top of page

Uachtarán Éireannach gan Gaeilge?


ree

MAR is eol duit is dócha, beidh toghchán Uachtarán na hÉireann ar siúl ag deireadh na míosa seo agus muid ag fágáil slán, ar an drochuair, le Mícheál D Ó hUigínn, duine a cheap mé a bhí iontach sa ról—duine a bhfuil an-tóir air agus nach raibh eagla air ábhair dheacra a phlé ó am go ham fosta.


Tá ceist amháin a tháinig chun cinn san fheachtas atá ar m’intinn na laethanta seo: An gcaithfidh tú a bheith (measartha) líofa sa Gaeilge le bheith i do Uachtarán? Tá an cheist seo thar a bheith ábhartha anois mar nach bhfuil leibhéal réasúnta maith Gaeilge ach ag duine amháin de na hiarrthóirí—Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách ó Ghaillimh.


Tá mothúcháin mheasctha agam faoi seo, le bheith ionraic. D’fhéadfaí a leithéid de riachtanas a fheiceáil mar rud eisiatach, ach níor mhaith liom uachtarán gan Gaeilge ar chor ar bith.


Níl aon chumhacht feidhmiúcháin, rialaithe ag an Uachtarán ar ndóigh, mar sin cad atá uainn ó uachtarán? Is figiúr mór é an t-uachtarán, an chéad saoránach den stát, duine ar cheart dúinn a bheith bródúil astu agus iad ag déanamh ionadaíochta ar an tír ar fud an domhain agus ag cuireadh fáilte roimh chuairteoirí go hÉirinn. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh dáimh acu le daoine ó gach cearn den tír agus leis an diaspóra fosta.


Mheasfainn gur cuid thábhachtach de ról an Uachtaráin ná ionadaíocht a dhéanamh ar ár gcultúr agus ar ár n-oidhreacht agus iad a chur chun cinn. agus is cuid lárnach dár gcultúr í an Gaeilge, gab aon dabht. Tá áit uathúil agus luachmhar aici i gcroí fhormhór mhuintir na hÉireann, fiú iad siúd nach bhfuil in ann í a labhairt go maith.


Trí úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i mbealaí oifigiúla agus neamhoifigiúla, is féidir leis an Uachtarán a hathbheochan a spreagadh, a foghlaim agus a húsáid a spreagadh i ngach duine. Is cinnte gur rudaí iad seo ar mhaith linn go léir a fheiceáil. Bheadh seo siombail shoiléir de tiomantas dár n-oidhreacht chultúrtha agus dár bhféiniúlacht náisiúnta.


Déarfadh cuid, ós rud é nach labhraíonn go leor saoránach an Gaeilge go líofa, go bhféadfadh líofacht a éileamh a choimhthiú cuid den daonra agus go bhféadfadh riachtanas den sórt sin teorainn a chur an mhéid iarrthóir a bheadh le fáil, rud a d’fhéadfadh daoine ardcháilithe a eisiamh, daoine a d’fhéadfadh iontach éifeachtach mar Uachtarán. Cé go bhfuil tuiscint agam don dearcadh sin, ní fheicim conas nach mbeadh aon duine a bhfuil fonn dáiríre orthu an uachtaránacht ar na cúiseanna cearta, i.e. chun bheith ina ionadaí dearfach ar an tír agus ní hamháin toisc go dtagann an post le teach deas agus pinsean, ag súil nach mbeadh teastas nó cáilíocht éigin sa Gaeilge a fháil, fiúntach agus ina eispéireas dearfach dóibh. Is caighdeán sách íseal iarrachta é freisin do dhuine atá ag iarraidh an oifig is airde sa tír a bhaint amach. D’aon duine a chuaigh tríd an gcóras oideachais in Éirinn, b’fhéidir go dtógfadh sé seo cúpla mí staidéir agus cleachtaidh orthu chun leibhéal A2 nó B1 aimsiú (leibhéal ag a bhfuil duine comhráiteach). Bheadh sé ina shiombail agus ina shampla iontach freisin do go leor daoine in Éirinn nach bhfuil muinín acu ar chor ar bith as a gcuid scileanna Gaeilge ach ar mhaith leo feabhas a chur orthu.


Tá a fhios agam go raibh eispéiris dhiúltacha ag go leor daoine in Éirinn leis an Ghaeilge mar ábhar scoile. Rud a bhí agam féin agus d’fhéadfainn leathanaigh agus leathanaigh a scríobh faoi na fadhbanna a bhaineann le múineadh na teanga inár scoileanna. D’fhéadfadh sé a bheith ina athrú mór ar stádas na teanga Uachtarán a fheiceáil a rinne iarrachtaí leis an teanga.


Mar sin, i mo thuairimse, ní ceist í seo faoi chumas teanga, ach ceist faoi cheannaire a bheith againn atá bródúil as a bheith Éireannach, agus a bheith bródúil as ár gcultúr agus ár n-oidhreacht chomhroinnte Éireannach a dhearbhú go praiticiúil.


Agus mé ag scríobh an cholúin seo, d’éirigh duine de na trí iarrthóir cláraithe as, iar-bhainisteoir Peile Ghaelach Átha Cliath, Jim Gavin, a bhí iontach sa phost sin ach a léirigh go gasta nach raibh sé oiriúnach don fheachtas.


Fágann sin Heather Humphreys mar an t-aon iarrthóir eile. Nuair a bhí sí ina haire roimhe seo i roinn a raibh freagracht uirthi as an nGaeltacht, léiríodh a drochmheas don teanga nuair a dhiúltaigh sí bualadh le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, ag rá gur leor dóibh bualadh le haire sóisearach ina roinn. Dhiúltaigh sí freisin agallamh a dhéanamh le Raidió na Gaeltachta—fiú go raibh siad sásta an t-agallamh léi a dhéanamh i mBéarla —faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an teanga agus leis an Ghaeltacht, saincheisteanna a raibh an fhreagracht uirthi astu.


Deir sí anois go bhfoghlaimeoidh sí Gaeilge má bhíonn sí ina huachtarán, ós rud é nár chuir sí aon iarrachtaí isteach uirthi féin nuair a bhí sí ina hAire don Ghaeltacht—mar a rinne Joe McHugh—tá amhras orm faoina macántacht sa mhéid sin.


Mar sin, cé gur féidir liom argóintí a thuiscint i gcoinne líofacht sa Ghaeilge a bheith mar riachtanas d’iarrthóir uachtaránachta, bheadh súil agam go gcuirfeadh drochmheas chomh hoscailte sin ar ár dteanga náisiúnta isteach ar fheachtas duine ar bith—ar an drochuair ní dhearna sé sa chás seo go dtí seo.


Chifidh muid cad e mar a éireoidh le rudaí ar lá an toghcháin ach tá a fhios agam cé a vótálfainn dó—Catherine Connolly abú!


Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in



Comments


Commenting on this post isn't available anymore. Contact the site owner for more info.
  • White Facebook Icon

© 2025 by The Irish Voice

bottom of page