BHUEL, a chairde, tá súil agam go raibh craic agaibh thart fá Lá Fhéile Pádraig, cíbe rud a rinne sibh agus cíbe áit ina raibh sibh. Tá mé féin tuirseach tréigthe ar scór ar bith i ndiadhníos mó ná coicíse d’imeachtaí i rith Féile Pádraig Ghlaschú ach b’fhiú é mar bhí sé dochreidte maith a bheith ag ceiliúradh na Gaeilge an ár gcultúr agus ár n-oidhreacht le chéile.