SÍLIM go bhfuil sé cóir a rá go bhfuil muidne, mar Éireannaigh—cibé muid in Éirinn nó in Albain nó áit ar bith ar domhan—an-bhródúil as ár n-oidhreacht agus ár gcultúr, ár gceol agus ár ndamhsa den scoth, agus ár spóirt. Mar shampla, samhlaím go raibh go leor agaibh—cosúil liomsa—ag ceiliúradh éachtaí iontacha lúthchleasaithe na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha ar na mallaibh. Is minic a bhíonn muid chomh bródúil as an bhealach ina mbíonn ár náisiún beag—ár ndiaspóra san áireamh—ag éirigh thar chionn i saol na n-ealaíon, an spóirt, an chultúir, fiú i saol na taidhleoireachta agus dearfainn go ceart agus cóir go bhfuil muid bródúil as na rudaí seo.
Agus é sin ráite, an bhfuil ‘eilifint sa seomra’ b’fhéidir, mar a deirtear i mBéarla? Cá háit a luíonn ár gceangal lenár dteanga féin lenár bhféiniúlacht, lenár mothúcháin bródúil as a
bheith inar nÉireannaigh? Ní dóigh liom go mbeadh sé conspóideach a rá go rómhinic nach mbíonn an ceangal céanna againn leis an Ghaeilge agus atá againn leis na gnéithe eile seo dár gcultúr—ár gceol agus damhsa agus spórt.
Is é is cúis leis sin, domhsa ar scór ar bith, ná go nglacann muid le fada an lá mar rud ‘eile’ í an Ghaeilge i ngnáthshaol na hÉireann, sin in Éirinn nó i measc ár bpobal Éireannach thar lear. Ar ndóigh tá na céadta fáthanna ann go bhféadfadh sé seo a bheith san áit a bhfuil muid anois, ach ní gá go mbeadh sé mar seo.
Tá a fhios agam go mothaíonn nó nach mothaíonn daoine go comhfhiosach go bhfuil an teanga i bhfad i gcéin uathu. B’fhéidir go gcuirfeadh siad ceist orthu féin ‘an liomsa an Ghaeilge?’ Is linne go léir í, sin mo fhreagra ar an cheist sin i gcónaí. Tá sé ionainn agus thart orainn fiú i ngan fhios dúinn. Gach lá bíonn duine ag caint faoi na háiteanna in Éirinn a théann siad ar saoire nó faoi áit dhúchais a muintire, is cinnte go mbíonn siad ag caint faoi áiteanna le logainmneacha Gaelacha e.g. Dún na nGall. Agus cé mhéad duine anseo le cúlra Éireannach a bhfuil ainm nó sloinne acu a thagann ón Ghaeilge?
Ach fós féin, is rud a chaithfidh muid machnamh a dhéanamh air, an ceangail idir muidne mar Éireannaigh—in Éireann agus thar lear—agus ár dteanga dúchas, an Ghaeilge. Plétar ceisteanna faoi fhéiniúlachta náisiúnta go minic inár bpobal anseo in Albain agus nach bhfuil sé fíor a rá go mbíonn ar fud na cruinne, de ghnáth, nasc láidir idir féiniúlacht náisiúnta agus teanga. Mar a dúirt mé thuas, níl an nasc sin briste in Éirinn ach níl sé chomh láidir ar chor ar bith ná ba chóir do a bheith.
Cad é a chiallaíonn sin? Thiocfadh linn caint faoi go leor cúiseanna fá choinne seo—faoi láthair agus inár staire—ach smaointigh ar seo: ar bhuail tú riamh le Francach nach raibh Fraincis ar a chumas acu? nó le Spáinneach le beagán Spáinnis? Dá mbuailfeá, cad é a cheapfá? Áfach i bhfad rómhinic, mar Éireannaigh, glacann muid le gan a bheith in ann ár dteanga féin a úsáid agus glacann muid le dímheas tugtha dí an t-am ar fad! Cibé na cúiseanna reatha nó stairiúla fá choinne an deighilt sin, ní scéal dearfach é.
Mar sin mothaím go láidir go bhfuil deis iontach, dearfach, againn más féidir linn bród a mhúscailt inár dteanga féin, in Éirinn agus inár measc anseo, na deoraithe thar lear.
Réimse soiléir ina bhfeicimid an dícheangal seo, agus luaigh mé é seo cúpla uair roimhe seo anseo—gabhaigí mo mhíle leithscéal—ná inár logainmneacha. Is cuid luachmhar dár n-oidhreacht chultúrtha agus dár bhféiniúlacht féin iad ár logainmneacha ach is minic a bhíonn siad i bhfolach uainn.
Mar shampla, cad é an chiall atá leis an logainm ‘Donegal?’ Ní chiallaíonn sé rud ar bith go litriúil, níl ann ach raiméis, déanta suas toisc go raibh fuaim ann cosúil le fíorainm na háite, Dún na nGal, rud a chiallaíonn ‘Fort of the Foreigners’—ba iad ‘na heachtrannaigh’ sa chás seo na Lochlannaigh.
Mar sin b’fhéidir rud dearfach a d’fhéadadh muid a dhéanamh ná iarracht a dhéanamh logainmneacha i nGaeilge a úsáid oiread agus a thig linn, fiú agus muid ag labhairt i mBéarla. Bealach chun an nasc idir muid féin mar Éireannaigh agus ár dteanga dhúchais agus ár dtír a athbheochan.
Maidir leis na logainmneacha atá cosúil leis an leagan Béarla—agus sin an chuid is mó acu—d’fhéadfadh muid é seo a dhéanamh go measartha éasca e.g. Dún na nGall in ionad Donegal srl. Bain triail as cúpla logainm i nGaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Mholfainn go mór an suíomh idirlín www.logainm.ie, a thugann ainm áit ar bith in Éirinn i nGaeilge duit. Tá sé chomh suimiúil agus chomh furasta a úsáid mar acmhainn.
Mar a deir an seanfhocal: “Tír gan teanga, tír gan anam.” I ndeireadh na dála, is leatsa an Ghaeilge gan aon dabht, is linne go léir íbain triail as!
Más mian leat do cheangal leis an Ghaeilge a athmhúscailt i ndiaidh an tsamhraidh beidh neart deiseanna ann chun an Ghaeilge a úsáid agus a fhoghlaim in Albain e.g. Tosaíonn ranganna seachtainiúla do dhaoine fásta i nGlaschú Dé Aoine 6ú Meán Fómhair agus beidh Club Cultúrtha seachtainiúil do pháistí i nGlaschú le Conradh na Gaeilge Glaschú ag tosú ar ais i mí Mheán Fómhair fosta. Bíonn ciorcal comhrá i nDún Éideann agus Pop-up Gaeltacht i nGlaschú & Dún Éideann gach mí agus Grúpa Amhránaithe i nGlaschú fosta. Fáilte roimh chách. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach thíos.
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
Comments