Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
BHUEL, a chairde, táim ar ais in Albain faoi dheireadh! Rud a bhí ar m’intinn agus mé ar ais in Éirinn—agus atá ar m’intinn le blianta, chun an fhírinne a rá—ná ár logainmneacha in Éirinn. Nuair a bhi mé in Éirinn bhí mé ar mo rothar ag dul fríd ‘The Phoenix Park,’ bhí mé ag stopadh i ‘Drumcondra.’ bhí mé ag fanacht le mo mháthair san áit inar togadh mé, ‘Lucan,’ agus thug mé cuairt ar mo dheirfiúr i ‘Kilcock,’ i measc áiteanna eile dár ndóighe.
Cad chuige gur chuir mé uaschamóga thar na logainmneacha sin? Sin iad na hainmneacha coitianta atá orthu, na hainmneacha i mbéal na ndaoine thig leat a rá, agus níl aon dabht faoi sin ach cad é a ciallaíonn na logainmneacha Béarla seo i mBéarla é féin? Níl ciall ar bith orthu i mBéarla—raiméis amach is amach atá ann, nach ea? Bíonn an nós againn a rá rud cosúil le oh, ciallaíonn Drumcondra ‘Conra’s ridge’’ ach níl sin fíor—ciallaíonn Droim Conrach (an t-ainm Gaeilge ar an áit) ‘Conra’s ridge,’ níl chiallaíonn Drumcondra rud ar bith. Chuir údaráis na Breataine fuaimeanna agus litríocht an Bhéarla ar na logainmneacha dúchasacha Gaelach, go háirithe i lár an 19ú aois leis an obair déanta ag an Suirbhéireacht Ordanáis ag an am sin, de réir mar a thuigim. Mar sin, níl an nós againn a rá go bhfuil mo dheirfiúr ina cónaí i gCill Choca—ainm a ciallaíonn ‘Coca’s Church’—ach i ‘Kilcock’ agus nílim ag iarraidh a fháil amach cad é a chiallaíonn an t-ainm Béarla sin! Mar a deir chara de mo chuid i gcónaí ar an ábhar seo ‘níl Phoenix ar bith le feiceáil i bPáirc an Fhionn Uisce agus ní raibh ariamh!’
Ach an bhfuil an ábhar seo tábhachtach in aon bhealach, an gceapann tú? Silim féin go bhfuil ár logainmneacha, agus ár n-eolas orthu, iontach tábhachtach. Is páirt luachmhar dár n-oidhreacht chultúrtha iad ár logainmneacha agus is cuid dár bhféiniúlacht féin iad. Nochtann an staidéar, ar bith, ar logainmneacha na hÉireann gnéithe de stair agus de thíreolaíocht na tíre, agus d’fhorbairt na Gaeilge chomh maith.
Mar shampla , togadh mé i bparóiste darb ainm Esker, i mBéarla, ach ní raibh a fhios agam go dtí cúpla bliain ó shín an nasc atá idir ainm mo cheantarsa, Eiscir, agus ‘Eiscir Riada’—an tslí ríthábhachtach a chuaigh fríd croílár na tíre sa sean-am agus a bhí mar theorainn idir dhá thaobh na tíre; ‘Leath Cuinn’ (ó thuaidh), agus ‘Leath Mogha’ (ó dheas).
Is cúis náire domhsa , chun an fhírinne a rá , go raibh—agus go bhfuil fós—mé chomh aineolach sin ar stair mo cheantarsa gan trácht ar mo thír fiú.
Sampla eile a fheicim nuair a bhím ag tasteail gar don Clochan Liath i nDun na nGall ná abhann/ droichead leis an ainm Béarla ‘Owennamarve.’ Bheadh an méid céanna ciall ann dá gcuirfí an t-ainm ‘Plunksplodgespoonhamster’ air, nach mbeadh? Cad é an t-ainm ceart, an t-ainm Gaelach ar an abhainn/áit seo? Abhainn na Marbh—ainm a theann siar go dtí t-am a bhí cath ann idir dhá threibh áitiúla de réir an saoi is fearr… An Fear Rua! Sin nasc le hoidhreacht na háite atá briste nuair a úsáidtear an t-ainm Béarla. Briseann sin ár bhféiniúlacht féin chomh maith dár ndóighe. Tá seo le feiceáil timpeall na tíre, níl aon dabht faoi.
