Saol níos fearr… leis an Ghaeilge

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

BHUEL a chairde nach aisteach na hamanna atá linn na laethanta seo? Chun an fhírinne a rá níl a fhios agam cad é na focail ceart a scríobh anseo ag an am seo. Tá súil agam, ar scór ar bith, go bhfuil sibh uilig slán sábháilte, ag fanacht sa bhaile agus go bhfuil sláinte mhaith agaibh.

Tuigeann muid anois gan aon dabht, níos fearr ná ariamh fá choinne cuid mhaith againn b’fhéidir—agus chuirfinn mé féin sa dream sin—na rudaí is tábhachtaí sa saol, sláinte, teaghlach, cairde agus comhluadar. ‘Ní chuimhnítear ar arán ite’ a deir an seanfhocal agus is dócha go bhfuil an fhírinne ann. Bionn neart caint cosúil le: “Ní thig liom fanacht go dtí go dtiocfaidh an gnáthshaol ar ais,” ach léigh mé giolc ó Irvine Welsh, an scríbhneoir cáiliúla, ar na mallaibh a bhí ag rá ba choir nach mbeadh muid ag súil le pilleadh an ‘gnáthshaol’ ach ag iarraidh ‘saol níos fearr’ a chruthaigh dúinn féin uilig i ndiaidh seo agus gach rud atá agus a bheidh feicthe agus, tá súil agam, foghlamtha againn sna laethanta seo.

Aontaím leis go huile‘s go hiomlán. Muna dtuigeann muid anois cé chomh tábhachtach agus atá daoine cosúil leis na múinteoirí, na daoine a oibríonn sna siopaí, na daoine a dhéanann leigheas, na daoine a thiomáineann earraí timpeall na tíre agus srl agus go háirithe tábhachtach an NHS—agus na daoine atá ag obair ann, dochtúirí, altraí, glantóirí, lucht riaracháin, criú otharcharr agus eile—níl seans ar bith againn, i mo bharúil féin, sa todhchaí. Silim go bhfuil seans againn anois, níos fearr ná ariamh, i mo shaol ar scór ar bith, chun saol níos cothroime, níos cineálta agus níos fearr a chruthú dúinn féin uilig.

Ní thig linn dul ar ais go dtí an ‘gnáthshaol.’ tTá seans againn tosaíochtaí an tsaoil a athshocrú—dúinn féin go pearsanta agus le chéile mar shochaí. Tá mé dearfach go ndéanfaidh muid sin le chéile ach ní tharlóidh sé trí thimpiste, caithfidh muid ceachtanna an ama seo a fhoghlaim i gceart agus gníomhartha—beag agus mór—a dhéanamh a taispeáineann sin. Bígí dearfach, bígí cineálta agus bígí cróga a chairde!

Chun a bheith ag caint faoi rudaí níos lú, i mbealach amháin, sa saol in áit ‘an pictiúr mór’, mar a deirtear, ba mhaith liom cúpla samplaí a tabhairt daoibh anseo do mhíreanna éagsula a thig libh a úsáid chun an Ghaeilge a fhoghlaim, a chleachtadh nó díreach chun craic a bheith aici léi! Déanfaidh mé seo gach mí a mhaireann an tréimhse seo… agus mar sin tá suil agam nach mbeidh domhsa seo a dhéanamh arís!

Fá choinne duine ar bith atá ag iarraidh a tosú (nó a atosú) leis an Ghaeilge a fhoghlaim, mholfainn daoibh triail a bhaint as an aip Duolingo—ar do ghuthán cliste, táibléad nó ríomhaire. Tá cúrsaí ar Duolingo fá choinne níos mó ná céad teanga agus iad uilig le fáil saor in aisce—thiocfadh leat íoc as ach níl gá sin a dhéanamh chomh fada augs is eol domhsa.

Tá níos mó ná trí mhilliún duine i ndiaidh an chúrsa Ghaeilge a íoslódáil. Ní shílim go mbeifeá in ann teanga a fhoghlaim ón tús díreach ar Duolingo amháin ach is uirlis iontach úsáideach é fós féin, go háirithe toisc go dtugann sé meabhracháin duit do 5 nó 10 nó 15 bomaite cleachtadh a dhéanamh gach lá. Leid bheag eile faoi, tá nótaí a mhíníonn na ceachtanna le fáil ar an leagan ar an suíomh idirlín amháin—go dtí seo, ar scor ar bith. Caithfidh mé a rá mholfainn Duolingo do dhuine ar bith atá ag foghlaim na Gaeilge, ní amháin an lucht toiseacht.

Fá choinne dóibh siúd atá Gaeilge acu nó atá ag foghlaim mholfainn go spéir stáisiún teilifíse na Gaeilge, TG4. Chun an fhírinne a rá mholfainn é do dhuine ar bith , fiú muna raibh suim acu sa Ghaeilge mar tá caighdeán na gcláracha chomh ard sin air! Thig leat an seinnteoir a aimsiú ar www.tg4.tv.

Tá cúpla sraith air a bhaineann le Glaschú í féin. B’fhéidir an ceann is fearr domhsa ná Bus Ghlaschú—a rinne Helena Ní Ghallachóír—sraith a thugann léargas ar agus scéalta ó na busanna a théann idir Glaschú agus Dún na nGall. Táim cinnte go raibh sibh uilig ar na busanna sin (Feda agus eile) thar na blianta!

Cúpla sraith eile atá ar fheabhas agus go maith fóirsteanach don am seo don bhliain ná 1916 Seachtar na Cásca agus 1916 Seachtar Dearmadta. Sna sraitheanna seo faigheann muid léargas ar saolta an ceithre dhuine deag a cuireadh chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann i ndiaidh Éirí Amach na Cásca. Deirim libh, má thosnaíonn sibh ag amharc ar TG4 ní stopfaidh sibh—tá sé chomh maith sin, go háirithe ó taobh cláracha faisnéise faoi stair na hÉireann. Bhuel, ar scor ar bith, níl sin ach cúpla leid daoibh ó thaobh na Gaeilge, beidh mé ar ais le níos mó an mhí seo chugainn.

Tá súil agam go raibh Cáisc mhaith agaibh uilig a chairde. Fanaigí slán, fanaigí sa bhaile agus ithigí seacláid! Tabhair aire daoibh féin!

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk