top of page

Táimid ag tnúth le Márta!



LÁ FHÉILE Bríde agus Imbolc sona daoibh go léir. Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as iad a cheiliúradh. Bhí ceiliúradh mór ar na sean-thraidisiúin a bhaineann leis an Fhéile ag Céilí Óíche Bhríde bliantúil de chuid Conradh na Gaeilge Glaschú. Go raibh míle maith agaibh go léir a tháinig amach i mbliana!


Cibé féile a cheiliúir sibh—an ceann págánach nó Críostaí nó an dá cheann—nó muna cheiliúir sibh ar chor ar bith, is fíor go bhfuil an tEarrach linn anois agus, ar an dea-uair, tá na laethanta ag éirigh giota beag níos faide. Beagnár chaoin mé le lúcháir an tseachtain seo caite nuair a dúirt duine éigin liom go raibh muid ar tí an lá a shroicheadh a mbeadh luí na gréine i nGlaschú tar éis a cúig a chlog! Níl ansin ach áibhéil bheaga.


I ngach áit a bhféachaimid na laethanta seo, is cosúil go bhfuil dorchadas á scaipeadh ar fud an domhain. Is cosúil domsa go dtig leis ‘na drochdhaoine,’ chun e a rá go simplí, a rogha féin a dhéanamh, agus mar sin bím ag cloí go géar le haon phíosa áthais, dearfacht nó solais—cinn litriúil nó meafarach.


Ar scór ar bith, anois dírítear ár n-aird ar ár gceiliúradh timpeall Lá Fhéile Pádraig, Seachtain na Gaeilge agus roimhe sin Feis Ghlaschú. Tuilleadh deiseanna chun ár n-oidhreacht agus ár gcultúr a cheiliúradh. Tá neart imeachtaí eagraithe le linn féilte Fhéile Pádraig i nGlaschú, Dún Éideann agus Coatbridge. Táim páirteach i bhFéile Pádraig Ghlaschú, mar sin tá a fhios agam go bhfuil neart eagraithe ann: caint ar ghinealas na hÉireann; oíche tráth na gceist faoi Derry Girls; oícheanta scannán; caint ar imirce na hÉireann go hAlbain eagraithe i gcomhpháirtíocht le Coiste Comóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916, Albain, chomh maith le seoladh leabhar staire Éireannach uathu freisin; an tAifreann bliantúil in Ardeaglais Naomh Aindriú, agus tuilleadh imeachtaí.


Is é príomhimeacht Fhéile Ghlaschú ná Lá Teaghlaigh na Féile, a bheidh ar ais i gCearnóg na gCeannaithe, Dé Sathairn an 14ú idir 12pm agus 5pm. Mar a tharla anuraidh, den chéad uair le blianta, beidh mórshiúl roimh Lá Teaghlaigh na Féile agus i ndhiaidh an rath ollmhór a bhí ar imeacht anuraidh, ní thig liom fanacht leis.


Chomh maith leis seo go léir, beidh Conradh na Gaeilge Glaschú, agus Little Ireland Arts Collective in Dún Éideann, ag eagrú roinnt imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge—an fhéile Gaeilge dhomhanda a bhíonn ar shiúl ag an am céanna le féilte Fhéile Pádraig—amhail Aifreann na Gaeilge ar an 15 Márta in Eaglais Dhún Scotus sna Gorbals, Glaschú agus ranganna agus ceardlanna speisialta Gaeilge chomh mait


Ba chóir dúinn a mheabhrú i gcónaí go bhfuil tionchar mór ag an diaspóra ar na ceiliúradh nua-aimseartha timpeall Lá Fhéile Pádraig. Is cuimhin liom i gcónaí, nuair a bhog mé go Meiriceá gur thug mé faoi dheara cé chomh mór is a bhí na ceiliúradh ansin i gcomparáid leis mar a bhí sé sa bhaile. B’fhéidir nach bhfuil sé seo chomh fíor sin a thuilleadh, sa mhéid is go sílim go mbíonn na ceiliúradh sa bhaile ag fás beagnach achan bliain—cosúil linn féin anseo in Albain fosta.


Bíonn cúpla seachtain iontach againn i mí an Mhárta gach bliain, agus is iontach an deis seo a bheith againn chun ár gcultúr agus ár n-oidhreacht a cheiliúradh. Mar a deirim go minic anseo: cosúil leis an méid a deir siad faoi Nollaig agus faoi choileáiníní, ní hamháin i mí an Mhárta atá d’oidhreacht Éireannach! Bíonn ár dtacaíocht ag teastáil ó ár n-eagraíochtaí bunúsacha Éireannacha i gcónaí i rith na bliana agus tá sé ríthábhachtach go dtuigeann muid go léir cad atá againn iontu. Bain sult as ar fad!


De réir Wikipedia: “Gceiliúrtar Lá Fhéile Pádraig i níos mó tíortha ná féile náisiúnta ar bith eile.” Ní raibh a fhios agam ach an oiread gur lá saoire phoiblí é Lá Fhéile Pádraig i gcúige Cheanada Talamh an Éisc agus Labradar agus i Montserrat Críoch Thar Lear na Breataine fosta.


Nuair a thosaigh mé ag léamh faoi seo mé thit mé síos ‘poll coiní,’ mar a deirtear i mBéarla, a shíl mé a bhí suimiúil. Bhí a fhios agam go pointe faoi na naisc idir Éirinn agus Montserrat ach agus mé ag léamh beagán níos mó faoi, deirtear go beagnach go hiomlán de dhaonra an oileáin bhig sin de shliocht measctha Afracach-Éireannach. Is cosúil gur mar gheall ar gur tugadh go leor oibrithe cúrtha faoi dhintiúr nó ‘indentured’ i mBéarla Éireannacha ann i lár na 1600í—a bhuíochas leis an Uasal Cromwell a bhí sin, ár ndóighe.


Tá i bhfad níos mó i gceist lena gceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig ná an nasc sin le hÉirinn áfach. Is cosúil gurb é príomhchuspóir ná comóradh a dhéanamh ar éirí amach sclábhaithe a tharla ar an Márta 17, 1768. Ós rud é gur Éireannaigh iad go leor de na húinéirí sclábhaithe fosta, is oth liom a rá, roghnaigh na sclábhaithe Lá Fhéile Pádraig fá choinne a n-éirí amach mar go mbeadh aird na máistrí ar rud éigin eile an lá sin.


Is cosúil gur thiontaigh Montserrat an t-am uafásach seo ina stair go deis chun a stair agus a gcultúr a chomóradh agus a cheiliúradh. Tá ceiliúradh deich lá acu anois ar Lá Fhéile Pádraig agus na laethanta seo bíonn siad ag ceiliúradh a gcuid naisc Éireannacha, fiú ag tagairt dóibh féin mar ‘Oileán lathghlas na Cairibe’ Is domhan aisteach é, nach é?


Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in



  • White Facebook Icon

© 2025 by The Irish Voice

bottom of page