go maith leo.

I sacar agus neart spórt eile piocann tú an do fhoireann agus/nó bíonn daoine ó áit eile ag tabhairt tacaíocht don fhoireann sin chomh maith ach leis an Chumann Lúthchleas Gaeil tugann tú tacaíocht don chontae as a dtagann tú—nó

corruair as a dtagann d’athair nó do mháthair. Níl rogha ar bith agat. Ní bheadh meas ar bith ag éinne ar duine as, mar shampla, An Cabhán a dtabharfadh tacaíocht do fhoireann Chorcaigh. Bród as a n-áit dúchais, sin an rud atá i gceist—rud nach bhfaigheann tú mar duine Éireannach ag leanúint Manchester United nó Barcelona agus a leithéid—agus sin ráite agamsa , duine a leanann United ar fad mo shaol. Dar ndóighe, cosúil le gach rud sa saol, thig le daoine a dhul thar fóir leis an ‘grá’ seo dá n-áit féin ach an chuid is mó don am is rud dearfach é.

Ar ais in Éirinn, go háirithe faoi tuath ach sna cathracha fosta, is croí an phobail é an Chlub CLG. Níos mó a gcontae fiú , bíonn bród ag daoine as a ceantar/paróiste féin agus an chuid is mó den am is é an chlub CLG an bealach chun sin a thaispeáint agus a cheiliúradh.

Bíonn rudaí mar sin de dhíth ar gach duine agus ar gach pobal, sílim féin. Níl pobail na hÉireann thar lear difriúil sa chas sin agus sin an fáth go mbíonn na clubanna CLG chomh tábhachtach do na deoraí anseo in Albain, Sasana, Meiriceá agus gach áit ina mbíonn na Éireannaigh. Bhí comórtais Cluichí na Cruinne in Áth Cliath agus tháinig foirne ó gach carn den domhan chucu.

Cosúil leis na gnéithe eile dár gcultúr, mar shampla an ceol, an damhsa agus an teanga, in amanna b’fhéidir go mbíonn níos mó bród orainn astu nuair a bhíonn muid inár gcónaí thar lear. Níos tábhachtaí ná sin cruthaíonn na clubanna anseo in Albain pobal thart fan chlub—sin i bhfad níos tábhachtaí ná na cluichí iad féin. Tá foirne faoi choinne páistí, mná agus fír, peil agus iománaíocht/camóige in Albain.

Thosaigh club iománaíocht/camóige i nGlaschú ar na mallaibh, Ceann Creige an t-ainm atá orthu, agus dár ndóighe tá Tír Conaill Harps agus Glaschú Gaels ar an fhod le blianta anois chomh maith; sa phríomhchathair tá Dún Éideann Connollys/Dún Éideann Óg ag dul ó neart go neart fosta; tá Sands MacSwineys/Coatbridge Davitts i nDroichead an Chóta agus tá Dalriada in Obar Dheathain agus Dún Deagh.

Braitheann siad uilig ar daoine ag déanamh obair dheonach, daoine a dhéanann seo ar son a bpobal ach nach iontach an rud é. Bíonn na clubanna uilig i gcónaí oscailte do dhaoine nua, fiú múna imir tú ariamh.

Dá mbeifeá ag iarraidh blas don phiosa seo dár gcultúr téigh go La Cultúr agus Oidhreacht an hÉireann i The Grange, Stockbridge i nDún Éideann Dé Domhnaigh an 29ú de mhí an Mheán Fhómhair nó chuig cluichí ceannais na Alban a bheidh ar siúl i nDroichead an Chóta Dé Sathairn an 5ú Deireadh Fómhair. Glac páirt, tabhair tacaíocht, ní bheidh aiféala ort.

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk