Fanaigí slán… le níos mó Gaeilge

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

BHUEL, a chairde chun an fhírinne a rá bhí mé ag smaoineamh faoi alt a scríobh an mhí seo gan trácht ar bith ar an ghéarchéim reatha atá againn sna laethanta seo ach ag an deireadh thuig mé gur seafóid é sin—tá sé ann agus caithfidh muid deileáil leis i cíbe bealaí agus a dtig linn. Ar scór ar bith tá súil agam go bhfuil tú féin agus do theaghlach ceart go leor—sna laethanta seo níl mórán níos mó ná sin atá de dhíth orainn, is dócha.

An mhí seo caite scríobh mé, ‘ba mhaith liom cúpla samplaí a tabhairt daoibh… a thig libh a úsáid chun an Ghaeilge a fhoghlaim  a chleachtadh… Déanfaidh mé seo gach mí a mhaireann an tréimhse seo… agus mar sin tá suil agam nach mbeidh domhsa seo a dhéanamh arís!’ Bhuel, nach amadán soineanta ceart a bhí ionam agus mé ag rá sin!

Bhuel, tá muid fós sa ‘tréimhse seo’ agus mar sin tá mé ar ais chun cúpla leid eile a thabhairt daoibh agus tá súil agam go mbainfidh sibh úsáid agus sult astu.

Ar dtús báire—agus in ainneoin an frása ‘ní moladh féin-mholadh’—mholfainn daoibh Conradh na Gaeilge Glaschú a leanúint ar Facebook (www.facebook.com/conradh.na.gaeilge.glaschu) agus ar Twitter(@gaeilge_glasgow) toisc go mbíonn muid, sna laethanta seo, ag gur suas rud éigin úr gach lá, ‘Gaeilge an Lae’ mar a bhearrann muid air m.s. ‘Seanfhocal na Seachtaine’ achan Dé Luain agus ‘Dán na Seachtaine’ achan Dé Céadaoin agus srl. Go háirithe mholfainn daoibh na hamhráin a roghnaíonn ár gCeoltóirí Chonradh na Gaeilge Glaschú gach De hAoine—beidh tú faoi dhraíocht ag éisteacht leis na hamhráin seo, dearbhaím sin daoibh!

Fosta bíonn muid ag seoladh liosta de ‘Acmhainní na Seachtaine’ chuig ár liosta seoltaí gach seachtain. Mar sin dá mbeifeá ag iarraidh sin a fháil (agus eolas eile dár ndóighe) déan teagmháil liom (sonraí thíos).

Fá choinne duine ar bith atá ag foghlaim (nó ag athfhoghlaim) na Gaeilge mholfainn daoibh an cúrsa ó BBC Gaeilge darb ainm ‘Giota Beag’ (www.bbc.co.uk/irish/articles/view/625/english). Seo cúrsa Ghaeilge do thosaitheoirí (ach tá cúpla leibhéal eile le fáil i ndiaidh an chéad cheann). Is áis iontach maith é don fhoghlaimeoir, le comhaid fuaime agus teacs fá coinne gach ceacht.

Más maith leat cúrsa a dhéanamh ar líne—in áit nó in éineacht le féin-staideár—mholfainn daoibh an dhá cheann seo: Oideas Gael (www.oideasgael.ie/en) agus Gaelchultúr (www.gaelchultur.com/en/home.aspx). Cúrsaí seachtainiúil ag Oideas Gael agus cúrsa a mhaireann 10 seachtaine ag Gaelchultúr. Thig leat a bheith cinnte go mbeidh teagasc ar ardchaighdeán le fáil ag an dá ceann acu. Tá súil ag Oideas Gael fós go mbeidh a gcuid gnáthchúrsaí seachtainiúil ar siúl i nGleann Cholm Cille i mí Lúnasa ach fiú muna mbeifeá dhul ann i mbliana, mholfainn go hard daoibh turas chuig Oideas Gael a chur ar do ‘liosta buicéad’— chomh maith leis an Ghaeilge agus an craic is í Gleann an ceantar is ansa liom ar domhan!

Mhol mé cúpla clár ar sheinnteoir TG4 an mhí seo caite ach bíonn neart cláracha an-maith le fáil ar an BBC iPlayer fosta. Mar shampla, tháinig mé ar an chlár ‘Mná Spóirt: Croí’s Anam’ (www.bbc.co.uk/programmes/m0004bvs) ar na mallaibh. Sa tsraith spreagúil trí chuid seo, tá Aoife Ní Chaiside, imreoir camógaíochta den chéad scoth, ag dul i bhfad níos faide ná na cluichí Gaelacha le fiosrú a dhéanamh ar chonstaicí casta agus ar bhuanna na mban i gcúrsaí spóirt in Éirinn inniu. Ceann maith agus spreagúil fá choinne na cailíní óga ach go háirithe ach níos mó ná sin fá choinne a dtuismitheoirí (agus a ndeartháireacha fosta!)

Mar rud giota beag difriúil , craoltar an t-aifreann gach maidin Dé Domhnaigh trí Facebook Live ó leathanach Facebook Paróiste Ghaoth Dobhair (www.facebook.com/paroisteghaothdobhair). De ghnáth bíonn sé ag a 10 a chlog, creidim, ach cuirtear na sonraí iomlána suas ar an leathanach gach seachtain maidir le cén eaglais agus sagart a bheidh ann ar an Domhnach sin. Bealach eile do dhaoine chun a nasc a choinneáil ag dul leis a dteanga agus a n-áit dúchais.

Dá mbeadh moltaí ar bith agat don cholún seo, a shilfeá go mbeadh suimiúil do dhaoine eile, déan teagmháil liom, le do thoil.

Agus mar fhocal scór , déarfainn seo le duine ar bith a bheadh ag smaoineamh faoin Ghaeilge a fhoghlaim sna laethanta seo—ní bheidh an stór focal agat ag an tús chun a bheith ag smaoineamh faoi géarchéim seo i nGaeilge agus nach buntáistí ollmhór sin—saoire intinne duit ó ábhair buartha an tsaoil!

Tugaigí aire daoibh féin a chairde agus fanaigí slán!

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk