Naisiúin le chéile

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

TÁ IONTAS orm nach bhfuil níos mó caint in Éirinn agus go háirithe i measc pobal na hÉireann anseo in Albain faoin refreann a bheidh ann i mí Dheireadh Fómhair, reifreann a mbaineann go mór linne anseo in Albain agus le diaspora na hÉireann go hiomlán.

Cinnfidh an reifreann seo an vóta a shíneadh i dtoghcháin uachtaránachta do shaoránaigh Éireannacha thar lear.

Faoi láthair, i dtoghcháin sa Phoblacht tá an clár toghthóirí bunaithe ar sheoladh cónaithe. Is eisceacht é i dtoghcháin don Seanad (an teach uachtarach Dáil)—thig le céimithe a vótáil sna dáilcheantair ollscoile fiú má tá siad ina gcónaí thar lear.

Is féidir le saoránaigh a bhfuil sé ar intinn acu filleadh ar Éirinn laistigh d’ocht mí dhéag a seoladh in Éirinn a choinneáil fá choinne toghcháin ach caithfidh siad a bheith i láthair le vótáil. Spreag an riail seo na feachtais ‘Home to Vote’ chun na himircigh seo a thabhairt ar ais chun vótála sa dá reifreann ardphróifíle a tharla le déanaí.

I ndáiríre is minic go bhfanfaidh imircigh ar an liosta vótála blianta I ndiaidh dóibh imeacht agus cuid acu siúd filleann siad arís agus arís eile chun vótáil, rud atá mídhleathach go teicniúil ach a bhíonn deacair a chur i bhfeidhm.

Go híorónta, nín aon cheanglas cónaitheachta d’ionadaithe poiblí, creidim é nó ná creid. Mar shampla, níor thig le Martin McGuinness, mar chónaitheoir Doire, vótáil i dtoghchán uachtaránachta 2011 ina raibh sé ina iarrthóir! Nach léiríonn seo an fhadhb.

Cé nach minic gur ceist mhór i saol polaitiúil na hÉireann an cheist seo bhí daoine á phlé le blianta agus faoi dheireadh i 2016, vótáil an Coinbhinsiún ar an mBunreacht i bhfabhar an vóta a leathnú i dtoghcháin uachtaránachta do mhuintir na hÉireann atá ina gcónaí thar lear, an rud a chur muid ar an bhothar chuig an an reifreann seo.

Tá an cinneadh sin ag teacht le beartas ‘Global Ireland 2025’ an Rialtais, atá ag iarraidh leas a bhaint as cumas phobail Éireannaigh mhóir agus éagsúil atá ina chónaí thar lear. Pobal a bhfuilimid uile mar chuid de. Tá an ceangal idir Éire agus a diaspóra beagnach uathúil agus is cinnte gur rud an-speisialta é agus sin an fáth go bhfuil agus go mbeidh an reifreann seo chomh tábhachtach sin, dar liom.

Meastar anois go bhfuil milliún saoránach Éireannach as 70 milliún duine ar fud an domhain a mhaíonn oidhreacht na hÉireann. Ar mhaithe le comparáid a dhéanamh, is é 4.4 milliún daonra na 26 contae.

Is le fada atá grúpaí i mbun feachtas ar son cearta vótála ár n-imircigh. Bhí mo dheartháir agus mo dheirfiúr féin páirteach i bhfeachtais den sórt sin i Londain sna 80idí.

Creideann na grúpaí seo go bhfuil Éire ‘as alt leis an gcuid eile den Eoraip agus an domhan, ag séanadh an vóta dóibh siúd a dhéanann ionadaíocht ar son na hÉireann ar fud an domhain. Nuair nach féidir le captaen peile na hÉireann, Seamus Coleman, vóta a chaitheamh don Uachtarán, níl an saincheadúnas ag teacht lena ghealltanas.’

Chonaic mé roinnt ag argóint i gcoinne saoránaigh Éireannacha a bhfuil cónaí orthu thar lear ag vótáil i dtoghcháin ghinearálta ar an mbonn nach gcaithfidh siad taithí a fháil ar an rialtas a toghadh ach ní bhaineann sin leis an reifreann seo toisc gur ról neamhfheidhmiúcháin é ár n-uachtarán.

Agus an reifreann á fhógairt acu, dúirt an Rialtas: “Feidhmíonn an uachtaránacht feidhm an-difriúil don Dáil agus don Seanad. Is éard a bheidh i gceist leis an reifreann seo ná uachtaránacht a athmhúnlú don 21ú haois, uachtaránacht a dhéanann ionadaíocht ar an náisiún Éireannach ní amháin ar an Stát, agus atá tofa ag gach saoránach.”

Deir daoine freisin nach bhfuil na daoine sin sa diaspóra lán-eolach ar an saolar atá sé in Éirinn sna laethanta seo agus/nó gur thig leo a bheith níos comhleanúnaí ná an comhdhearcadh ginearálta in Éirinn ach táim cinnte go bhféadfaí a rá sin faoi go leor daoine a chónaíonn, agus bhíonn ag vótáil, in Éirinn. Ar scor ar bith, is iad na daoine sin amháin a bhfuil an suim acu in Éirinn a rachaidh frid an próiseas vótála mar is dócha go dtógfaidh sé roinnt iarrachtaí chun clárú agus vótáil.

Beidh constaicí praiticiúla ann chun dul chun cinn a dhéanamh roimh an chéad toghchán uachtaráin eile i 2025, má éirionn leis an reifreann. Áireoidh siad seo clárú vótálaithe ó lasmuigh den Stát, conas a vótálfadh siad agus cá vótálfadh siad chomh maith le feachtais fhaisnéise fhairsinge. Bheadh gá fosta le socruithe chun na céadta mílte vóta poist a chomhaireamh. Mar sin, caithfear an t-am a ghlacadh chun breathnú go cuí ar na roghanna éagsúla atá ar fáil ach is féidir linn

comparáid a dhéanamh leis na tíortha eile a cheadaíonn vótáil diaspóra agus na critéir agus na praiticiúlachtaí atá le húsáid iontu.

B’fhéidir gurb é an t-athrú is mó ná go mbeidh saoránaigh sa Tuaisceart in ann vótáil i dtoghcháin uachtaránachta. Tá an poitéinseal ann go mbeadh tionchar mór acu ar an toradh mar is dócha go dtacóidh an chuid is mó daoibh le Sinn Féin. Is léir, áfach, nach cuis sin chun leathnú an ceart vótála a dhiúltú.

I suirbhé ar na mallaibh, thug dhá thrian de na daoine in Éirinn tacaíocht do leathnú na gceart vótála toghcháin uachtaránachta ar an mbealach beartaithe, gan ach 22% ina choinne.

I ndeireadh na dála creidim dá mbeadh saoránaigh Éireannacha thar lear ábalta vóta a chaitheamh don Uachtarán chruthfadh sé naisc níos láidre arís idir muid féin mar na hÉireannaigh thar lear agus ár dtír dúchaise. Bheadh sé ina chéim chun a chur i bhfeidhm gurb ionann náisiún na hÉireann agus gach duine againn de shliocht Éireannach.

Chuirfeadh vóta dearfach sa reifreann seo teachtaireacht láidir chuig saoránaigh Éireannacha ar fud an domhain. Mar sin ní mór dúinn uilig a bheith phléití a thosú lenár dteaghlaigh agus ár gcairde ar ais in Éirinn le go mbeidh siad in ann vótáil chun guth agus vóta a thabhairt dúinn sa bhaile.

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
 
cnag_glaschu@hotmail.com
 
www.cnag-glaschu.co.uk