Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
ATHBHLIAIN faoi mhaise agus faoi shéan daoibh go léir a chairde! Bhuel, i mo cholún deireanach de 2020 bhí mé ag caint faoi dheireadh dearfach leis an bhliain sin agus solas ag deireadh an tolláin. Bhuel, b’fhéidir go bhfuil an chuma air cúrsaí anois nach bhfuil an solas sin chomh láidir agus a bhí mé ag súil leis ach táim ag iarraidh neamhaird a dhéanamh de sin anseo.
Bliain úr, am le haghaidh rudaí úra, ag iarraidh rudaí a dhéanamh a bhí ar d’intinn le tamaill fhada. Mar sin, d’iarr mé ar fhoireann The Irish Voice an leagan Béarla den cholún seo a chur ar bharr an leathanaigh an mhí seo amháin mar go bhfuil an colún seo dírithe ar iad siúd nach úsáideann an Ghaeilge, go fóill!
Buailim le daoine go measartha minic agus iad ag rá go bhfuil suim acu i nGaeilge a fhoghlaim ach ní fheicfidh mé iad i ndiaidh sin. Thig liom sin a thuigbheál—bhí sé ar m’intinn le blianta dul ar ais don Ghaeilge sula ndearna mé é.
Is é an chéad céim an ceann is tábhachtaí agus mar sin shíl mé go mbeadh sé úsáideach caint faoi cuid de na miotais atá ann faoi teangacha agus iad a foghlaim.
Tá sé i bhfad níos deacra do dhuine fásta, teanga a fhoghlaim
Go simplí, ní bhíonn an méid faitíos céanna ar paistí—sin é! Ach is cuma má dhéanann tú botúin—ní thig leat fanacht ciúin go dtí go bhfuil tú foirfe. Déanaimid go léir botúin i mBéarla gach lá, níl aon dabht faoi, ach ní chuireann sin isteach orainn.
Ní dóigh liom go bhfuil an ghéin teanga agam
Ach níl aon rud den sórt sin! Tá teanga foghlamtha agat cheana féin. Mar sin de, más ann an ghéin—agus arís, ní hea—tá sé agat!
Ní dóigh liom go bhfuil an t-am agam
Is léir go bhfuil gach duine gnóthach ach thig leat dul chun cinn réasúnta maith a dhéanamh le 3/4 uair an chloig a chaitheamh gach seachtain. Bhain úsáid as cíbe am a bhíonn agat, fiú 10-15 bomaite, anseo agus ansiúd—déanann sin an-difríocht.
Níl sna miotais seo ach sinn féin ag cur deacrachtaí os ár gcomhair féin. Déan réidh leo agus bain triail as, sin an ceacht. Pointe suntasach eile ná go bhfuil sé an-tabhachtach ón tús go bhfuil a fhios agat cad é atá tú ag iarraidh a dhéanamh. Má dheir tú ‘Ba mhaith liom a bheith líofa,’ tá sin doiléir, nuair a cheapann tú faoi. I bhfad níos fearr é a bhriseadh síos agus spriocanna atá níos lú agus gearrthéarmacha/meántéarma a chruthú duit féin. Is fiú smaoineamh faoi cad is brí le ‘líofacht’—chifidh tú an sliocht on leabhar sa leagan Bhéarla thuas. Sílim go mbeadh an chuid is mó dúinn sásta le sin—an cur síos a chuireann eisean ar líofacht—a bhaint amach i dteanga atá muid ag foghlaim.
Ar scor ar bith dá mbeifeá ag leamh seo tá an Ghaeilge agat—is dócha níos fearr na atá agamsa—agus níl ranganna de dhíth ort ach ní dhéanann an Chonradh ranganna amháin, mar sin de déan teagmhail linn chun eolas a fháil agus gheobhaidh tú seans do chuid Gaeilge a úsáid. Bíonn ciorcal comhrá agus thart fá Oíche Bhríde beidh imeachtaí éagsula. Agus má tá aithne agat ar duine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim abair leo dul i dteagmháil linn agus tabhair cuidiú dóibh! n
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
PIC: IVAN SAMKOV