Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
BHUEL, a chairde, sin muid anois, beagnach déanta leis an bhliain uafásach seo, buíochas le Dia! Is deacair a bheith ag smaoineamh nó scríobh faoin bhliain seo gan a bheith ag stróiceadh mionnaí móra! Mar sin, déarfainn seo leat, a 2020; “Go n-ithe an cat thú agus go n-ithe an diabhal an cat!” Mothaím níos fearr i ndiaidh sin, caithfidh mé a rá.
Chun a bheith dáiríre, anois agus muid ag druidim le deireadh na bliana seo thig linn dóchas a fháil ó cúpla píosa dea-nuacht—faoi dheireadh —a tharlaigh ar na mallaibh.
An chéad rud ná go raibh scéalta dearfacha fógartha faoi trí vacsaín fá choinne Covid-19. Thugann an nuacht seo dóchas dúinn uilig, tá súil agam, go mbeidh bliain i bhfad níos fearr i ndán dúinn i 2021—táim ag brionglóideach cheana féin faoi cheolchoirmeacha agus piontaí ar saoire sa Gaeltacht—bhuel piontaí in áit ar bith ag am ar bith, chun an fhírinne a rá!
An dara píosa dea-nuacht a fuair muid ar na mallaibh ná cailleadh an amadáin oráiste sa toghchán Meiriceánach. Chaith mé cuid mhaith den tseachtain sin ar suíomh idirlín CNN ag bruaigh arís agus arís ar an chnap athnuaigh agus mé buartha faoi na huimhreacha ag teacht ó contaetha éagsula i Pennsylvania agus Arizona nár chuala mé trácht ar bith orthu riamh i mo shaol go dtí an pointe sin. Rud giota beag aisteach is dócha, caithfidh mé a admháil , ach nuair a chuala mé an nuacht faoi dheireadh go raibh an bua ag Biden, agus nach mbeadh orainn cur suas leis an Trumpa níos mó, bhí aoibh gáire ar m’aghaidh ar feadh dhá nó trí lá agus bhí mé ag briseadh amach ag gáire, gan coinne, gach uair a chuimhnigh mé an nuacht.
Tuigim, gan amhras, go bhfuil ár bhfadhbanna féin againn fós leis na polaiteoirí atá againn féin anseo—in Albain, i mBreatain agus in Éirinn—ach thruailligh an béalastán, an maistín seo an nuacht anseo, agus ar fud an domhain, gach lá lena bhréaga, thug sé misneach go daoine ciníocha, ina thír féin agus i ngach tír eile, agus samhlaigh an ceacht a d’fhoghlaim páistí uaidh nuair a chonaic siad duine gan meas madadh ar duine ar bith nó ar an fhírinne a bheith mar ‘an duine is cumhachtaí ar domhain.’ Bhuel anois, buíochas le Dia, beidh sé caite amach ón Teach Bán roimh i bhfad, agus, tá súil agam, caite i bpríosún roimh i bhfad fosta, táim ag brionglóideach arís, is dócha.
Sin go leor faoin amadán sin ar scór ar bith, anois chun a bheith ag caint faoi rud i bhfad níos deise—an Nollaig!
Gan dabht beidh Nollaig giota beag aisteach againn i mbliana ach tá súil agam go mbeidh muid uilig ábalta giota beag suaimhneas agus craic a bhaint as—i ndiaidh an bhliain seo, tá tuillte againn. Sa leagan i mBéarla tabharfaidh mé cúpla frásaí fóirsteanach fá choinne an Nollaig ach is dócha má tá tú ag léamh an leagan seo, i nGaeilge, níl na frásaí sin de dhíth ort! (Seans mhaith go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge agat ná mar atá agamsa). Sin ráite, tá cúpla smaoineamh agam faoi bhronntanas Gaeilge—rudaí a chonaic ar líne agus na meáin shóisialta ar na mallaibh—agus tá súil agam go mbeadh siad áisiúil.
An chéad rud, leabhar an-deas do pháistí óga darb ainm Mo Chuid Amhráin Ghaeilge ó Tatyana Feeney. Brúigh an cnaipe agus éist le sé amhrán thraidisiúnta, mar shampla Óró Sé Do Bheatha ‘Bhaile. Tá Cuma fíor dheas air agus beidh mé féin ag ceannach an leabhar seo fá choinne mo nia is óige. Fá choinne daoine fásta mholfainn Thirty-Two Words for Field le Manchán Magan, leabhar faoi saibhreas na Gaeilge agus a tionchar ar saol na hÉireann fadó agus faoi láthair. Dá mbeifeá ag lorg—mar bhronntanas—leabhar foghlama na Gaeilge mholfainn Gaeilge gan Stró! ó Gaelchultúr. Cíbe rud a fhaigheann tú ó Dhaidí na Nollag, tá súil agam go mbeidh Nollaig agus Athbhliain faoi mhaise duit agus do theaghlach fosta.
Ní thig liom críochnú gan mo fhíorbhuíochas a ghabháil leis an fhoireann ag An Irish Voice—go háirithe Gearóid—as ucht a gcuid tacaíocht domhsa agus an éacht mór atá déanta acu ar son ár bpobal, go háirithe i mbliana. Mar léitheoir an nuachtán seo taim cinnte go n-aontaíonn tú liom agus go dtuigeann tú luach an fhoilseachán seo. Tugaigí aire agus chifidh mé i 2021 sibh!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in