Níl a fhios acu dada, mar is gnách
- Éimhín Ó Dunaigh
- 1 day ago
- 3 min read

BHUEL, a chairde, an mbeadh iontas ar bith oraibh dá mbeinn ag rá libh go bhfuil meancóg amaideach déanta ag Reform UK? Ní bheadh, is dócha, ach seans go mbeadh iontas ort go mbaineann a gcuid seafóid—an uair seo—leis an Ghaeilge. Cad é atá mé ag caint faoi? Bhuel, ar na mallaibh chuir Reform UK leasú chun cinn ar bhille atá ag dul trí pharlaimint an Riocht Aontaithe faoi láthair—nó a bhí ag dul fríd. ach níos mó faoi sin. Níos moille ‘Representation of the People Bill’ an t-ainm atá ar an bille seo, bille de chuid an rialtais.
Is píosa reachtaíochta é an bille seo—píosa mór, tábhachtach de réir gach duine—chun athchóiriú a dhéanamh ar dhlíthe toghcháin. Molann an bille atá rudaí mar shampla an aois vótála a ísliú go 16 do gach toghchán—rud atá in Albain cheana féin ár ndóighe—clárú uathoibríoch vótálaithe a thabhairt isteach, aitheantas vótálaithe inghlactha a leathnú, agus rialacha maoinithe feachtasaíochta a dhéanamh níos déine. Cuma maith ar na hathraithe sin, dearfainn, agus de réir mar a thuigim níl mórán conspóideach sa bhille seo, nó níl go dtí seo, go dtí gur chuir lucht Farage—namhaid mór de Chunta Binface, ná déanaigí dearmad—a ladar isteach sa scéal.
Sa leasú a chuir siad isteach—curtha isteach go díreach ó leascheannaire an pháirtí, Richard Tice, ach leasú a gach Feisire Parlaiminte de chuid an pháirtí a n-ainm leis—moltar ann go gcuirfí go ngearrfaí téarma príosúnachta ar pholaiteoirí a scaipfeadh ábhar toghcháin i dteangacha ar bith seachas i mBéarla nó i mBreatnais agus sna teangacha sin amháin.
Yep, léigh tú sin i gceart, téarma príosúnachta dé mbainfeá úsáid as teanga eile.
Seans go bhfuil tú ag smaoineamh faoi láthair ‘Fan soicind, nach bhfuil reachtaíocht sa Ríocht Aontaithe a thugann cosaint don Ghaeilge agus don Ghàidhlig, mar shampla?’ Bhuel, tá, ár ndóighe agus ní sin amháin, mar bheadh seo mar shárú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus, a léigh mé, ar dhá chonradh cearta daonna eile a bhaineann leis an aontú sin. Oh, sula ndéanfainn dearmad, bheadh ábhar toghcháin in Ultais mídhleathach de réir an leasú seo fosta. Déarfainn nach mbeadh a gcairde sa Thuaisceart sásta le sin b’fhéidir?
Nuair a tharraing nuachtáin aird ar an scéal, dúirt Reform nach raibh an Tuaisceart Éireann ná Albain, ná Gaeilge na hÉireann ná Gaidhlig na hAlban, i gceist sa leasú, ach baineann an reachtaíocht leis an Ríocht Aontaithe go léir. Mhaígh Reform UK gur tharla ‘meancóg riaracháin’ agus iad ag cur dréacht an leasú le chéile agus go bhfuil siad ag deisiú an meancóg seo anois. Seo an cineál saineolais pharlaimintigh a thig leat a cheannach le £5 milliún punt d'airgead crypto, is dócha.
Mar a tharlaíonn se, tháinig nuacht amach i ndiaidh seo seo go mb’fhéidir go gcuirfí moill ar an mbille go dtí mí Mheán Fómhair ar scór ar bith.
Is soiléir domh nár smaoinigh Reform UK ar an Ghaeilge na ar an Ghàidhlig mar, bhuel, is amadáin iad , daoine nach bhfuil dáiríre ar chor ar bith agus n il iontu ach dream a bhíonn ag iarraidh fadhbanna a réitigh ach na an dallamullóg a chur ar dhaoine agus airgead a saothrú as gcuid eagla. Mo náire iad!
Bhuel, sin barraíocht cainte ar na hamadáin sin, anois ag tiontú go rud dearfach, i mí Iúil beidh Conradh na Gaeilge Glaschú agus Grace’s Glasgow Irish Centre ag teacht le chéile chun deiseanna comhrá a thabhairt do foghlaimeoirí Gaeilge teacht le chéile i suíomh neamhfhoirmiúil. Ciorcal Cúpla Focal an t-ainm atá ar an tionscadal seo. Cosúil le PopUp Gaeltachtaí ní ann ach smaoineamh simplí—foghlaimeoirí Gaeilge ag méan-leibhéal nó meán íochtar ag teacht le chéile agus ag comhrá. Sin é!
An smaoineamh taobh thiar den tionscadal seo—b’fhéidir teideal ró-fhoirmiúil a chur ar na himeachtaí seo b’fhéidir—ná nach mbíonn mórán deiseanna ag foghlaimeoirí a bheith ag caint taobh amuigh de sheomraí ranga agus a leithéid. In amanna bíonn faitíos ar dhaoine teacht go PopUp Gaeltacht nó a leithéid toisc go smaoiníonn siad nach bhfuil go leor gaeilge acu—fiú nach mbíonn sin fíor. D’fhás an smaoineamh as an sampla a bhíonn le feiceáil i saol cheol traidisúnta, nuair a bhíonn seisiúin áirithe dírithe ar cheoltóirí atá ag foghlaim.
Mar sin bheadh fáilte roimh achan daoine teacht go Grace’s Glasgow Irish Centre gach Céadaoin i mí Iúil ó 7 a chlog . Gabh sa seans!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
