top of page

An iad Kneecap an scéal, i ndáiríre?


BHUEL, a chairde, agus mé ag scríobh i nGaeilge, is dócha nach dtig liom gan rud a rá faoi Kneecap agus an nuacht/chonspóid is déanaí atá ag leanúint thart orthu na laethanta seo. Tá siad faoi imscrúdú ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Ríocht Aontaithe anois, creid e nó ná creid de bharr físeáin a thaispeánann baill den ghrúpa ag déanamh ráitis chonspóideacha ag ceolchoirmeacha, i Sasana, anuraidh agus arú anuraidh.


Tá roinnt polaiteoirí—sciath chosanta deireanach de mhoráltacht poiblí, ár ndóighe—agus an seandream céanna, ag éileamh go gcuirfí cosc ar an ghrúpa ó bheith ag seinm ag féilte móra i mBreatain, mar shampla Glastonbury.


D’fhás an conspóid seo amach i Meiriceá áfach, as a dtaispeántais ag an fhéile ardcháiliúil Coachella, i gCalifornia, i mí Aibreáin. D’úsáid siad scáileáin mhóra chun teachtaireachtaí láidre polaitiúla a chur in iúl, ag cáineadh Iosrael agus ag tacú le saoirse na Palaistíne. Bíonn siad láidir ar an cheist seo i gcónaí agus tá neart ráite acu faoi thar na blianta agus moladh tuilte agat faoi sin, déarfainn. Bhuel, agus iad ag déanamh sin, thiocfadh leat a rá go chuir siad iad féin ‘sa bhearna bhaoil.’


Mar thoradh air seo, mar a bheifeá ag súil leis sa saol mar atá sé faoi láthair faraor, tá cáineadh géar tagtha ó phearsana poiblí ach bfhéidir nach mbeifeá ag súil le Sharon Osbourne a bheadh mar cheann acu. Sin mar atá cúrsaí na laethanta seo, caithfidh muid éisteacht le barúlacha Sharon damanta Osbourne? Oh a tiarna, ní maith lim an ‘am-líne’ seo! D’iarr sí go mbainfí víosaí oibre de chuid Kneecap sna Stáit Aontaithe. Seans go dtarlóidh sin fós, dearfainn, agus tá camchuairt eagraithe acu sna Stáit Aontaithe san fhómhair.


Mar sin féin, tá an chonspóid fós ag dul i bhfeidhm ar a gcuid léirithe, agus tá roinnt feilte agus ionadaí tar éis a gcuid gigeanna a chur ar ceal—i Meiriceá, sa RA agus sa Ghearmáin—ach fosta ag an am céanna tá méadú mór i ndiaidh teacht ar a gcuid éisteoiri ar Spotify agus tá ceolchoirmeacha úra dá gcuid, eagraithe in ait cinn a bhí curtha ar ceal, díolta amach. Níl aon drochphoiblíocht, mar a deirtear, is dócha.


Mo bharúil féin faoin achrann uilig? Bhuel, deirimse go dtig le dhá rud a bheith fíor anseo ag an am céanna.


An chéad rud ná creidim go bhfuil an ceart iomlán acu a rá go bhfuil ionsaí polaitiúil d’aon ghnó á dhéanamh orthu mar gheall ar a gcuid tuairimí faoi Iosrael agus An Phalaistín. Tá an rud céanna ráite ag roinnt daoine eile m.s na 40+ ceoltóirí agus grúpaí cheoil a shínigh litir ag tabhairt tacaíocht dóibh. Chuirfeadh an feachtas clúmhillte seo déistin ort.


Sin ráite, bhí na rudaí a dúirt siad sna físeáin a tháinig amach—faoin Feisirí (MPs), Hamas agus Hezbollah, go hiomlán mícheart, i mo bharúil. Tuigim ag an am céanna go ndeachaigh a gcuid naimhde fríd gach uile rud fúthu chun teacht ar eolas a dhéanfadh dochar dóibh agus is soiléir nach raibh mórán le fáil. Fosta, tuigim gur ráitis míchúramacha iad seo agus creidim nach dtaispeánann siad fíor-bharúlacha an grúpa ach fós féin bhí díomá orm nach raibh an ráiteas a d’eisigh siad níos láidre ar an phointe gur meancóga a bhí déanta acu.


Ghabh siad a leithscéal le teaghlaigh na feisirí a dúnmharaíodh—mar is ceart—ag rá nach raibh sé riamh mar aidhm acu foréigean a spreagadh. Creidim iad ach dearfainn go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh siad ag rá go soiléir ‘rinne muid meancóga, tá bron orainn’ agus ansin ag leanúint leis an cuid eile a bhí á rá acu an ráiteas—an cuid is tábhachtaí dár liom—ní Kneecap an nuacht nó an scéal tábhachtach anseo, is é an cinedhíothú i Gaza.


Nach bhfuil sé díreach seafóideach go ceist é sin fiú nó barúil conspóideach é sin i mbealach ar bith. Chuala agus chonaic mé go leor daoine dá gceistiú go trom agus thig liom a rá go dtuigim sin i ndiaidh an méid a bhí sna físeáin sin agus ghlacfainn le sin go pointe ach an bhfuil an ceistiú céanna ar siúl faoin sléacht sa Mheán Oirthear? Déarfainn nach bhfuil agus nach náireach sin.


Tá ceachtanna le foghlaim ag Kneecap, b’fhéidir, agus déarfainn go bhfuil ceann foghlamtha acu anois faoin bhealach a bhíonn na mheáin ag obair, ach tá rudaí i bhfad níos measa ar siúl, níl dabht ar bith faoi sin.


Beidh Campa Samhraidh Chonradh na Gaeilge Glaschú ar siúl arís i mí Iúil. Tá an Campa seo dírithe ar pháistí in aois bunscoile.


Tá sé mar aidhm ag an Champa, agus ag a gCultúr Club seachtainiúil araon, gníomhaíochtaí spraíúla éagsúla a chur ar fáil mar ealaín, ceol, amhráin, damhsa, cluichí agus spórt do pháistí agus trí na gníomhaíochtaí seo cabhair a thabhairt dóibh roinnt Gaeilge a fhoghlaim ach fosta foghlaim faoi chultúr na hÉireann m.s. laochra mar Gráinne Mhaol nó ár spóirt Gaelach.


Beidh an Campa Samhraidh ar siúl ó Luan an 7ú Iúil go dtí Dé hAoine an 11ú, 10.30-2.30, arís i Halla Naomh Colmcille i lár Gleann Ruadh. Thig leat clárú ar Eventbrite nó chifidh tú na sonraí teagmhála thíos chun tuilleadh eolais a fháil agus chun clárú. Ní féidir linn fanacht leis an chraic ar fad.


Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in



Comments


Commenting on this post isn't available anymore. Contact the site owner for more info.
  • White Facebook Icon

© 2025 by The Irish Voice

bottom of page