Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
ATHBHLIAIN faoi mhaise agus faoi shéan agaibh go léir a chairde. Tá súil agam go raibh saoire Nollag mhaith agaibh agus go bhfuair sibh rud éigin deas ó Dhaidí na Nollag! Chaith mise thart fá coicís ar ais in Áth Cliath. Chaith mé cuid mhaith don am sin, chun an fhirinne a rá, ag amharc ar Bargain Hunt agus a leithéid le mo mháthair. Ceart go leor is fíor-sheanfhear anois mé ach cad é ata mícheart faoi na ;pléisiúir ciontacha.’Is dócha gur chaith mé an chuid eile don am ag ithe gan stad. Tuigim níos fearr anois an seanfhocail ‘Is deartháir an tsuthaireacht an t-otrachán,’ gan aon amhras.
I ndiaidh am deas ar ais ‘abhaile’ le mo mo theaghlach agus mo chairde bhí saghas brón agus cumha orm agus mé ag teacht ‘abhaile’ go Glaschú sa bhliain úr. I ndiaidh níos mó ná leath mo shaol a bheith i mo chónaí thar lear ba choir, b’fhéidir, nach mbeadh sé mar sin ach sin saol an eisimirceach, is dócha. Duine ar bith ata ag léamh seo atá anois agus atá ina gcónaí i dtír nach a dtír féin é, nó a chaith tamaill mar sin, tuigeann siad an cumha sin—agus sin cuid mhaith agaibh, táim cinnte.
Tá sé difriúil anois, dar ndóighe, ná a bhí sé i mo chéad bhliain i Nua Eabhrac agus mé díreach i ndiaidh an ollscoil a chríochnú agus i mo chónaí i gcathair a bhí go hiomlán difriúil, gan aithne agam ar duine ar bith ar dtús. Bhí sin giota beag deacair caithfidh mé a rá ach seachtain i ndiaidh seachtain, mí i ndiaidh mí agus bliain i ndiaidh bliain bhí laghdú ar an chumha sin ach fós bíonn sé ann, fiú go mbíonn sé sa chúlra an chuid is mó don am.
Anois, ní mhothaím gur rud go hiomlán diúltach é an mothúchán seo agus nach mbeadh sé ait múna raibh sé ann ar chor ar bith? I mbealach éigin is sórt comhartha é don cheangail a bhíonn againn lenár áit dúchais, nach ea? Tá a fhios agam fosta go mbíonn, in amanna, an sórt cumha nó grá céanna ag daoine fá choinne tír a dtuismitheoirí nó seantuismitheoirí.
Tá níos mo taithí ag na hÉireannaigh ar eisimirce ná b’fhéidir náisiún ná tír ar bith eile, thiocfadh leat a rá. De bhrí sin, tá muid le fáil i gach carn don domhan—bhí a fhios agam sin nuair a chuala mé go raibh teach tábhairne Éireannach i Kabul! Seo an fáth go bhfuil an páipéir seo le fail fiú, nach bhfuil—seo ceangail eile eadrainn mar Éireannaigh agus pobal Éireannach anseo in Albain.
Seo páirt don cúiseanna go dtagann muid le chéile ag ranganna Gaeilge nó rince Gaelach, i gclubanna Cumann Lúthchleas Gael, ag craobhacha Comhaltas Ceoltóirí Éireann , sna tithe tábhairne Éireannacha agus i neart bealaí eile nach iad. Tá ceangail eadrainn—le chéile agus lenár dtír dúchais nó le tír ár sinsear agus lena gcultúr agus nach méanar dúinn go bhfuil sé ann? Nach mbeadh an cumha a bhíonn ag na hÉireannaigh i bhfad i bhfad níos measa gan tacaíocht agus cairdeas a fhaigheann muid ónár bpobal féin, agus na heagraíochtaí ina measc, atá anseo in Albain.
Mar sin mura bhfuil sin déanta agat roimhe seo tapú an deis anois chun páirt a ghlacadh i gcuid de na heagraíochtaí cultúrtha agus spóirt seo—bíonn neart ar súil i gcónaí agus tá fáilte i gcónaí roimh daoine nua. Is croílár ár bpobal iad na heagraíochtaí seo.
Má tá tú ag smaoineamh ar an nGaeilge a fhoghlaim den chéad uair nó dá mbeifeá ag iarraidh do chuid Gaeilge a úsáid níos minice i mbliana, tá pobal mór in Albain chun sin a dhéanamh.
Reáchtálann Conradh na Gaeilge ranganna seachtainiúla i nGlaschú agus tá grúpa amhránaithe Gaeilge acu agus go leor imeachtaí cultúrtha eile chomh maith. Tá ranganna Gaeilge á reáchtáil freisin ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann in aice le Tobar na Máthar agus in Ollscoil Dhún Éideann. Tá grúpaí comhrá ar siúl go rialta agus PopUp Gaeltachtaí le fáil i nGlaschú agus i nDún Éideann. Mar sin tá a lán rudaí ar siúl.
Ar ndóigh, cuireann an t-idirlíon neart deiseanna agus áiseanna ar fáil chun an teanga a fhoghlaim agus a úsáid! Téigh agus íoslódáil an feidhmchlár Duolingo—tá cúrsa Gaeilge saor in aisce ann agus ansin beidh tú ag déanamh 5 nó 10 nóiméad d’obair fhoghlama gach lá. Is uirlis iontach é chun tús a chur le do chuid foghlama nó chun teacht ar ais chuig an teanga. Tá an clár teilifíse Now You’re Talking ar fáil saor in aisce anois ar YouTube agus tá Raidió na Gaeltachta—agus stáisiúin Ghaeilge eile—agus TG4 ar fáil ar líne freisin.
Mar shampla d’ócáid iontach inár bpobail atá ag tarlú ar ball beidh Céilí Oíche Bhríde de chuid Conradh na Gaeilge ag siúl i halla Chríost an Rí, Páirc an Rí, Dé Sathairn an 1 Feabhra. Is ócáid é a cheiliúrann oidhreacht na hÉireann agus bíonn craic iontach ann fosta!
Déan teagmháil le Conradh na Gaeilge Glaschú fríd cnag_glaschu@hotmail.com nó 07866453708 le haghaidh tuilleadh eolais faoin imeacht seo nó faoi na ranganna agus na grúpaí atá luaite thuas.
Mar a deir siad i mBéal Feirste: “Na habair é, déan é!” Beidh fáilte romhat!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
cnag_glaschu@hotmail.com
www.cnag-glaschu.co.uk