top of page

Gaeltacht grianmhar an oirdheisceart

Updated: 6 days ago


BEIDH Cór na Deise ag teacht go Glaschú I mí na Bealtaine chun ceolchoirm a dheanamh Dé Sathairn an 10ú I Garnethill Multicultural Centre, I lár na cathrach—ceardlann amhránaíocht a dhéanamh níos luaith an lá céanna. Thig libh ticéid a fháil ó Eventbrite nó ar an doras ar an oíche—tosóidh an ceolchoirm ag 7.30in.


Ta muid ag súil go mór le fáilte a chur roimh an cór cáiliúil seo go Glaschú agus muid ag ullmhú don cheolchoirm seo thosaigh mé ag smaoineamh nach raibh mórán cur amach agam ar Ghaeltacht na nDéise , áit as a dtagann Cór na Déise. Fiú go raibh mé ar saoire fadó fadó i mBun Machan, sráidbhaile beag galánta i gcontae Port Láirge, ar taobh eile de Dhún Garbhán ó Ghaeltacht na Deise.


Nuair a bhím féin, agus is dócha cuid mhaith de dhaoine, ag smaoineamh faoi na Gaeltachtaí bíonn muid, sílim féin, ag smaoineamh faoi na cinn i nDún na nGall, Ciarraí, Corcaigh nó i nGaillimh —is iadsan na Gaeltachtaí is mó. Chun a bheith cinnte, is ceantar í Gaeltacht—áit ina aonar nó i dteannta a chéile—ina n-aithníonn rialtas na hÉireann gurb í an Ghaeilge príomhtheanga nó teanga an tí.


Ní raibh an t-ainm ceart agam ar an gaeltacht seo fiú. Gaeltacht an Rinne (nó ‘Ring Gaeltacht’ i mBéarla) an t-ainm a shíl mise a bhí ar an ceantar Gaeltachta seo chun an fhirinne a rá ach ní raibh an ceart agam ar chor ar bith. Gaeltacht an Déise an t-ainm ceart.


Mar nóta—mar ní raibh seo ar eolas agam fosta —ba treibh iad na Déise a tháinig síos ó Chill Dara thart fan 5ú aois go dtí an áit ina bhfuil Port Láirge ann anois agus sa lá atá inniu ann cloistear ‘Na Deise’ go minic mar sórt leasainm, fiú i mBéarla, ar Chontae Phort Láirge, go háirithe i gcomhthéacs faoi foirne Cumann Lúthchleas Gaeil ón chontae.


Mar nóta eile, is foirm ghalldaithe é ‘Ring’ a thagann ón fhocal ‘rínn,’ focal a chiallaíonn ceann tíre nó ‘headland’ i mBéarla.


Is é Gaeltacht na Deise an t-aon Ghaeltacht in oirdheisceart na tíre agus ó thaobh daonra de, an ceann is lú, le thart fá 2000 daoine ann ach bhí sé ar cheann den líon beag Gaeltachtaí a chonaic méadú ar líon an cainteoirí Gaeilge ann sa daonáireamh i 2016.


Labhraítear Gaoluinn na nDéise ann, leagan Phort Láirge de chanúint Ghaeilge na Mumhan. Sin rud eile nár thuig mé go dtí le gairid—bhuel b’fhéidir 10 mbliana ó shín—gur Gaoluinn, in ait ‘Gaeilge,’ an t-ainm a úsáidtear fa choinne an teanga i gcúige Mumhan. Ní thig linn aontú ar ainm an teanga fiú, dochreidte!


Ag léamh faoi is soiléir go bhfuil an Gaeltacht ann láidir go leor, fiú go bhfuil sé beag, le thart a 1% den daonra na nGaeltachtaí ina gcónaí ann. Dé réir taighde tá Gaeilge ag thart fá 90% den daonra. Cuirtear an t-oideachas ar fad ar fáil trí mheán na Gaeilge ár ndóighe.


Rud suimiúil a bhí mé ag léamh faoi, agus tá seo le feiceáil anois sna Gaeltachtaí uilig de réir mar a thuigim, ná go bhfuil stádas oifigiúil ag na logainmneacha i nGaeilge amháin ó 2005 ar aghaidh. Mar sin, níl foirm ghalldaithe logainmneacha na mbailte agus na sráidbhailte Gaeltachta le feiceáil ar chomharthaí oifigiúla a thuilleadh, agus is iad na hainmneacha Gaeilge amháin atá le feiceáil. Bím ag gearán—nó ag rámhaille agus ag clamhsán thig leat a rá—faoi na logainmneacha i m Béarla in Éirinn go minic agus mar sin d’ardaigh sé mo chroí seo a léamh. Ba chomh go bhfuil seo le feiceáil níos forleithne, dár liom. Is dócha go bhfuil seo feicthe ag cuid mhaith agaibh agus sibh ar saoire i nGaeltachtaí Dhún na nGall thar na blianta. Is é Gaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall an paróiste Gaeltachta is mó in Éirinn, ár ndóighe.


Is cinnte go bhfuil go leor a thig leat a rá faoi na Gaeltachtaí; stádas na Gaeilge iontu, easpa tacaíocht a fhaigheann siad agus araile ach sílim gur sin rud fa choinne alt eile am éigean eile.


Faoi láthair, mar a dúirt mé, táim ag súil go mór le Cór na Deise a fheiceáil i nGlaschú, blaiseadh beag den Ghaoluinn a chloisteáil chomh maith le ceol agus amhráin den chéad scoth. Ta suil agam go mbeidh muid libh ar an 10ú Bealtaine chun fáilte ceart Glaschú a thabhairt dóibh. Seans go dtugann siad cuid den aimsir ón oirdheisceart grianmhar leo go Glaschú—níl a fhios agat!


Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in



Comments


Commenting on this post isn't available anymore. Contact the site owner for more info.
  • White Facebook Icon

© 2025 by The Irish Voice

bottom of page