top of page

Seachtain cultúrtha, áthasach agus stairiúil

2 days ago
3 min read


BHUEL, a chairde, tá súil agam go raibh samhradh maith agaibh. Ceann measartha maith ó thaobh na haimsire de a bhí againn, nach raibh? ‘An rud is annamh is iontach’ mar a deirtear!


Buaicphointe an tsamhraidh a bhí agam ná Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste ag tús mí Lúnasa. Seans gur chuala sibh go leor faoin fhéile seo agus tá súil agam gur chuala agus go raibh go leor tuairisciú sna meáin anseo in Albain agus Breatain agus bhí sé soiléir go raibh seachtain dochreidte ann.


Ba é an ceiliúradh ar chultúr na hÉireann dá bhfaca mé riamh. Bhí ag Fleadh Cheoil na hÉireann trí uaire roimhe seo, i nDroichead Átha agus an Muileann gCearr agus thaitin siad go mór mór liom—bhí atmaisfeár ár ndóighe iontu—ach ba rud difriúil agus ar leibhéal eile arís í an Fhleadh i mBéal Feirste agus sin fá choinne go leor fáthanna.


An chéad rud ná gur cathair í Béal Feirste le níos mó na 300 míle daoine inti agus daoináireamh thart fá 700 míle ina ceantar uirbeach. Is bailte iad Droichead Átha agus An Muileann gCearr agus na háiteanna eile ina mbíonn Fleadh Cheoil na hÉireann de ghnáth, agus fiú gurb é Droichead Átha an baile i mó in Éirinn mar comparáid le Béal Feirste níl ach 44 míle daoine inti agus sa Mhuileann gCearr agus Baile Loch Garman—an áit ina raibh an Fhleadh anuraidh agus arú anuraidh—níl iontu ach daonáireamh thart fá 22 míle acu. Mar sin is rud go hiomlán difriúil í Fleadh i gcathair mar Bhéal Feirste ná baile agus tá a fhios agam go raibh daoine buartha faoi sin. An mbeidh an cathair ró-mhór fá choinne an Fhleadh?


Sna bailte ina a mbionn an Fhleadh glacann sí ‘seilbh’ go hiomlán ar an bhaile. An mbeadh sí cineál ‘caillte’ i gcathair? Ní raibh sí ar chor ar bith mar a tharla sé. Bhí an Ceathrú na hArd-Eaglaise druidte do charranna agus mar sin bhí daoine agus ceol ar fud na sráideanna i mbealach chomh deas.


Cúis imní eile a bhí ar ndaoine, agus ceann measartha dáiríre, nuair a bhí Béal Feirste luaite ar dtús mar áit óstach ná an t-ábhar buartha go mbeadh leath don chathair, leath don phobail—‘an taobh eile’—i gcoinne na fleidhe agus cuid acu go hiomlán ina gcoinne. An mbeadh daoine sábháilte chun dul chuig an Fhleadh? Seans go bhfuil cuma seafóideach ar cheisteanna mar sin anois ach níl aon dabht ach go raibh daoine buartha faoi seo agus nár rud amaideach é a bheith ag smaoineamh mar sin ach rinne eagraithe na fleidhe—Comhaltas Ceoltóirí Éireann, an Comhairle Cathrach agus eile—obair na gcapall chun fáilte a chur roimh an phobal Aontachtach páirt a ghlacadh sa Fhleadh agus bhí sé soiléir ón tuairisciú a bhí sna meáin agus ó gach rud ar na meáin shóisialta gur éirigh go h-uile is go h-iomlán leis an obair sin.


Sin an rud, tá sé deacair an t-atmaisfeár a chur trasna anseo ach bhí sé chomh dearfach, chomh lúcháireach, aoibh gháire ar gach aghaidh. Chun an fhírinne a rá bhí mé lán le mothúcháin agus mé ag siúil thart na cathrach. Bhí mé ag smaoineamh ar na Trioblóidi agus an dul chun cinn ón am sin sa Tuaisceart go raibh feile mar sin ar siúl i mBéal Feirste. Bhí sé fíor-thábhachtach fosta go raibh rud chomh Gaelach, chomh Éireannach ar siúl sa Tuaisceart—is rómhinic a bhíonn daoine sa Deisceart ag smaoineamh ar an Tuaisceart mar ‘áit eile.’


Táim ag súil go mór cheana féin leis an Fhleadh ar ais i mBéal Feirste i 2027. Mholfainn go hard daoibh dul!


Más mian leat do cheangal leis an Ghaeilge a mhúscailt—nó a athmhúscailt—beidh neart deiseanna agat anois, i ndiadh sos an tsamhraidh, chun an Ghaeilge a úsáid agus a fhoghlaim in Albain. Tosaíonn ranganna seachtainiúla, ag 4 leibhéal, do dhaoine fásta i nGlaschú Dé Aoine 4ú Meán Fómhair ó a 7 a chlog i Govanhill Neighbourhood Centre agus beidh rang eile le fáil ar líne ag toiseacht níos moille sa mhí.


Beidh an grúpa amhránaithe, Ceoltóirí Chonradh na Gaeilge, ag bualadh le chéile arís i nGovanhill gach Dé Luain ag a 7 chun amhráin i nGaeilge a fhoghlaim ón 7ú Méan Fómhair.


Fá choinne na páistí beidh an Cúltúr Club tosú ar ais i mí Mheán Fómhair fosta. Bíonn ciorcal comhrá i nDún Éideann agus PopUp Gaeltacht i nGlaschú & Dún Éideann gach mí fosta.


Tá fáilte roimh chách ag na himeachtaí seo go léir—bain leas as an deis agus bí páirteach iontu. Déan teagmháil linn ag na sonraí thíos chun tuilleadh eolais a fháil.


Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in



Comments


Commenting on this post isn't available anymore. Contact the site owner for more info.
  • White Facebook Icon

© 2025 by The Irish Voice

bottom of page