An cás is measa ná ainm na tíre é féin. Is é Éire ainm na tíre inár dteanga dúchais ach le blianta fada tá sórt gráin de saghas éigin, nó náire faoi ar a laghad, ag cuid mhaith dúinn. Tá/bhí sé agam, caithfidh mé sin a rá fiú nach bhfuil mé bródúil ar chor ar bith sin a admhaigh anseo.
Carb as a dtagann an gráin/náire seo? Bhuel, brón orm, ach caithfidh muid súil a chaitheamh ar lucht na Breataine arís chun an scéal seo a bhriseadh síos. Chuir Bunreacht na hÉireann, i 1937, Éire mar ainm an stáit go foirmiúil, nó i mBéarla, ‘Ireland.’ D’éiligh an Ríocht Aontaithe, áfach, an t-ainm ‘Eire’ a úsáid gan an fada, agus dhiúltaigh sí glacadh leis an ainm ‘Ireland.’ Cuireadh reachtaíocht i bhfeidhm fiú chun an seasamh seo a chur i ndlí.
Mar sin ag na Cluichí Oilimpeacha i London i 1948 d’áitigh na heagraithe go máirseáil foireann na hÉireann faoin mbratach ‘Eire’ d’ainneoin go raibh gach foireann eile ag máirseáil faoi a n-ainm i mBéarla. Níor ghlac rialtas na RA go dtí 1998, agus an Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis an ainm ‘Ireland.’ Ní cúis ceiliúrtha sin déarfainn. Mar sin i 1948 bhí muid féin, mar Éireannaigh, ag mothú gur masla a bhí ann nuair a úsáideadh ainm ár dtíre inár dteanga dhúchais féin agus muid, ina ionad sin, ag iarraidh go n-úsáidfí ainm ár dtíre i dteanga iasachta! Is mugadh magadh ab é seo mura mbeadh sé chomh tragóideach agus náireach.
Is cuimhin liom an sórt rud seo a bheith fíor fós nuair a bhí mise óg agus tá sé giota beag fíor go dtí an lá inniu fiú, sílim. Déanaim iarracht Éire a úsáid níos mó na laethanta seo ach braitheann sé go mícheart orm fós, agus nach rud uafásach é sin! Nóta: muna raibh sé ar eolas agat cheánna féin, tagann an focal Éire, i Gaeilge nua-aimseartha, ón bhfocal Ériu sa Sean-Ghaeilge. Ba bhandia Gaelach í Ériu. Creidtear gurbh í Ériu bandia matrúin na hÉireann, bandia talún agus flaitheas.
Cad é an réiteach don fhadhb seo? Bhuel is é mo thuairim anois go ba choir dúinn na logainmneacha i Ngaeilge a úsáid an t-am ar fad, fiú i mBéarla. Bealach chun an nasc idir muid féin mar Éireannaigh agus ár dteanga dúchais agus ár dtír a athbheoigh. Fá choinne na logainmneacha atá cosúil leis an leagan Béarla—agus sin an cuid is mó díobh—thiocfadh linn seo a dhéanamh lom láithreach m.s. Droim Conrach in áit Drumcondra, Gaillimh in áit Galway, Dún an nGall in áit Donegal agus srl. srl. Thiocfadh reachtaíocht ansin chun seo a chur ar bhonn foirmiúil. Nach iontach an rud é dá ndéanfadh muid sin? Thiocfadh linn a bheith bródúil as ár logainmneacha.
Bainigí triall as cúpla logainmneacha i nGaeilge a fhoghlaim agus a úsáid—mholfainn go hard daoibh an suíomh www.logainm.ie ta sé chomh suimiúil agus easca a úsáid. Tugaigí aire a chairde agus ná déanaigí dearmad faoi na ranganna Gaeilge atá ag tosú na laethanta seo in Albain.
P.S. Sam Bennett abú! #GeansaíUaine
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
www.cnag-glaschu.co.uk