top of page

Am le ceilúradh

Éimhín Ó Dunaigh

Updated: Mar 10


BHUEL, seo an tréimhse ‘idir,’ is dócha. Tá muid aois idir dá fhéile na naomh, Bríd agus Pádraig, agus idir an gheimhreadh agus an t-earrach ar bhealach—bhuel tá muid san earrach, go hoifigiúil, ach agus mé ag dul thart ar mo rothar, tá sé go minic sioctha fhuar agus iontach fliuch go fóill!


Ar scór ar bith, ‘Anois teacht an earraigh’ mar a deir dán de chuid Raiftearaí. Lá Fhéile Bríde agus Imbolc sona—ach mall—daoibh uilig a chairde. Tá súil agam go raibh seans agat iad a cheiliúradh. Bhí mé breá sásta i mbliana a fheiceáil arís go raibh níos mó béime i ndiaidh tagtha ar ceiliúradh Lá Féile Bríde. De gnáth bíonn i bhfad níos mó an béime ar Lá Fhéile Pádraig ach thug mé faoi dheara, sna mheáin agus go ginearálta, le cúpla bliain anuas agus níos mó go raibh níos mó iarracht déanta an spotsolas a chur ar ár ndara naomh.


Mar shampla, in Éirinn ó 2023 is lá saoire poiblí é Lá Fhéile Bríde mar atá Lá Fhéile Padraig le fada an lá. Anseo in Albain i mbliana, shocraigh Consalacht na hÉireann ócáid speisialta i nGlaschú ar Oíche Bhríde í féin agus, ár ndóighe, ar an oíche ceánna bhí ceiliúradh mhór ar na sean-tradisiúin a mbaineann leis an fhéile ag Céilí Oíche Bhríde de chuid Conradh na Gaeilge Glaschú.


Mar tradisiún, ba cheiliúradh é an sean-fhéile Imbolc ar tús an Earrach—ceann de na ceithre fhéile móra a bhí ag na Gaeil fadó—agus nuair a tháinig an Chríostaíocht d’athraigh siad sin go Lá Fhéile Bríde mar atá againn anois. Cíbe ainm atá air is é an t-am seo don bhliain a bhíonn na laethanta ag iarraidh giota beag níos faide agus a bhíonn faoiseamh ag teacht orainn gur mhair muid an geimhreadh agus go bhfuil muid réidh le túis úra ! Is dócha nach fada é go mbeidh muid ag tabhairt an fhoclóir amach chun an Ghaeilge a aimsiú ar ‘there's a grand stretch in the evening’—‘tá fad breá leis an lá’ an freagra ar an cheann sin de réir ár gcairde dílis ag foclóir.ie.


Mar sin tiontaíonn muid anois go Lá Fhéile Pádraig agus Seachtain na Gaeilge agus roimhe sin Feis Ghlaschú. Deiseanna eile chun ár n-oidhreacht agus cultúr a cheiliúradh. Tá neart imeachtaí eagraithe le linn na bhféilte Pádraig i nGlaschú, i nDún Éideann agus i nDroichead an Chóta. Tá baint agam le Féile Phádraig Ghlaschú agus mar sin tá a fhios agam go bhfuil go leor eagraithe ann: caint ar ghinealachas na hÉireann; oíche thráth na gceist Derry Girls; oíche scannáin i gcomhpháirtíocht le Glasgow Hope Not Hate; caint ar Chogadh na Saoirse eagraithe i gcomhpháirtíocht le Coiste Chuimhneacháin Céad Bliain Éirí Amach 1916 Albain; an t-aifreann bliantúil in Ardeaglais Naomh Aindriú agus níos mó imeachtaí. Is é príomhimeacht Fhéile Ghlaschú ná Lá Teaghlaigh na Féile, a bheidh ar ais i gCearnóg na gCeannaithe, Dé Sathairn an 8ú idir 12pm agus 5pm.


Chomh maith le seo uilig beidh roinnt imeachtaí socraithe ag Conradh na Gaeilge Glaschú agus Little Ireland Arts Collective i nDún Édieann fá choinne Sheachtain na Gaeilge, mar shampla an tAifreann Gaeilge an 9ú Marta in eaglais Dun Scotus sna Gorbals, i nGlaschú. Bunaíodh Seachtain na Gaeilge i 1902 leis an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus ar fud an domhain agus is í an fhéile Ghaeilge is mó í anois, féile a mhaireann i bhfad níos faide na seachtain amháin na laethanta seo.


Mar sin, bíonn cúpla seachtain iontach againn i gcónaí ag an tráth seo den bhliain, agus tá sé iontach an deis seo a bheith againn ár gcultúr a cheiliúradh. Tá a fhios agam freisin nach raibh sé chomh héasca sin ár n-oidhreacht Ghaelach a cheiliúradh fiche bliain agus níos mó ó shin in Albain agus go mbíonn, in amanna, daoine fós ag streachailt chun an tsaoirse a bheith acu é seo a dhéanamh go hoscailte anseo.


Mar sin, mar a dheirim go minic anseo, na déan dearmad nuair a bheidh Lá Fhéile Phádraig thart, go leanann imeachtaí cultúrtha ar aghaidh i measc pobal na hÉireann in Albain gach uile seachtain: Ranganna Gaeilge; grúpaí agus ranganna amhránaíocht (i nGaeilge agus i mBéarla); ranganna agus seisiún cheoil; grúpaí damhsa (fá choinne an óige agus iadsan atá, ahem, giota beag níos sinne); clubanna Cumann Lúthchleas Gaeil (daoine fásta, fir agus mná agus fá choinne páistí in iománaíocht agus peil) agus srl.


Cosúil leis an méid a deirtear faoin Nollag agus na coileáin, níl d’oidhreacht Éireannach fá choinne mí an Mhárta amháin! Bíonn ár dtacaíocht de dhíth ag ár n-eagraithe Éireannacha seo i gcónaí—agus bheifeá ag gabháil fáilte uathu i gcónaí—agus tá sé ríthábhachtach go dtuigeann muid uilig na rudaí atá againn iontu. Bainigí sult as gach rud!


Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in




Comments


Commenting has been turned off.
  • White Facebook Icon

© 2025 by The Irish Voice

bottom of page