Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
TÁ DROCH-cuma ar cúrsaí na laethanta seo agus chun an fhírinne a rá tá cúpla mionn mór ar barr mo theanga nach dtig liom a scríobh anseo nó bheadh taom croí ag Gerry—in áit a chroí a bheith briste aige agus é ag fanacht ar mo cholún gach mí, ach sin scéal eile!
Na bealaí ina mbíonn rudaí ag dul sa nuacht agus sa saol is fíor-dheacair tú féin a coinnigh dearfach ach sin a n rud a chaithfidh muid a dhéanamh, is dócha . Ní bhainfeadh muid faic as a bheith in ísle brí faoi cúrsaí mar atá siad! Tuigim cinnte go bhfuil sé i bhfad níos fusa sin a rá ná sin a dhéanamh, nó sin a chreidbhéil fiú agus chun a bheith go hiomlán ionraic, i mbealach tá mé ag caint liom féin—chun mo chuid misneach féin a choimeád—agus mé ag rá an rud sin. Mar sin, caithfidh mé smaoineamh ar, agus scríobh faoi, rudaí dearfacha anseo.
An chéad rud dearfach a ritheann liom anois ná na huimhreacha iontacha atá againn—Conradh na Gaeilge Glaschú—ag ár ranganna Gaeilge ó a thosaigh muid arís i ndiaidh an samhradh. Is soiléir go bhfuil a lán daoine amach ansin ag glacadh an seans anois, agus níos mó am acu is dócha, chun an Ghaeilge a fhoghlaim—nó, go minic, a athfhoghlaim—nó chun fheabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, b’fhéidir i ndiaidh blianta gan í a úsáid go rialta.
Rud eile atá dearfach ná go mbíonn an craic sna ranganna fós ann fiú nach bhfuil muid le chéile ach i mbealach fíorúil agus muid ag baint úsáid as an fheidhmchlár Zoom—cosúil leis an domhan uilig de réir dealraimh. I mo ranganna féin tagann cuid mhaith den craic ó na daltaí a magadh fúm, ach caithfidh é cur suas le sin is dócha agus anois, nuair atá féasóg orm cosúil le Uncle Albert ó Only Fools and Horses, bhuel ní thig liom locht ar bith a chur orthu go ndéanann siad sin.
Tá spásanna fós ann sna ranganna agus mar sin, má bhí tú ag smaoineamh riamh ar an Ghaeilge a (ath)f(h)oghlaim déan é anois, bheadh fáilte mhór romhat.
Bhí tráthnóna dearfach fosta ag Ciorcal Comhrá Dhún Éideann ar na mallaibh nuair a ghlac muid páirt i dtogra darb ainm COMHRÁ 20, sin sórt ciorcal comhrá na Gaeilge le daoine ar fud an domhain ag glacadh páirt ann thar trí lá gan stad. Bhí muid le chéile le dream Gaeilgeoirí ó San Diego, creid é nó ná creid, agus bhí sé sin iontach suimiúil agus an-deas—agus níos fearr ná sin níor luaigh mé ainm Ron Burgundy leo, buíochas le Dia!
Ardaíonn na rudaí seo mo chroí, daoine ag teacht le chéile agus cultúr na hÉireann a cheiliúradh. Mothaím an rud céanna nuair a fheicim scéalta faoi na clubanna CLG anseo in Albain agus an méid atá siad fós ag déanamh—le paistí agus daoine fásta—fiú sna laethanta aisteacha seo.
Tá, ar a laghad, cúpla céad daoine gach seachtain ag glacadh páirt i ranganna ar líne de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann fosta. Nach iontach na rudaí seo? Ní amháin go bhfuil daoine chomh díograiseach chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí seo—fiú nach bhfuil sé furasta dóibh faoi láthair —ach níos mo na sin an méid oibre (dheonach) a bhíonn go leor daoine sásta a chur isteach sna heagraíochta seo go mbíonn sin in ann leanúint ar aghaidh lena gcuid imeachtaí na laethanta seo.
Agus sin gan acu cúpla eagraíocht a luaite anseo agus gan focal fiú faoin fhoireann iontach ag an Irish Voice é féin agus an méid oibre a chuireann siad isteach gach mí. Tá éacht mór déanta acu uilig—mo ghraidhin go deo sibh.
Mar scéal dearfach eile; cúpla lá i ndiadh a scríobh mé mo cholún an mhí seo caite faoi logainmneacha in Éirinn—agus an easpa meas a bhíonn orthu ó dheas agus, go háirithe, ó Thuaidh—chonaic mé alt ar suíomh an BBC faoi polasaí nua ag Comhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon chun cead a thabhairt anois do chomharthaí sráide dhátheangach i gceantair ar bith ina bhfuil níos mó ná dhá thrian de na cónaitheoirí i bhfabhar iad.
Ni thig liom a rá go ndearna cuid de na comhairleoirí seo le háthas—agus tá a fhios agaibh cé hiad na daoine sin—agus fosta tá i bhfad níos mó le déanamh ó thaobh an t-ábhar seo, ach fós féin ba rud dearfach é agus caithfidh muid na rudaí beaga a cheiliúradh chomh maith leis an rudaí móra.
Bhí ar daoine áitiúla troid go dian chun an chur chun cinn seo a chur i bhfeidhm ach d’éirigh leo, sin an ceacht ón scéal seo.
Coinnigh oraibh a chairde!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
cnag_glaschu@hotmail.com
www.cnag-glaschu.co.uk