Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
NA LAETHANTA seo bíonn sé deacair, i mo bharúil féin, a chreidiúint an bealach a mbíonn cúrsaí polaitiúla ag dul ar aghaidh, idir Trump agus Breatimeacht agus a leithéid agus mar sin bím ag smaoineamh nach bhfuil clú agam cad é an chéad rud eile a tharlóidh.
Mar sin tháinig sé aniar aduaidh orm, agus seans go raibh mé giota beag soineanta mar sin thig liom a rá, an bhealach ina bhfuil caint faoi Éire Aontaithe i ndiaidh teacht go barr an príomhshruth le cúpla mí anuas.
Tá a fhios agam go raibh caint faoin tionchar a d’fheadfadh Breatimeacht a dhéanamh ar cúrsaí sa Tuaisceart ón am an reifreann—ach gan mórán caint faoi rud seo roimh an reifreann faraor—ach sílim tá athrú mór i ndiaidh teacht sa díospóireacht le déanaí. Anois tá polaiteoirí agus daoine ó gach taobh ag tosú ag caint faoi Éire Aontaithe, ní mar rud teoiriciúil nó rud a tharlóidh ‘lá éigin b’fhéidir’ nó nach dtarlóidh choíche ach mar rud a chaithfidh muid a phlé go praiticiúil. Bhí Taoiseach Varadkar fiú ag caint faoi ar na mallaibh ag díospóireacht i mBéal Feirste agus bheadh sé sin an-deacair a shamhlú fiú bliain ó shín mar, in ainneoin na rudaí a léifeá sa meáin Sasanach, ní poblachtánach mór é ar chor ar bith. Silim go ndúirt sé rud an-tábhachtach agus rud atá neart daoine eile ag rá na laethanta seo; caithfidh muid smaoineamh ar agus a phlé anois na ceisteanna móra agus beaga go praiticiúil, caithfidh muid smaoineamh ar na comhréitigh a bheidh le déanamh. Chun an fhírinne a rá silim go bhfuil gach duine i ndiaidh praiseach an Bhreatimeachta a fheiceáil—agus fiú má tá tú i bhfabhar Breatimeacht caithfidh tú a admháil go praiseach amach is amach é an an áit ina bhfuil muid níos mó ná trí bhliana ina dhiaidh an reifreann—agus tuigeann siad go gcaithfidh muid díospóireacht ceart a bheith againn faoi na ceisteanna a thugann Éire Aontaithe aníos.
Mar sin cad é na ceisteanna agus na comhréitigh seo? Bhuel ar dtús báire sula bpléifidh muid sin caithfidh muid atmaisféar agus cuma an díospóireacht a chruthú i gceart—ceanna bheidh oscailte agus díospóireacht ina mbeidh meas tugtha do gach smaoineamh réasúnta. Beidh tromlach ag lucht náisiúntacht/poblachtánach in Éire aontaithe, tá sin soiléir , ach fós féin beidh sé an-tábhachtach nach mbeidh muid chun an tromlach seo a úsáid chun a bheith caolaigeanta nuair a bheidh comhréitigh le plé.
Chuala mé Mary-Lou McDonald ag rá ar na mallaibh go gcaithfidh go mbeidh ait faoi choinne lucht Aontachtaithe in Éire nua, go mbeidh siad ar a suaimhneas agus go mbeidh fáilte rompu. Bhí mé breá sásta seo a chloisteáil uaithi mar bhí mé ag smaoineamh seo le blianta. Ní bheidh aon Eire Aontaithe aontaithe mar is ceart múna mbeidh formhór na daoine sásta a bheith inti. Beidh an díospóireacht seo dúshlánach do gach duine. Beidh gach rud le plé—an bratach, an t-amhrán náisiúnta , teangacha—bhuel bíonn muid ag plé an ceann seo gan stad ó dheas agus ó thuaidh cheana féin—córas sláinte , córas oideachais agus srl agus srl. An mbeidh stát cónaidhme ann? An mbeidh dáil fós i gCnoc an Anfa fós fiú? An mbeidh sí sa Chomhlathas (Briotanach!)?
Ní bheidh na ceisteanna seo, agus na cinn eile, furasta a réitigh—mothóidh sé in amanna, táim cinnte, nach mbeidh deireadh don díospóireacht choíche ach b’fhiú é agus tá sé de dhíth, i mo bharúil, roimh aon reifreann ar an cheist. Ní mór dúinn a bheith cúramach gan díriú ar na rudaí diúltacha agus níl sé seo ata i gceist agamsa ach dá mbeadh muid oscailte, ciallmhar, dearfach agus praiticiúil beidh deis spreagúil os ar gcomhair. Tiocfaidh lá mhaith do gach duine in Éirinn.
Tá ranganna Conradh na Gaeilge agus imeachtaí Gaeilge eile ar ais i ndiaidh sos thar an tsamhraidh. Beidh ranganna sna háiteanna agus amanna seo a leanas: Daoine Fásta: Dé Luain, agus Dé Máirt 54 Admiral St, G41 1HU, Dé Máirt agus Dé hAoine i Govanhill Neighbourhood Centre, G42 8JL. Cultúr Club do pháistí, De Domhnaigh, ó 12:30, i Govanhill Neighbourhood Centre fosta.
Chomh maith leis na ranganna seo bíonn Conradh na Gaeilge ag reáchtáil neart imeachtaí eile m.s. grúpa ceoltóirí, Popup Gaeltachtaí agus srl; i nDún Éideann bíonn ciorcal comhrá míosúil in Ardchonsalacht na hÉireann (ár mbuíochas díobh arís) agus i Carfin bíonn rang Gaeilge gach seachtain ag Craobh Johnny Doherty de chuid Comhaltas. Mar sin beidh neart deiseanna Gaeilge a fhoghlaim nó a úsáid—bígí linn, beidh fáilte
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
cnag_glaschu@hotmail.com
www.cnag-glaschu.co.uk