Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
BHUEL, a chairde híl muid go raibh an domhan bun os cionn an mhí seo caite ach anois tá sé deacair a thuiscint cé chomh gasta agus a bhíonn an nuacht ag gluaiseacht ar aghaidh na laethanta seo. Bím in íseal bhrí faoi cúrsaí reatha go minic, caithfidh mé a rá, ach sin ráite táim dóchasach fosta go dtiocfaidh athraithe dearfacha as na hagóidí atá ag tarlú faoi láthair agus na fadhbanna a thug siad aníos—fadhbanna a bhí ann leis na blianta fada mar, dár ndóighe; níl inniu ná inné a thosaigh an ciníochas agus níl sé le fáil sna Stát Aontaithe amháin.
Cad é mar a thiocfaidh muid fríd an géarchéim seo? Géarchéim i rith géarchéim eile, dár ndóighe. Bhuel, cosúil le beagnach gach fadhb sa saol, sílim féin go bhfuil oideachas, cumarsáid, meas agus cineáltas de dhíth agus caithfidh muid uilig a bheith sásta ár n-intinn a choimeád oscailte. Bhí mé ag caint an mhí seo caite faoi ‘saol níos fearr’ a chruthaigh dúinn féin uilig i ndiaidh seo agus bheinn fós dóchasach faoi sin. Mar Éireannaigh mholfainn daoibh dul ar an idirlín agus amharc ar an amhránaí Bleácliathach Imelda May ag leamh a dán nua darb ainm You Don’t Get To Be Racist And Irish—rud iontach cumhachtach agus tábhachtach a chloisteáil na laethanta seo, i mo bharúilse.
I measc na eachtraí seo tháinig scéal aníos i Sasana faoin Ghaeilge a bhí deacair a chreidiúint. Tháinig sé amach ag tús mí an Mheithimh gur dhiúltaigh breitheamh in Deoise Coventry, Sasana, ráiteas i nGaeilge amháin, ‘Inár gcroíthe go deo,’ a chur ar leac chuimhneacháin.
Dúirt an Breitheamh Eyre sa rialú de chuid na cúirte eaglasta, go raibh an ‘baol ann’ go nglacfaí leis mar ‘ráiteas polaitiúil,’ toisc, dar leis, ‘an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge.’
Dúirt sé fosta nach dtuigfeadh ach ‘mionlach beag’ an ráiteas dá mbeadh sé i nGaeilge amháin. Ní a fhios agam cá háit a thiocfadh liom tosú caint faoin mhéid seafóid atá sa bhreithiúnas seo. An mbíonn sé de nós ag daoine siúl thart reilig ag amharc ar na leaca agus a bheith ag smaoineamh ‘oh, tuigim seo agus tuigim seo ní thuigim sin agus mar sin ní maith liom e?’ Tá an breithiúnas chomh aineolach , suarach agus díreach bómánta! Mar a dúirt iníon na mná, Margaret Keane, ba rud thábhachtach d’oidhreacht a máthair í an Ghaeilge agus go raibh sí bródúil as an gcultúr Gaelach i rith a saoil. Ní rud polaitiúil ná conspóideach é sin, nó sin a shílfeá!
Ní raibh moill ar an Eaglais Shasana ráiteas a chur amach ag rá nach raibh polasaí náisiúnta acu ag diúltú Gaeilge a chur ar leaca cuimhneacháin. Níos mó ná sin, dúirt siad: “Tá an Ghaeilge ina dlúthchuid d’oidhreacht Eaglais Shasana. Gaeilge a labhair na manaigh in Lindisfarne agus áiteanna eile a raibh baint mhór acu le bunú na hEaglaise.”
Chomh maith le sin dúirt Easpag Coventry gur ‘cúis mhór bhróin’ é an cinneadh.
Fuair an teaghlach tacaíocht fosta ó Chumann Gaelach Eaglais na hÉireann—dúirt siad gur léiriú é an cás ar ‘aineolas’ an Bhreithimh maidir le ‘cearta daonna agus prionsabail Aoine an Chéasta’ agus go raibh siad ‘ag impí ar an mbreitheamh athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh agus seasaimid le clann Margaret.’
I ndiaidh na ráitis seo uilig agus an conspóid a tháinig amach as an bhreithiúnas bheifeá ag smaoineamh go mbeadh rath ar an achomharc sa chás seo ach cé hé an breitheamh áitiúil a bhí ag caitheamh a shúil thar an achomharc seo? An Breitheamh Stephen Eyre arís, creid é nó ná creid.
Dár ndóighe dhiúltaigh sé cead a thabhairt d’achomharc in aghaidh cinneadh a rinne sé féin. Mar sin caithfidh an teaghlach achomharc chuig cúirt eaglasta níos sinsearaí a dhéanamh anois. Dúirt siad gur chuir an cinneadh, agus an próiseas ‘phianmhar’ seo, ‘leis an bhriseadh croí a bhain le bás a máthar.’ Tá sé chomh soiléir go bhfuil easpa oideachas, ciall, meas agus cineáltas agus an Bhreitheamh Eyre. Mar rud dearfach a bhaint as an chás brónach seo tá feachtas Gofundme curtha ar bun ag muintir Keane chun tacú le club áitiúil CLG agus leis an chomhionannais a chur chun cinn in Coventry. Mholfainn daoibh tacaíocht a thabhairt dó.
Mar focal scór, tá an breithiúnas seo níos aistí arís nuair a thuigeann tú gur dhiúltaigh an Eaglais Shasana leis an ráiteas ‘I told you I was ill’ ar leac Spike Milligan ach gur ghlac siad—agus na déan dearmad gur tháinig muintir Spike as Éireann—le ‘Dúirt mé leat go raibh mé breoite’ a chur air…sin an t-aistriúchán i nGaeilge! Is ait an mac an tsaoil, mar atá ar eolas againn anois. Bígí cineálta a chairde.
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in