top of page


Níl a fhios acu dada, mar is gnách
BHUEL, a chairde, an mbeadh iontas ar bith oraibh dá mbeinn ag rá libh go bhfuil meancóg amaideach déanta ag Reform UK? Ní bheadh, is dócha, ach seans go mbeadh iontas ort go mbaineann a gcuid seafóid—an uair seo—leis an Ghaeilge.

Éimhín Ó Dunaigh
Jul 273 min read


Mol achan duine agus tiocfadh siad
‘MOl an óige agus tiocfadh siad,’ sin a deir an seanfhocal i nGaeilge. Seanfhocal a d’úsáid mé anseo thart fán am seo anuraidh toisc go mbíonn sé ar m’intinn achan bliain agus muid ag ullmhú fá choinne Campa Samhraidh Chonradh na Gaeilge Glaschú. Thig linn an seanfhocal sin a úsáid i gcomhthéacs ar bith, is dócha, ach déarfainn go bhfuil sé ríthábhachtach nuair a táthar ag caint maidir le teanga, oidhreacht agus féiniúlacht.

Éimhín Ó Dunaigh
Jun 263 min read


Is peil pholaitiúil arís é
AN DTIOCFADH linn dul fríd mí amháin gan conspóid leis an Ghaeilge ó thuaidh? Ní thig linn, de réir dealraimh! An mhí seo caite bhí mé ag scríobh faoin vótáil a bhí in Ollscoil na Banríona, i mBéal Feirste, chun fograíocht dátheangach a thabhairt ar ais san institiúid sin.

Éimhín Ó Dunaigh
May 184 min read


An Ghaeilge agus polaitíocht
BHUEL, a chairde, tá súil agam go raibh craic agaibh thart fá Lá Fhéile Pádraig, cíbe rud a rinne sibh agus cíbe áit ina raibh sibh. Tá mé féin tuirseach tréigthe ar scór ar bith i ndiadhníos mó ná coicíse d’imeachtaí i rith Féile Pádraig Ghlaschú ach b’fhiú é mar bhí sé dochreidte maith a bheith ag ceiliúradh na Gaeilge an ár gcultúr agus ár n-oidhreacht le chéile.

Éimhín Ó Dunaigh
Mar 234 min read


Táimid ag tnúth le Márta!
LÁ FHÉILE Bríde agus Imbolc sona daoibh go léir. Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as iad a cheiliúradh. Bhí ceiliúradh mór ar na sean-thraidisiúin a bhaineann leis an Fhéile ag Céilí Óíche Bhríde bliantúil de chuid Conradh na Gaeilge Glaschú. Go raibh míle maith agaibh go léir a tháinig amach i mbliana!

Éimhín Ó Dunaigh
Feb 214 min read


Céiliúradh i ndiaidh Céiliúradh
BHUEL, a chairde, nach mbíonn na hoícheanta iontach fada na laethanta seo agus nach mbíonn an aimsir gruama den chuid is mò? Bhuel, bíonn, is dócha, ach tá mise ag rá libh gan bac le sin agus gan a bheith gruama ionat féin ag an am céanna. Cad chuige? Bhuel, nach é seo an t-am den bhliain a bhíonn céiliúradh i ndiaidh céiliúradh againn? Is é. Muna chreideann tú mé, smaoinigh ar seo: ní fada uainn an Nollaig, agus ansin tagann na féilte go gasta chugainn ina dhiaidh sin.

Éimhín Ó Dunaigh
Dec 19, 20253 min read


Time is the most important gift you can give
THIS time of year is known as the season of goodwill and that phrase may be one that, for some, has lost a little meaning in recent times.

Paddy Callaghan
Dec 19, 20253 min read
bottom of page
