Is peil pholaitiúil arís é
- Éimhín Ó Dunaigh
- 5 hours ago
- 4 min read

AN DTIOCFADH linn dul fríd mí amháin gan conspóid leis an Ghaeilge ó thuaidh? Ní thig linn, de réir dealraimh! An mhí seo caite bhí mé ag scríobh faoin vótáil a bhí in Ollscoil na Banríona, i mBéal Feirste, chun fograíocht dátheangach a thabhairt ar ais san institiúid sin. An mhí seo, tháinig conspóid nua aníos leis an nuacht gur bhaineadh maoiniú ó Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann toisc go bhfuil ról lárnach ag an togra seo in iarrachtaí údarás áitiúla ar fud an Tuaiscirt chun comharthaíocht dhátheangach a chur in áit, sin fógraí a bhíonn an Ghaeilge orthu chomh maith leis an Bhéarla.
Bhí na páirtithe náisiúnacha ag cur i leith an Aire Phobail, Gordon Lyons ón DUP, go raibh sé tar éis an maoiniú seo a ghearradh toisc go raibh an togra seo ag tacú leis an feachtas chun comharthaíocht dhátheangach—sin comharthaíocht leis an Ghaeilge orthu—a cur suas in áiteanna ar fud an Tuaisceart.
Ansin, d’fhógair Aire Eacnamaíochta Thuaisceart Éireann, Caoimhe Archibald ó Shinn Féin, go raibh sí chun idirghabháil a dhéanamh chun maoiniú an tionscadal a shábháil.
Mar eolas, £90,000 a bhí I gceist anseo, ní milliún punt nó a leithéid atá muid ag caint faoi anseo. Ná déan dearmad cur chaith Chomhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon—comhairle atá faoi smacht na páirtithe aontachtaithe —thart fán méid sin ar cás cúirte ar na mallaibh agus iad ag diultú foghraíocht dátheangach ina gceantar.
Dúirt an tAire go ndearna sí seo chun tacaíocht a tabhairt don tionscadal agus ‘a chuid oibre ríthábhachtaí, ag soláthar aistriúchán cruinn le haghaidh comharthaíocht sráide Gaeilge agus ag cosaint na hoidhreachta tábhachtaí sin.’
Tá an ceart aici. Is oidhreacht ríthábhacht í ár logainmneacha gan aon amhras—bím ag rá sin anseo go minic, tá a fhios agaibh. Mar sin, is iontach an rud é go mbeidh an tionscadal seo sábháilte ar feadh bliain amháin eile, ar a laghad. Seans go bhfuil níos mó ar chúl an scéal seo áfach mar de réir an DUP ba leis an Roinn Eacnamaíochta an cinneadh faoi mhaoiniú an tionscadal an t-am ar fad, ní ag a n-aire féin. Tá siad ag rá gur cruthú Sinn Féin an dráma seo go mbeadh siad in ann teacht isteach ag an bhomaite deireanach chun an lá a shábháil. Chun an fhírinne a rá ní raibh sé soiléir domhsa ar scór ar bith cé leis an dualgas ach tháinig sé amach go raibh an Roinn Pobail—roinn Aire Lyons ón DUP—ag maoiniú an tionscadail idir 2022 agus 2026 agus go raibh oifigigh a Roinne ag féachaint ar roghanna maidir le maoiniú sa todhchaí ag an bpointe sin.
Cíbe é an fhírinne, caithfidh mé a rá go bhfuil mé go hiomlán tinn tuirseach an Ghaeilge a bheith mar liathróid polaitiúla i gcónaí, go háirithe ó Thuaidh.
Ag fanacht le ceist na logainmneacha ach ag tiontú go rud dearfach—faoi dheireadh— tá feachtas tosnaithe ag Conradh na Gaeilge in Éirinn, feachtas darb ainm AthGhaelú, chun na hainmneacha Gaeilge ar chathracha is báilte na hÉireann a thabhairt ar ais in úsáid go coitianta, seachas na leaganacha Béarla atá in úsáid, den chuid is mó den am, na laethanta seo.
Mar a bhím ag rá i gcónaí, tá ‘ár’ logainmneacha i mBéarla, mar shampla, ‘Dublin, Tipperary agus Donegal’ gan bhrí, gan chiall ón am gur aistríodh iad ón nGaeilge agus, níos tátbhachtaí ná mo bharúil féin, seo mar a bhíonn na scoláirí ag rá fosta. Mar sin, tá an fheachtas seo ag iarraidh ar dhaoine filleadh ar na leaganacha bunaidh d’ainmneacha na gcathracha, na mbailte is na mbailte fearainn ar fud na tíre.
Ag seoladh AthGhaelú, dúirt Leas-Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Aodhán Ó Deá go raibh sé ‘thar am dúinn spreagadh a fháil ó tíortha eile ag díchóilíniú a gcuid logainmneacha ar nós An India ag athsealbhú ainmneacha cosúil le Bombay go Mumbai, Calcutta go Kolkata.’ Glactar leis na logainmneacha ‘nua’ sin agus muid ag caint faoin na cathracha sin san India agus mar sin cad chuige nach mbeidh muid in ann an rud céanna a dhéanamh leis ár logainmneacha féin? Mar pháirt don fheachtas tá aip nua, Baile Beo, a sheoladh chun cuidiú le tiománaithe a bhíonn ar bhóithre na tíre tuiscint níos fearr a fháil ar na háiteanna atá siad ag gabháil triothu agus tharstu. Ioslodáil é sula rachaidh tú go hÉirinn an chéad uair eile.
Mar focal scór an mhí seo, na déanaigí dearmad go mbeidh imeachtaí de chuid Feile na gaeilge Glaschú ag druidim linn: lá le ceardlanna Gaeilge (ag gach leibhéal) Dé Sathairn 16ú Bealtaine i Govanhill, ceolchoirm le Cór Ailigh (ó Dhún na nGall) agus cór Gàidhlig Dé Sathairn an 30ú Bealtaine i lár na cathrach agus oíche scannán i Grace’s Glasgow Irish Centre Déardaoin, 4ú Meitheamh, leis an scannán galánta Róise & Frank. Na caill iad! Ticéid le fáil ar Eventbrite nó déan teagmháil le cnag_glaschú @hotmail.com. Beidh fáilte roimh chách!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
