Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
BHUEL, a chairde tá mé ag scríobh seo ó mo chistin i nGlaschú in áit a bheith i nGleann Colm Chille, i gContae Dhún na nGall, ar chúrsa Gaeilge ag coláiste ansin darb ainm Oideas Gael. Táim croíbhriste faoi seo caithfidh mé a rá… chun a bheith cinnte níl mo chroí briste toisc go bhfuil mé ag scríobh seo… ach toisc nach bhfuil mé thall in iardheisceart Dhún na nGall, an áit is ansa liom ar domhan—bhuel is dócha na dara áit, i ndiaidh Baile Átha Cliath, dár ndóighe! Tá brón orm, mar Dub caithfidh mé sin a rá.
Téim ansin gach samhradh ar feadh coicíse más féidir—molaim an coláiste sin agus an cheantar sin sna leathanaigh seo go minic—ach cosúil le beagnach gach duine tá an samhradh seo difriúil domhsa.
Ar feadh tamaill ansin is dócha nach raibh duine ar bith againn cinnte an mbeadh muid in ann saoire ar bith a thógáil nó dá mbeadh cá mbeadh muid in ann dul fiú. Táim cinnte gur chuir sin i bhfad níos mó brú ar daoine le páistí ná a chuir sé orm agus mé i m’aonair ach fós féin bíonn sos de dhíth ag gach duine, nach mbíonn?
Mar sin, tá súil agam go raibh seans agaibh uilig sos de saghas éigin a ghlacadh an samhradh seo. Seans maith nach bhfuil sé mar a bhí beartaithe agat ach b’fhéidir gur sin seans chun rud úr/difriúil a dhéanamh?
Caithfidh mé a rá go mbím ag gáire nuair a chloisim an frásaí sin i mBéarla ‘staycation.’ Is é ‘saoire sa bhaile’ an leagan den fhrása sin i nGaeilge, de réir www.tearma.ie—suíomh agus uirlis iontach fá choinne tearma úra agus focail a bhaineann le cúrsaí teicniúla, rudaí iontach nua-aimseartha agus a leithéid.
Bíonn daoine ag úsáid staycation anois nuair a bhíonn siad ag caint faoi daoine atá ina gcónaí in Éirinn ag dul ar a gcuid laethanta saoire in Éirinn nó daoine atá ina gcónaí in Albain ag dul ar saoire in Albain agus srl. Nuair a bhí mise óg, bhearr muid ‘laethanta saoire’ ar sin. Tá a fhios agam, tá a fhios agam, tá cuma fíor-shean orm agus mé ag rá ‘nuair a bhí mé óg’ ach fós féin nach seafóideach an focal sin?
Chuaigh mo theaghlach thar lear uair amháin; go dtí An Fhrainc ag campáil, agus bhí sé ag cur báistí cuid mhaith don am ansin, mar a tharlaigh sé! Tá dea-chuimhní agam ó laethanta saoire caite i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCiarraí, i nDún na nGall—an t-aon ait ina raibh níos mó ná uair amháin—agus contaetha eile. Ní raibh an aimsir galánta an t-am ar fad, dár ndóighe, agus bhí an fharraige dochreidte fuar i gcónaí, is cuimhin liom sin, ach bhí sé go breá agus níl aon dabht ach go bhfuil tír álainn againn.
Thig leat an rud céanna a rá faoi Albain fosta. Mar sin dá mbeadh ort fanacht in Albain fa choinne do laethanta saoire nó dá mbeadh an t-ádh ort go mbeadh seans agat am a chaitheamh in Éirinn tá súil agam go mbainfidh sibh an sult as.
Mé féin beidh mé ag dul ar an bhád farantóireacht go Béal Feirste leis mo rothar agus ansin ag dul síos go hÁth Cliath faoi chumhacht mo chosa. Ní raibh mé ag rothaíocht in oirthear na tíre riamh agus is dócha nach mbeadh sé chomh álainn mar Dhún na nGall agus iarthar na tíre táim fós féin ag súil go mór leis. Caithfidh mé coicís a chaitheamh i bhféinleithlisiú ansin sula rachaidh mé go teach mo mháthair, chun í a choinneáil sábháilte, agus nuair a bheidh mé ann ní bheidh mé ag déanamh mórán nó ag dul áit ar bith, arís chun í a choinneáil sábháilte, ach fós táim ag suil go mór leis. Nár fhoghlaim muid ón tréimhse seo ná gurbh iad na rudaí simplí sa saol, cosúil le ham le do theaghlach, na rudaí is tábhachtaí. Tá súil agam go mbeidh seans agaibh am a chaitheamh le do teaghlach agus go mbainfidh tú sult as.
Fágfaidh mé libh le cúpla moladh faoi cláracha i nGaeilge: Nazi sa Ghaeltacht an t-ainm atá ar chlár a bhí ar BBC NI Dé Domhnaigh 26 Iúil—agus mar sin a bheidh le fáil ar an iPlayer—ina dhéanann Kevin Magee imscrúdú ar a raibh á dhéanamh i ndáiríre ag an Dochtúir Ludwig Mühlhausen, ball de pháirtí na Naitsithe agus teangeolaí Gearmánach, i nGaeltacht Dhún na nGall i 1937 sa tréimhse roimh an Dara Cogadh Domhanda. Fíorscéal dochreidte atá ann.
Bhuel tá a fhios againn nach mbeidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mbliana ach beidh sraith cláracha darb ainm Fleadh 2020 a chraoladh ceithre oíche as a chéile idir an 6ú agus 9ú Lúnasa ar TG4 (www.tg4.tv) ag 9.30in. Craolfar na cláracha seo as an Muileann gCearr, an baile a raibh Fleadh Cheoil na bliana seo in ainm is a bheith ar siúl. Beidh scoth na ceoil agus amhránaíocht traidisúnta le cloisteáil ar an sraith seo le ceoltóirí as gach carn den domhan!
Bainigí sult astu a chairde, bígí cineálta agus tugaigí aire! n
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www. celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in