top of page

Céiliúradh i ndiaidh Céiliúradh


ree

BHUEL, a chairde, nach mbíonn na hoícheanta iontach fada na laethanta seo agus nach mbíonn an aimsir gruama den chuid is mò? Bhuel, bíonn, is dócha, ach tá mise ag rá libh gan bac le sin agus gan a bheith gruama ionat féin ag an am céanna. Cad chuige? Bhuel, nach é seo an t-am den bhliain a bhíonn céiliúradh i ndiaidh céiliúradh againn? Is é. Muna chreideann tú mé, smaoinigh ar seo: ní fada uainn an Nollaig, agus ansin tagann na féilte go gasta chugainn ina dhiaidh sin.


Oíche Chinn Bliana, féile a bhíonn níos tábhachtaí, agus níos fearr b'fhéidir, in Albain ná in áit ar bith eile ar fud na cruinne, déarfainn. Nollaig na mBan díreach ina dhiaidh, ná déanaigí dearmad faoin fhéile seo agus muna bhfuil cur amach agat uirthi, amharc ar an alt a scrìobh mé faoi, i mí na Nollag anuraidh, ar suíomh The Irish Voice. Beidh an fhéile ollmhór Celtic Connections i nGlaschú ansin, ó lár mí Eanáir ar aghaidh, ar feadh trí seachtaine le scóth na ceoltóirí as Éirinn, ceoltóirí áitiúla agus as a lán tíortha eile, agus ansin, ag tús mí Feabhra, beidh Lá Féile Bhríde (Imbolc) linn. Beidh muid tinn tuirse den chraic ina dhiaidh sin uilig, déarfainn, agus ní bheidh sé i bhfad ansin go dtí go mebidh Lá Fhéile Pádraig ann! Ceart go leor, ceart go leor, tá mé ag dul thar fóir ansin ag cur Lá Fhéile Pádraig san aireamh ach níor luaigh mé mo breithlá féin fiú, a thagann i lár na féilte seo.


Mar a scríobh mé anseo anuraidh, nach deas an rud é go mbíonn níos mó béime i ndiaidh tagtha ar ceiliúradh Lá Fhéile Bríde na laethanta seo?


Mar tradisiún fadó, ba í an sean-fhéile Imbolc a bhí mar cheiliúradh ar tús an Earrach—ceann de na ceithre fhéile móra a bhí ag na Gaeil fadó ag marcáil buaicphointí na bliana—agus ansin, nuair a tháinig an Chríostaíocht, athríodh an fhéile sin go Lá Fhéile Bhríde mar atá againn anois.


Ar Oíche Bhríde í féin—sin an oíche díreach roimhe Lá Fhéile Bríde—beidh ceiliúradh mhór ar na sean-tradisiúin a mbaineann leis an fhéile ag Céilí Oíche Bhríde de chuid Conradh na Gaeilge Glaschú, mar a bhíonn gach bliain le 60 bliain agus níos mó.


Cad chuige go mbíonn céiliúradh Oíche Bhríde ar an oíche roimh lá na féilé é féin? Bhuel, ba mhinic, go tráidisiúnta, go raibh daoine ag cheiliúradh féiltí na hÉireann tráthnóna/oíche an lae roimhré mar measadh gur tréimhse í seo nuair a bhí an domhan eile an-ghar don domhan s'againne agus mar sin ba am é nuair a bhí achainíocha ar chosaint agus ar bheannacht níos éifeachtaí.


Cíbe ainm a chuirfeá ar an fhéile seo bíonn sí ina comhartha go mbeidh na laethanta ag iarraidh giota beag níos faide agus a bhíonn faoiseamh ag teacht orainn gur mhair muid an geimhreadh agus go bhfuil muid réidh le túis úra.


Tá súil agam go mbeidh seans agat í a cheiliúradh i 2026.


Mar focal scór na bliana—agus focail go hiomlán fóirsteanach fá choinne tús na bliana úire fosta, ár ndóighe—ba mhaith liom a luaigh libh arís imeachtaí na Gaeilge in Albain.


Tá súil agam go mbeidh go leor ag smaoineamh ar an Ghaeilge agus sibh ag cruthú rúin na hAthbhliana daoibh féin! Níl am níos fearr chun an Ghaeilge a (ath)fhoghlaim agus a úsáid ná díreach anois.


I nGlaschú, bíonn ranganna gach seachtain do dhaoine fásta (Dé Máirt ar líne agus Dé hAoine i Govanhill), PopUp Gaeltachtaí ar an Déardaoin deireanach de ghach mí i Graces sa Merchant City, grúpa Ceoltóirí seachtainiúil, Cultúr Club do phaistí gach Domhnach agus imeachtaí eile á shocrú go rialta ag Conradh na Gaeilge Glaschú. Mar shampla, Céilí Oíche Bhríde a luaigh mé thuas. Beidh an céilí seo ar siúl i 2026 Dé Sathairn, 31ú Eanáir, i Halla Chríost an Rí, i Kings Park, ó 7.30pm. Ticéid le fáil ón Chonradh nó ar Eventbrite. Oíche iontach a bhíonn ann i gcónaí.


I nDún Éideann bíonn ciorcal comhrá uair sa mhí sa Chonsalacht—an dara Céadaoin, de ghnáth, ó a 7—PopUp Gaeltachtaí ó am go ham agus imeachtaí eile go rialta. Déan teagmháil liom chun níos mó eolais a fháil nó déan teagmháil leis an Little Ireland Arts Collective sa chathair.


Bain triail as an Ghaeilge i 2026.


Toisc gurb é seo an t-eagrán do The Irish Voice fá choinne mí na Nollaig agus mí Eanáir ba mhaith liom Nollaig shona agus Athbhliain faoi mhaise agus faoi shéan a rá libh uilig. Bainigí sult as an seasúr!


Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.

celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in



  • White Facebook Icon

© 2025 by The Irish Voice

bottom of page