Ag freagairt ceisteanna céannachta
- Éimhín Ó Dunaigh

- Sep 19
- 4 min read

BHUEL, a chairde, is deas a bheith ar ais libh tar éis an tsamhraidh. Tá súil agam gur bhain sibh sult as an samhradh! Tá muid ag druidim le tús théarma nua ranganna Gaeilge agus gníomhaíochtaí eile de chuid Chonradh na Gaeilge Glaschú go luath, i mí Mheán Fómhair—féach thíos le haghaidh tuilleadh sonraí fúthu seo—Chuir seo scéal nuachta ón samhradh i gcuimhne dom. Déarfainn go bhfaca go leor agaibh rud éigin sna nuachtáin faoi na sleachta ó Ed Sheeran, ar phodchraoladh—ar ndóigh—faoina fhéiniúlacht Éireannach. Rinne an scéal seo go leor conspóide ag an am, mar is dóigh liom go ndéanfadh beagnach ráiteas ar bith a dhéanfadh duine chomh cáiliúil le Ed Sheeran, go háirither sna laethanta seo inár saol atá sáithithe sna meáin chumarsáide. Ceapaim go dtiocfadh leat a rá, áfach, sa chás seo, gur rud suimiúil a dúirt sé, go háirithe d’aon duine i ndiaspóra na hÉireann.
An ráiteas a tharraing an aird is mó, chomh fada mar is eol dom, ná an ceann seo: “Chaithfimis ár laethanta saoire go léir in Éirinn. Bhí mo chéad eispéiris cheoil in Éirinn; d'fhás mé aníos le ceol traidisiúnta sa teach. Mar sin, aithním mé féin go cultúrtha mar Éireannach, ach is léir gur rugadh agus tógadh mé sa Bhreatain."
Thig liom liom a shamhlú go bhfuil dtuigfeadh go leor daoine atá ag léamh seo an taithí sin, mar Éireannaigh atá ina gcónaí in Albain, bíodh siad ina n-inimircigh den chéad ghlúin, den dara nó den tríú glúin nó cibé glúin. Go deimhin, táim cinnte go rachadh an cineál seo ráitis i bhfeidhm ar daoine ní amháin i bpobal na hÉireann agus go roinnfeadh go leor daoine ó phobail eitneacha éagsúla eile anseo sa Bhreatain é agus i ndáiríre aon ghrúpa pobail imirceach cíbe tír ina mbeadh siad.
Táim cinnte go n-aontódh go leor daoine le rud eile a dúirt sé: “Ní chiallaíonn sé go gcaithfidh mé a bheith mar Briotanach amháin toisc gur rugadh mé sa Bhreatain, tá neart daoine ann a bhfuil aithne agam orthu atá leath seo nó ceathrú seo.”
Tá Sheeran, a bhfuil a sheantuismitheoirí ó Loch Garman ar thaobh a athar, glórach le blianta anuas faoina naisc le hÉirinn agus is minic a chuireann sé síos ar na fréamhacha seo mar fhoinse bróid agus inspioráide. Is dócha gurb é a amhrán Galway Girl an sampla is cáiliúla agus is soiléire den tionchar seo ar a cheol.
Léirigh amhránaí eile a rugadh i Sasana, Tom Grennan mothúcháin cosúil leis na cinn seo in agallamh le déanaí, mar sin níl Sheeran ina aonar leis an mhéid a dúirt sé. Mar sin, b’fhéidir go hábhar iontas é gur chruthaigh na tuairimí is déanaí seo scéal chomh mór sin ach tuigim gur léiriú níos dírí a bhí ann sa mhéid a dúirt sé gur Éireannach é, go cultúrtha ar a laghad.
Sílim gur ghlac daoine áirithe é seachas mar rud dearfach ar a fhéiniúleacht Éireannach féin nó mar dhiúltú ar an mBreatain nó Briotanacht agus mar sin mar masla dóibh féin, rud a léiríonn a n-éiginnteacht féin, dar liom. Níl oidhreacht teaghlaigh ag daoine eile ach ó áit amháin agus mar sin ní thig leo tuiscint a fháil ar na saincheisteanna aitheantais níos casta a chaithfidh aon duine a bhfuil a sinsir ó áit éigin anseo a láimhseáil. Is cosúil go dtagann an easpa tuisceana seo ó roinnt daoine in Éirinn chomh maith. Tá náire orm a rá go raibh an tuairim sin agam féin sular fhág mé Éire. Is easpa tuisceana í a thagann ó aineolas ar thaithí daoine eile. Cosúil le go leor saincheisteanna eile sa saol, téann beagán machnaimh agus comhbhá le daoine eile i bhfad.
Ar aon nós, níl a fhios agam an gá na rudaí seo a rá le daoine a léann The Irish Voice ach, le é a rá go díreach, thig leat leat a bheith Éireannach, fiú mura rugadh in Éirinn thú. Tá sé chomh simplí sin.
Mar a dúirt Sheeran féin, níl ga fiú le barraíocht smaoineamh a dheanamh air, tá sé bunaithe ar an bhealach a mothaíonn tú agus ar na rudaí a nascann tú leis, bunaithe ar do thaithí saoil. Tá sé tábhachtach nach mbímid eisiach mar phobal nuair a chuireann daoine a bhféiniúlacht Éireannach in iúl, nach ndéanaimid ‘gatekeeping,’ mar a deirtear i mBéarla, ar bhealach diúltach.
Trí bheith oscailte agus fáilteach ar an mbealach seo, léiríonn sé go bhfuil tú seasmhach as do fhéiniúlacht féin agus ionat féin, rud a bhféadfaimis uile a bheith ag iarraidh.
Más mian leat do cheangal leis an Ghaeilge a athmhúscailt i ndiaidh an tsamhraidh beidh neart deiseanna ann chun an Ghaeilge a úsáid agus a fhoghlaim in Albain e.g. Tosaíonn ranganna seachtainiúla do dhaoine fásta i nGlaschú Dé Aoine 5ú Meán Fómhair agus beidh Club Cultúrtha seachtainiúil do pháistí i nGlaschú le Conradh na Gaeilge Glaschú ag tosú ar ais i mí Mheán Fómhair fosta. Bíonn ciorcal comhrá i nDún Éideann agus PopUp Gaeltacht i nGlaschú & Dún Éideann gach mí agus Grúpa Amhránaithe i nGlaschú fosta. Fáilte roimh chách!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in







Comments