Coinnigh orainn ag ceiliúradh ár gcultúr

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

BHUEL, a chairde, tá muid ar ais ag an am seo den bhliain—tá ceiliúradh Lá Fhéile Phádraig 2020 ar siúl anois! Tá súil agam go raibh agus go mbeidh seans agaibh uilig é a cheiliúradh i gceart agus craic agus taitneamh a bhaint as. Cinnte go raibh neart imeachtaí eagraithe i rith na féilte i nGlaschú, Dún Éideann agus Droichead an Cóta agus comhghairdeas leo siúd a d’eagraigh na féilte agus maith thú má thug tú tacaíocht dóibh.

Is fiú é a chuimhnigh go bíonn i bhfad níos mó ar siúl na féilte ná na ceiliúradh móra ar an lá é féin—nó ar an Sathairn is cóngaraí don lá í féin nuair a bhíonn na himeachtaí móra ag na feilte in Albain, de gnáth. Gach sórt rud nó gné de chuid cultúr agus oidhreacht na Éireann bíonn siad le fáil sna feilte seo agus nach deas an rud sin dúinn mar phobal na Éireann in Albain. Bíonn tráth na gceist, ceolchoirmeacha, dár ndóighe, scannáin, leachtaí stairiúil, céilithe agus a lán rudaí eile.

Bíonn cúpla seachtain den chéad scoth againn i gcónaí silim féin, mar is iontach an rud é go mbíonn an deis seo againn ag an t-am seo gach bliain ár gcuid cultúr a cheiliúradh. Nílim ábalta smaoineamh ar náisiún a dhéanann an rud céanna agus caithfidh muid a bheith bródúil as sin agus gan dearmad a dhéanamh ar cé chomh luachmhar agus atá sé dúinn.

Ná déan dearmad go dtagann nós Lá Fhéile Phádraig a cheiliúradh, sna bealaí a dhéanann muid é na laethanta seo ar scór ar bith , ó eisimircigh na hÉireann. Tá a fhios agam fosta nach raibh sé chomh furasta sin ár n-oidhreacht Éireannach a cheiliúradh in Albain fiche agus níos mó bliain ó shín agus go mbíonn deacrachtaí ag daoine fós, in amanna.

Mar sin, mar a dheirim go minic anseo: Na déan dearmad nuair a bheidh Lá Fhéile Phádraig thart, go leanann imeachtaí cultúrtha ar aghaidh i measc pobal na hÉireann in Albain gach uile seachtain—ranganna Gaeilge, grúpaí agus ranganna amhránaíocht (i nGaeilge & i mBéarla), ranganna agus seisiún cheoil, grúpaí damhsa (fá choinne an óige agus iadsan atá, ahem, giota beag níos sinne!), clubanna Cumann Lúthchleas Gaeil (daoine fásta agus fá choinne páistí—iománaíocht agus peil) agus srl agus srl. Cosúil leis an méid a deirtear faoin Nollag agus na coileáin—níl d’oidhreacht Éireannach fá choinne mí an Mhárta amháin!

Bhuel, tar éis an chaint agus na leanaí go léir a phógadh i ngach cúinne den tír, fágtar muid gan rialtas nó le rialtas sealadach ar scór ar bith, tar éis an olltoghcháin sa Deisceart an mhí seo caite.

Bhí mé chun a rá go bhfuil na polaiteoirí go léir ag iarraidh margadh a dhéanamh, mar is gnáth, ach an uair seo is í an tsaincheist is mó ná nach bhfuil Fine Gael agus Fianna Fail ag iarraidh plé a dhéanamh le Sinn Féin.

Is dóigh liom go bhfuil dhá bhealach ann chun breathnú ar seo—ceann amháin go bhfuil sé seo bómánta, nó fiú páistiúil, mar go bhfuil mandáid ag Sinn Féin ó cuid mhaith de na toghthóirí. Mar sin féin, gheall an dá phríomhpháirtí—mar a bhearr muid orthu le 80 bliain agus níos mó—gan dul isteach i gcomhrialtas le Sinn Féin le linn an fheachtais agus mar sin chun é a dhéanamh, bhuel athrú iomlán sin ar a gcuid vótálaithe féin.

Feicfimid cá bhfuilimid sa deireadh ach thóg sé níos mó ná dhá mhí i ndiaidh an toghcháin dheireanach bhí ann in 2016 agus tá rudaí i bhfad casta an uair seo.

Mar sin cíbe rud cad a tharlaíodh, cad é stádas na Gaeilge sa Dáil nua?

Bhuel, léigh mé alt suimiúil faoin ábhar seo ar tuairisc.ie ar na mallaibh. Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge bualadh le Ceann Comhairle an Dáil nua chun plean a chur faoina bhráid a d’fhágfadh go mbeadh 5% de dhíospóireachtaí na Dála nua i nGaeilge. I measc na moltaí atá ag Conradh na Gaeilge tá go gcuirfí lá amháin sa mhí ar leataobh do dhíospóireachtaí Dála i nGaeilge. Cúpla céim bheag b’fhéidir ach tá siad de dhíth, gan aon amhras. Mar shampla, níor bhac na meáin Bhéarla leis an óráid lán-Ghaeilge a thug Catherine Martin, leas-ceannaire an Comhaontas Ghlas, le linn an chéad suí den Dáil nua. Bhí ábhar i dtuairiscí de chuid RTÉ agus na meán eile ó na príomhóráidí ar fad a tugadh sa Dáil an lá céanna seachas óráid Catherine Martin. Nach bhfuil sin díreach náireach! Tuigeann tú anois cad chuige go ndúirt polaiteoirí ó gach páirtí anuraidh nach labhraítear mórán Gaeilge i nDáil Éireann toisc nach mbíonn aird ag na meáin ach ar an gcaint a dhéantar i mBéarla.

Tá an sprioc 5% seo bunaithe ar thaighde a rinne Tuairisc.ie a léirigh gur ar éigean go bhfuil aon Ghaeilge á labhairt anois i nDáil Éireann. Sprioc íseal b’fhéidir ach de réir an taighde, ní raibh i nGaeilge ach 0.5% den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an Dáil deireanach agus mar sin bheadh 5% i bhfad níos fearr sa chomhthéacs sin agus ní bheadh ann ach an chéad ceim.

Is maith an rud é go bhfuil Conradh na Gaeilge ag coinneáil an bhrú ar an ábhar seo—cé go bhfuil sé náireach go bhfuil brú de dhíth!

Is dócha go gcaithfimid fanacht anois go bhfeicfidh cad é a tharlóidh—gan amhras, beidh sé suimiúil.

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk