Mol achan duine agus tiocfadh siad
- Éimhín Ó Dunaigh

- Jun 26
- 3 min read

‘MOL an óige agus tiocfadh siad,’ sin a deir an seanfhocal i nGaeilge. Seanfhocal a d’úsáid mé anseo thart fán am seo anuraidh toisc go mbíonn sé ar m’intinn achan bliain agus muid ag ullmhú fá choinne Campa Samhraidh Chonradh na Gaeilge Glaschú. Thig linn an seanfhocal sin a úsáid i gcomhthéacs ar bith, is dócha, ach déarfainn go bhfuil sé ríthábhachtach nuair a táthar ag caint maidir le teanga, oidhreacht agus féiniúlacht.
Seo rud a bhíonn ar m’intinn go minic nuair a smaoiním ar stádas na Gaeilge agus ag caint ar stádas na Gaeilge bhí sé fíor-shuimiúil torthaí de An Suirbhé ar Dhearcthaí i Leith na Gaeilge 2025 a leamh ar na mallaibh—tháinig na torthaí amach an mhí seo caite fiú go ndearna an suirbhé anuraidh. Seo an chéad mórshuirbhé náisiúnta faoin Ghaeilge ó 2013.
Tá líon na ndaoine a bhfuil meon dearfach acu i leith na Gaeilge ag méadú i gcomparáid leis na torthaí ón suirbhé dheireanaigh dá leithéid a deineadh in 2013 agus tá an méadú seo le feiceáil ó dheas agus ó thuaidh.
Ní scéal dearfach ann go hiomlán áfach mar thaispeáin na torthaí fosta laghdú i líon na ndaoine atá líofacht sa teanga acu, ó Dheas ar scór ar bith. De réir an suirbhé tá 49% de dhaoine sa Phoblacht a dúirt go raibh líofacht éigin sa Ghaeilge acu agus 10% acu (go hiomlán) a dúirt go raibh ardlíofacht acu sa Ghaeilge. Chun comparáid a dhéanamh, 57% agus 14% na céatadán a bhí i gceist fá choinne an ceisteanna céanna sa suirbhé déanta dhá bhliain déag ar ais.
Ó Thuaidh bhí an figiúr céanna i 2013 agus 2025 ag rá go raibh líofacht éigín sa Ghaeilge acu—sin 17%.
Más laghdú atá tagtha ar chéatadán na ndaoine a deir go bhfuil líofacht éigin sa Ghaeilge acu, tá líon na ndaoine a deir go bhfuil siad ar son na teanga ag méadú—ó thuaidh agus ó dheas.
Tá tromlach an‑mhór—78%—a dúirt go raibh siad i bhfábhar na Gaeilge, i gcomparáid le 67% in 2013, sin ardú iontach mór, déarfainn féin ach rud nach gcuirfeadh iontas ar bith orm mar bíonn an casadh sin I meon na ndaoine ó thaobh na Gaeilge de, le feiceáil gach uile la, i mo thaithí ar scór ar bith, ach tuigim go mbím m chuid taithí féin measartha claonta maidir leis an Ghaeilge b’fhéidir.
Bhí sé an-deas ach go háirithe a fheiceáil go raibh ardú mór ar an mhéid duine ó thuaidh atá i bhfábhar na gaeilge—ó 45% i 2013 go dtí 55% anuraidh. Ní thiocfadh leat an buíochas uilig a thabhairt do Kneecap faoi sin, déarfainn, mar ní raibh an t-ardú seo le feiceáil i measc lucht Náisúnachas amháin, de réir an suirbhé.
Sin ráite, 32% de Chaitlicigh ó thuaidh a thug le fios sa suirbhé nua go raibh ar a laghad bunlíofacht sa Ghaeilge acu i gcomparáid le 4% de Phrotastúnaigh.
Dúirt níos mó daoine in 2025 go n-úsáideann siad an Ghaeilge gach lá ná mar a dúirt amhlaidh in 2013, sin pointe dearfach eile.
Sna leathanta seo, leathanta doracha in amanna, nach deas rud dearfach a fheiceail ó am go ham? Thaispeáin na torthaí ón tsuirbhe go dtiocfadh linn beagnach gach duine a spreagadh chun na Gaeilge—ta formhór acu ar son í cheana féin. Mar sin, seanfhocail nua dúinn: ‘Mol achan duine agus tiocfadh siad.’
Chun an óige in Albain a spreagadh chuig an Ghaeilge tá Conradh na Gaeilge Glaschú, thar a bheith sásta gur mbíonn muid in ann ár gCultúr Club seachtainiúil a chur ar fáil chomh maith lenár gCampa Samhraidh a bheidh ar siúl go luath.
Tá an club seo agus an campa dírithe ar pháistí in aois bunscoile. Tá sé mar aidhm ag an Chultúr Club, agus ag an Champa araon, gníomhaíochtaí spraíúla éagsúla a chur ar fáil mar ealaín, ceol, amhráin, damhsa, cluichí agus spórt do pháistí agus trí na gníomhaíochtaí seo cabhair a thabhairt dóibh roinnt Gaeilge a fhoghlaim ach fosta foghlaim faoi chultúr na hÉireann e.g. ár dtraidisiúin Shamhna nó ár spórt Gaelach.
Bíonn an Cultúr Club ar siúl go seachtainiúil ar an Domhnach 12.45-2.15pm, i Halla Naomh Colmcille i lár Gleann Ruadh. Faoin am a bheidh The Irish Voice na míosa seo foilsithe beidh muid críochnaithe fá choinne saoire an tsamhraidh ach beidh an Club ar ais arís i mí an Mheán Fómhair, níos fearr ná riamh.
Idir an dá linn, ná bí buartha, leanann an craic ar aghaidh mar beidh ár gCampa Samhraidh ar siúl ó Luan an 6ú Iúil go dtí Dé hAoine an 10ú, 10.30am -2.30pm, arís i Halla Naomh Colmcille i Gleann Ruadh. Bí i dteagmháil liom trí cnag_glaschu@hotmail.com nó 07866453708 thíos chuntuilleadh eolais a fháil agus chun clárú. Ní féidir linn fanacht leis an chraic ar fad!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in




Comments