AN MHÍ seo caite bhí mé I measc ‘na Gaeil Eile’ nuair a thug mé cuairt ar an Mòd Naisiúnta a bhí ar siúl san Oban. Muna bhfuil a fhios agat tá an Mòd cosúil le hOireachtas na Gaeilge nó Fleadh Cheoil na hÉireann, b’fhéidir meascán don bheirt acu I mbealach.
Mar a tharlaíonn sé, thosaigh an Mòd (ar dheis) agus Oireachtas na Gaeilge beagnach ag an am céanna, sna 1890óidí, agus fuair an an dá fhéile spreagadh ón Eisteddfod, an fhéile sin sa Bhreatan Bheag a bhíonn ag ceiliúradh cultúr agus teanga na tíre sin ón seachtú aois déag ar aghaidh—fiú go bhfuil stair an sórt fhéile sin ag dul ar ais go dtí an dara aois déag nó mar sin.
Ag an Mòd bíonn comórtais amhránaíochta, cheoil, drámaíochta agus eile ar siúl agus mhaireann an fhéile ar feadh seachtaine. Bíonn Gàidhlig mar pháirt lárnach i ngach rud ag an fhéile. B’fhéidir gur chuala tú trácht ar Bonn Óir ag a Mhód, sin an duais is mó sna comórtais fá choinne duine ag canadh ina n-aonair. I measc saol na Gàidhlig, bíonn clú agus cáil go deo ar duine ar bith a bhaineann an Bonn Óir.
B’fhéidir gurb iad na comórtais na gcór na cinn eile is mó. Sílim gur fiú é a ra anseo gurb é ‘cóisir’ an focal i nGàidhlig fá choinne ‘cór,’ ach chiallaíonn ‘cóisir’ i nGaeilge s’againne ‘party.’ Sílim gur sampla maith é sin de na bealaí a thig le na teangacha a bheith cosúil ach difriúil ag an am céanna. De réir mar a thuigim bíonn na cóir Gàidhlig ag cóisireacht go huair mairbh na hóiche agus mar sin is furasta an nasc idir an dá chiall ar an fhocal ‘cóisir’ a thuigbheál.
Ghlac mé féin páirt sa chomórtas drama le Buidheann Drama Ghlaschu. Sin an triú bliain a ghlac mé páirt leo agus bhain mé an-sult as arís, caithfidh mé a rá, in ainneoin go ndéanaim an saghas ról céanna i gcónaí—an strainséir amhrasach! Agus in ainneoin mise agus mo chuid droch-aisteoireacht bhuaigh muid cúpla duais, rud a bhí go maith tuillte ag na daoine eile sa ghrúpa.
Bhuel go dtí seo níor luaigh mé rud ar bith faoin Mòd ach na comórtais agus caithfidh mé mo leithscéal a ghabháil faoin sin mar sin mar a bhíonn daoine ag caint agus ag smaoineamh faoi i gcónaí ach ní sin an rud is fearr nó b’fhéidir is tábhachtaí faoin fhéile ar chor ar bith, i mo bharúil fein. Chun an fhírinne a rá, tá a fhios agam go mbíonn drochbharúil ag go leor daoine faoin Mhòd toisc go bhfuil clú ag na comórtais a bheith iontach sean-fhaiseanta agus/nó na rialacha a bheith iontach dian agus mar sin go bhfuil an rud go léir sórt leadránach. Tá sin cloiste agam fosta ach fós féin deirim nach ionann na comórtais agus an Mòd.
Tá a fhios agam, ár ndóighe, gan na comórtais ní bheadh Mòd ann. Ain mar a thosaigh an fhéile agus go fóill sin na himeachtaí is mó ann, ach na rudaí is fear a chonaic mise agus a mhothaigh mise nuair a bhí mé ann ná an comhluadar agus an craic a bhí ar siúl sa bhaile. An t-am ar fad feiceann tú daoine ag bualadh le chairde, cairde b’fhéidir nach bhfaca siad ón am an Mòd anuraidh. Bhuail mé féin fiú le cúpla duine ann nach bhfaca mé le tamall fhada. Bhí an t-atmaisféar sa bhaile agus na tithe tabhairne díreach ar fheabhas, nó ‘sgoinneal’ mar a deirtear i nGàidhlig! Mhair an craic go moch ar maidin, fiú don sheanleaid seo, agus beagnach gach comhrá an chuala mé, bhí sé i nGàidhlig. Nach iontach an rud é sin?
Tuigim duine ar bith a théann go Fleadh Cheoil na Breataine nó Fleadh Cheoil na hÉireann (nó Oireachtas na Gaeilge) cad é atá mé ag caint faoi. Is iad an cairdeas agus an craic na cuimhní is fearr a fhaigheann daoine ó na Fleadhanna agus a leithéid. Nach iontach an rud é ár gcultúir agus oidhreachta a cheiliúradh i mbealach oscailte agus fáilteach.
Mar focal scór, faighim an cheist seo go minic , toisc go bhfuil mé ag foghlaim—nó ag déanamh iarracht foghlaim—na Gàidhlig le blianta fada anois: “Cé chomh cosúil agus atá na teangacha lena chéile? Déarfainn go bhfuil siad iontach cosúil le chéile, ach mar a chonaic muid le ‘cóisir’ bíonn ‘cairde bréagach’ ann in amanna. Mar sin mholfainn go hard go duine le Gaeilge ata ina gcónaí in Albain giota beag, ar a laghad, den Ghàidhlig a fhoghlaim. Is iontach an rud naisc idir na Gaeil a chruthú, cosúil linn féin, is breá leo an craic. Na Gaeil uilig abú!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.
celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
Comments